Torthaí níos fearr sa Bhéarla san Ardteist ag daltaí scoileanna lán-Ghaeilge

Is mó daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna táillí a dhéanann scrúdú ardleibhéil an Bhéarla

Torthaí níos fearr sa Bhéarla san Ardteist ag daltaí scoileanna lán-Ghaeilge

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Déanann níos mó daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge an scrúdú ardleibhéil sa Bhéarla ná mar a dhéanann i scoileanna eile agus is fearr a éiríonn le daltaí na scoileanna Gaeilge sa scrúdú céanna.

Deirtear i dtuarascáil taighde nua an ESRI faoi thionchar chóras nua grádaithe na hArdteiste, gur mó daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna táillí a dhéanann scrúdú ardleibhéil an Bhéarla ná i scoileanna DEIS, scoileanna ETB, scoileanna pobail agus cuimsitheacha agus scoileanna ina bhfuil níos lú ná 300 dalta.

De réir an taighde, is in olcas a chuaigh na gráid sa Bhéarla ardleibhéil a fuair daltaí ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste agus daltaí ó scoileanna ETB, pobail agus cuimsitheacha in 2016 agus 2017, ach b’amhlaidh gur tháinig feabhas beag ar na gráid i scoileanna lán-Ghaeilge.

Ar an iomlán, murab ionann agus scoileanna eile, ní raibh aon titim ar líon na n-ardghrád i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna an-mhór.

Deirtear sa tuarascáil a rinne an ESRI don NCCA gur mó daltaí a dhéanann cúrsaí ardleibhéil don Ardteist i scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna táillí, scoileanna nach scoileanna faoi mhíbhuntáiste iad agus i scoileanna a bhfuil níos mó ná 500 dalta ag freastal orthu.

Sna scoileanna lán-Ghaeilge ab ísle a bhfuair daltaí Ardteiste pointí iontu roimhe sin, murab ionann agus scoileanna eile, is i bhfeabhas a chuaigh na gráid iontu ó 2016 go dtí 2017.

Cé go raibh titim ar líon na bpointí a fuarthas sna scoileanna ab airde a bhfuair daltaí pointí iontu, ba lú an titim sin i gcás scoileanna lán-Ghaeilge agus ní raibh aon titim i scoileanna ina raibh breis is 500 dalta.

Deirtear sa tuarascáil gur cheart a chur san áireamh nach bhfuil oiread sin mioneolais sa taighde faoi chúlra socheacnamaíochta na ndaltaí agus nár cheart dá réir róbhéim a leagan ar an tionchar a bhíonn ag freastal ar chineál áirithe scoile ar thorthaí dalta, cheal an t-eolas sin a chur san áireamh.

Fág freagra ar 'Torthaí níos fearr sa Bhéarla san Ardteist ag daltaí scoileanna lán-Ghaeilge'