Oifigeach Feidhmiúcháin – Institiúid Ailse na Tríonóide-San Séamas

Soláthróidh sealbhóir an phoist tacaíocht riaracháin do cholúin Taighde agus Oideachais Institiúid Ailse na Tríonóide-San Séamas.

Teideal an Phoist – Oifigeach Feidhmiúcháin – Institiúid Ailse na Tríonóide-San Séamas

Dáta deiridh – 25 Feabhra 2025 ag meán lae

Achoimre ar an bPost:

Déanann Institiúid Ailse na Tríonóide-San Séamas comhtháthú ar an traidisiún fada de chúram cuimsitheach ailse den scoth a chuirtear ar fáil ar an gcampas sláinte acadúil is mó in Éirinn in Ospidéal San Séamais i lár Bhaile Átha Cliath, le sármhaitheas taighde agus oideachais Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, príomhollscoil na hÉireann. Is é uaillmhian Institiúid Ailse na Tríonóide-San Séamas ionad cuimsitheach ailse a fhorbairt, ceannaireacht agus seirbhís náisiúnta a sholáthar do thaighde géanómaíochta agus imdhíoneolaíochta, teacht chun bheith ina hinstitiúid idirnáisiúnta cheannródaíoch do thaighde aistritheach ailse, agus trína struchtúr agus líonra comhoibrithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, a bheith ina caighdeánbhratach d’Éirinn go hidirnáisiúnta. Soláthróidh sealbhóir an phoist tacaíocht riaracháin do cholúin Taighde agus Oideachais Institiúid Ailse na Tríonóide-San Séamas.

 

Stádas an Phoist: Conradh Sainchuspóra

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ANSEO