Toni Morrison – ‘Scríobh mé an chéad leabhar toisc gurbh fhacthas dom nárbh ann dá leithéid’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tháinig cathú ar ár gcolúnaí an tseachtain seo toisc gur lig sé do thuairim amháin faoi chúrsaí scríbhneoireachta nár aontaigh sé léi teacht idir é agus saothar dhuine de mhórscríbhneoirí ár linne

Toni Morrison – ‘Scríobh mé an chéad leabhar toisc gurbh fhacthas dom nárbh ann dá leithéid’

Toni Morrison. Le Robert McCurdy

Tá Toni Morrison ar lár, trócaire uirthi. Tháinig cathú orm nuair a chuala mé scéala a báis – cathú nár léigh mé oiread agus ceann dá cuid úrscéalta go fóill, cé go bhfuil sé i gceist agam le fada ceann acu a léamh. 

Bíodh sin mar atá, tá cur amach éigin agam ar dhearcthaí Morrison ar chúrsaí pinn; eagarthóir liteartha agus teagascóir scríbhneoireachta a bhí i Morrison chomh maith le scríbhneoir agus ní haon ionadh é go bhfuil fáil fhorleathan ar a tuairimí faoin scríbhneoireacht i roinnt mhaith leabhar faoin gceird.

Agus má bhím go hiomlán ionraic liom féin, d’fhéadfadh sé go bhfuil baint ag ceann de na tuairimí sin leis an drogall a bhí orm go dtí seo tabhairt faoi shaothar Morrison. 

‘I never use anyone I know,’ a mhaígh Morrison maidir le teacht chun cinn a cuid carachtar ficsin. ‘I really am very conscientious about that. It’s never based on anyone… Making a little life for oneself by scavenging other people’s lives is a big question, and it does have moral and ethical implications.’

Ní aontaím leis an tuairim sin agus go deimhin cuireann sí cantal orm mar gheis. Is cinnte go mbaineann impleachtaí morálta agus eiticiúla le déantús carachtar ficsin, ach má dhéantar i gceart agus go coinsiasach é, ní dóigh liom go bhfuil rud ar bith mícheart leis an nós atá á chleachtadh le cuimhne na ndaoine ag na sluaite scríbhneoirí: carachtair fhicseanúla a bhunú ar mheascán daoine ón bhfíorshaol. Dála an scéil, ag caint ar an eitic agus ar dhéantús carachtar ficsin, ritheann frása liom ó shaoi scríbhneoireachta eile as Meiriceá, Anne Lamott: ‘You own everything that happened to you. If people wanted you to write warmly about them, they should have behaved better.’

Tharlódh nach ‘making a little life for oneself by scavenging other people’s lives’ a bheadh ar bun ag scríbhneoir a bhunódh carachtar ficsin ar dhuine ón bhfíorshaol, ach iarracht a shaol féin a tharrtháil.

Sin ar fad ráite, ar ndóigh níl sé féaráilte an t-eiteach a thabhairt do shaothar scríbhneora mar gheall ar thuairim amháin nach n-aontófá léi. Agus go deimhin is le Toni Morrison an chomhairle is fearr agus is bunúsaí dár chuala mé riamh, seans, faoi chúrsaí scríbhneoireachta: ‘If there’s a book that you want to read, but it hasn’t been written yet, then you must write it.’

‘I only wrote the first book because I thought it wasn’t there,’ a deireadh sí.

Tá sé thar am agam an leabhar sin, The Bluest Eye, a léamh.

Fág freagra ar 'Toni Morrison – ‘Scríobh mé an chéad leabhar toisc gurbh fhacthas dom nárbh ann dá leithéid’'

  • Ruth

    Murach mo chéad bhliain ollscoile, ní bheadh Toni Morrison léite agam féin. Ach ó tharla a céad leabhar léite, choinnigh mé orm is lorg a leabhair eile. D’aontóinn leat nach féidir leis an scríbhneoir gan tarraint ón domhain mórthimpeall air nó uirthi ach táim sásta sin a mhaitheadh don duine daonna nach bhfuil gan locht, buíochas le Dia pé acu é, í nó iad. Agus molaim duit a saothar ficsin a léamh.