Treoir faoin Ardteist foilsithe agus fainic curtha ar thuismitheoirí gan brú ná mealladh a dhéanamh

Beidh cosaint ag múinteoirí agus bainisteoirí scoile ar aon chás dlí a d’fhéadfadh dalta nó tuismitheoirí míshásta a thionscnamh ina gcoinne

Treoir faoin Ardteist foilsithe agus fainic curtha ar thuismitheoirí gan brú ná mealladh a dhéanamh

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Aon tuismitheoir a dhéanfas iarracht dul i gcion ar mhúinteoir maidir le grádanna measta a gclainne le brú nó le canbhasáil, cuirfear tuairisc faoina n-iompar chuig an Roinn Oideachais.

Sin cuid dá bhfuil ráite sna treoirlínte faoin Ardteist atá eisithe chuig iarbhunscoileanna.

Deirtear le múinteoirí sa cháipéis 40 leathanach gan aon phlé a dhéanamh in aon chor le daoine faoi aon ábhar a bhaineann le dalta ná leis an bpróiseas.

Iarrtar orthu taifead a choinneáil d’aon teagmháil a leantar ar aghaidh léi agus ainm an duine a scríobh síos agus a thabhairt don scoil agus caithfidh an príomhoide an t-eolas a chur chuig an Roinn.

Beidh cosaint ag múinteoirí agus bainisteoirí scoile ar aon chás dlí a d’fhéadfadh dalta nó tuismitheoirí míshásta a thionscnamh ina gcoinne.

Tá an chosaint sin acu toisc iad a bheith ag gníomhú mar is cuí thar ceann an Stáit, a deirtear.

Ach caithfidh siad comhoibriú leis an Stát má bhíonn cás le cosaint i gcúirt dlí agus a thaispeáint gur cloíodh go docht leis na treoirlínte.

Maítear go bhfuil comhaontú ó cheardchumainn na múinteoirí agus eagraíochtaí na mbainisteoirí scoile faoin gcáipéis agus deirtear inti nach ceadmhach do thuismitheoir, caomhnóir ná dalta spreagadh, brú, tionchar ná iallach a chur ar mhúinteoirí ná ar an scoil agus nach féidir leo cur isteach ar an múnla nua measúnaithe.

Leagtar amach go mion an cur chuige a gcaithfidh múinteoirí agus príomhoidí cloí leis agus iad ag déanamh cinntí faoi thorthaí a ndaltaí don Ardteist.

Leagtar amach sna treoirlínte an prótacal is cóir a leanacht sa chás go mbeadh aon tuismitheoir, caomhnóir nó dalta ag déanamh aon stocaireacht.

Mar chosaint bhreise, caithfidh an príomhoide a dheimhniú leis an Roinn gur thángthas ar an measúnú don dalta sa chás sin go cuí agus go neamhspleách.

Faoin bpróiseas measúnaithe i mbliana, tabharfaidh scoil marc agus a ionad in ord fiúntais do dhalta. San aonad nua sa Roinn Oideachais, an oifig feidhmiúcháin, a dhéanfar grád ríofa de na sonraí sin.

Tugtar treoir sa cháipéis sa chás go mbeadh coimhlint leasa i gceist – múinteoir a mhúineann duine dá clann – agus na bearta breise a bheidh i gceist i gcás dá réir.

Caithfidh na múinteoirí an choimhlint leasa sin a chur in iúl don phríomhoide agus mura bhfuil aon mhúinteoir eile ag plé leis an ábhar sin sa scoil ní mór don phríomhoide cúnta na marcanna sin a shíniú.

Cuirfidh daltaí in iúl ar thairseach ar líne pé acu ag Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal is mian leo an measúnú. Iarrtar ar na múinteoirí grád measta a chur ar fáil do gach dalta atá acu, ach beidh deis ag na daltaí níos déanaí glacadh leo nó scrúdú scríofa a roghnú.

Maidir le scrúduithe macasamhla a rinne na daltaí san earrach, deirtear nár mhór cuimhneamh go marcáiltear cuid díobh sin go bog agus cuid díobh an-dian.

Deirtear go gcaithfidh múinteoir a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid agus na sonraí sin a bheith ar fáil, ach gan a bheith faoina smacht agus an measúnú á dhéanamh.

Ní ceadmhach ach an obair a rinne dalta roimh an 12 Márta a chur san áireamh agus an measúnú á dhéanamh. Is féidir aon obair chúrsa a raibh dalta ag obair air do Choimisiún na Scrúduithe a chur san áireamh.

Iarrtar ar na scoileanna an “meastachán is fearr” a chur ar fáil don mharc “is dóichí” a gheobhadh an dalta sin seachas an marc a bheadh sé ag súil leis ach “lá maith” a bheith aige.

Iarrtar ar mhúinteoirí a bheith san airdeall ar ‘claontacht neamh-chomhfhiosach’ amhail cúlra socheacnamaíochta nó teaghlaigh dalta.

Deirtear sa cháipéis go gcuirfear oiliúint ar fáil do mhúinteoirí agus do scoileanna maidir leis an bpróiseas nua agus gan tabhairt faoin measúnú go fóill.

Fág freagra ar 'Treoir faoin Ardteist foilsithe agus fainic curtha ar thuismitheoirí gan brú ná mealladh a dhéanamh'