Tógadh an Astráil ar mhuin na caorach? Cacamas! Tógadh í ar mhuin dhubh na mbundúchasach…

Is mó ná scannán é ‘Sweet Country’ agus beifear buíoch dá stiúrthóir ach a dtiocfaidh lá na mbundúchasach faoi dheireadh

Tógadh an Astráil ar mhuin na caorach? Cacamas! Tógadh í ar mhuin dhubh na mbundúchasach…

‘Sweet Country’, le Warwick Thornton (2017)

Cliar: Hamilton Morris – ‘Sam Kelly’; Natassia Gorey-Furber – ‘Lizzie’, bean chéile Sam Kelly; Sam Neill – ‘Fred Smith’; Bryan Brown – ‘Sergeant Fletcher’; Ewan Leslie – ‘Harry Marsh’.

‘Cloisim go minic gur ar mhuin na caorach a tógadh an Astráil. Cacamas! Tógadh an Astráil ar mhuin dhubh na mbundúchasach.’ (Warwick Thornton, 2018)

Breitheamh: ‘Why did you run away?’

Sam Kelly: (déanta na fírinne) ‘I killed a Whitefella.’

1929, ar an iargúil i gCríocha an Tuaiscirt. Tá Sam Kelly (Hamilton Morris) agus Lizzie Kelly (Natassia Gorey-Furber), bundúchasaigh, i lár baill na hinsinte ón tús. Rud neamhghnách ann féin, ach is scannán neamhghnách é Sweet Country.

Tá Sam agus Lizzie ag obair don seanmóirí tuata Fred Smith (Sam Neill), fear cóir a thugann grá agus urraim Chríostaí dóibh. ‘We’re all equal here in the eyes of the Lord,’ ar seisean, nuair a iarrann Harry Marsh (Ewen Leslie), comharsa leis, a chuid ‘blackstock’ (sic) ar iasacht air ar feadh dhá lá.

Iarshaighdiúir alcólach ón gCogadh Mór, éigníonn Marsh Lizzie bhocht fá choim agus a fear Sam ag socrú cró na n-eallach lasmuigh dá máistir sealadach. Bhain tost Lizzie le linn an ionsaithe siar asam go mór. ‘You tell your husband about this and I’ll skin him,’ arsa Marsh. Tuigeadh ansin dom. Rómhaith a thuig Lizzie, a sinsear mná roimpi agus sliocht a sleachta baineann ó shin, gan dabht, praghas a marthanachta, costas a ndíchumhachtaithe, luach marfach a dtosta.

Agus é as a mheabhair leis an ól ar ball, paranóia agus neamhord struis iarthrámaigh á rialú, ar chúis eile ar fad, tugann Marsh ruathar faoi theach Sam, beaignit i bhfearas aige. ‘I’m in charge of this regiment,’ ar seisean. Chun é féin a chosaint, maraíonn Sam é. Tugann Sam agus Lizzie aghaidh ar an ngaineamhlach fá dhéin thearmann Dhál na dTreibheanna. Ní fada taobh thiar díobh an possé faoi cheannas Sergeant Fletcher (Bryan Brown), iarshaighdiúir seanbhruite, fear crua atá tiomanta don rud ‘ceart’ a dhéanamh agus díoltas na croiche a imirt ar Sam. Téann an seanmóirí Fred Smith leo chun srian a chur ar mhianta chipe Fletcher – ‘to see that Sam comes back alive’.

D’aon turas a fhágann Thornton an líne doiléir idir lucht na córa agus lucht na coire. Tá an dlí ar thaobh Fletcher, ach tá an ceart ar thaobh Sam. Ní róléir dúinn mianta Fletcher. An bhfuil sé i gceist aige Sam a thabhairt chun trialach, nó ‘cóir achomair na ngarbhchríoch’ a imirt air? Iarshaighdiúir é Fletcher, thláthaigh comrádaíocht na Dardannelles le Marsh é. Ní duine gan taise é, áfach. Tá gaol guagach aige le Nell (Anni Finsterer) óstaí an ‘Henry Hotel’, raingléis de shalún nach mbeadh as áit laistíos de Dodge City nó lastuaidh den Klondyke féin. 

Breitheamh: ‘Did Harry Marsh force himself on your wife?’

Sam Kelly: (Tost dínite. Ní chuirfeadh sé le náire Lizzie a truailliú a

dhearbhú os comhair an phobail, fiú dá gcuideodh sin leis a mhuineál féin a

thabhairt slán.)

Tá Warwick Thornton ró-oilte agus róchliste chun idéalú a dhéanamh ar an gcine bundúchasach trí chéile. Taispeántar an mhaith, an t-olc agus an dona sa scéal seo agus a lán idir eatarthu.

Is suimiúil liom gur cara óna óige in Alice Springs a tháinig ar an scéal céanna, é bunaithe ar eachtra a bhain dá sheanathair. Tá Sweet Country fréamhaithe, más ea, i miotaseolaíocht an chine dhuibh Astrálaigh, é láraithe in eispéiris choitianta na mbundúchasach, baiste in ola bheannaithe Ré an Tuismidh, an ‘Dreamtime’. Beannaithe gurb é Warwick Thornton a bhí ar an stiúir.

Bundúchasach é Thornton a tógadh ar chúlsráideanna suaracha Alice Springs. Is leis agus lena mhuintir Dál na dTreibheanna, tailte oidhreachta naofa na sinsear. Ní nach ionadh go dtugann sin ábhar agus íomhánna Sweet Country ina dtuilte rábacha dó.

Tá buneilimintí príomhordúla go léir an ‘Western’ istigh sa phota anois: fiántas na dúthaí, daoine ar an imeall, marú, tóir, fiach, díoltas, maith agus olc, bagairt agus faoiseamh, dubh agus bán (nach iomlán dubh ná bán iad), aidhmeanna uaisle, aidhmeanna míchuibhiúla, aidhmeanna measctha, cumhacht agus díchumhacht, triail agus breithiúnas – an mála diallaite, an t-adhastar, na spoir agus crios an ghunna lóte féin! Láimhseálann Warwick Thornton na móitífeanna casta sin le máistreacht an té a bhfuil croí ionraic agus fios a ghnó aige.

In agallamh liom ina theach ar Bhóthar Nablus in Oirthear Iarúsailéim, mí Aibreán 1988, agus Céad Intefada na bPalaistíneach ina bhladhm lasrach lasmuigh, thug Sari Nusseibeh, Ollamh le Fealsúnacht agus iarUachtarán Ollscoil Al-Quds sa lá atá inniu ann, an chéad cheacht domsa i ndíchumhachtú córasach na bPalaistíneach ag an Stát Iosraelach, agus i ndofheictheacht eisiach na bPalaistíneach don phobal Iosraelach. Pionsúrghluaiseacht a fhágann tláith, dearóil agus in áit na leathphingine iad.

‘We Palestinians are invisible to them. We are kept in a cage. We are living in a prison, under Israeli supervision. Of course, the minute that the Arab population stands up and asserts, or begins to assert itself, they want to beat us back into our shacks.’

Cuir, le do thoil, ‘An Náisiún Geal’ agus ‘Bundúchasaigh’ in áit ‘Israeli’ agus ‘Palestinians’, de réir mar a oireann, agus foilseofar fírinne shearbh duit.

Géillim go bhfuil dofheictheacht na mbundúchasach san Astráil ag trá. Tá an tost fada ag briseadh. Tá seasamh bunreachtúil buaite ag bundúchasaigh, deonaithe, ‘go hoifigiúil’, mar a déarfá, ag liobrálaigh réasúnta an Náisiúin Ghil. Faoi dheireadh, tá caint ar ‘Conarthaí’. Níl iontu sin go léir ach an tús. Ach, nuair a thiocfaidh Lá na mBundúchasach ar deireadh, agus tiocfaidh, tá buíochas ar leith ag dul do Warwick Thornton as a pháirt san intefada síochánta atá á throid le fiche bliain anuas aige, gan aige mar lón cogaidh ach scéal na muintire, an cheamaradóireacht ionraic, an ceart morálta agus blaiseadh beag den saevo indignatio sa bholg.

Is lá dár saol é nuair atá nua-scannán buachaillí bó Astrálach ina mbéal ag cleas na geabaireachta ag Féilte Scannán na Veinéise, Toronto agus Sundance. Ach is iontas de na seacht n-iontas é más geall le dordfhocal i gClubanna na bhFéilte sin ainm an stiúrthóra/cineamatagrafaí a chruthaigh a leithéid.

Má b’fhíor riamh don seanfhocal seo agamsa, is fíor sa chás seo é.

‘Is mó ná scannán é ‘Sweet Country’.

Bí ann gan teip.

Fág freagra ar 'Tógadh an Astráil ar mhuin na caorach? Cacamas! Tógadh í ar mhuin dhubh na mbundúchasach…'

  • Eoghan ONeill

    Gura maith agat as an nod, beidh mé ag faire le teacht an scannáin seo Sweet Country. Chonaic cheana Walkabout agus Rabbit-proof Fence abhí sár-mhaith agus a chuirfeadh thú ag smaoineamh ar éifeacht cailleadh na talún ar bhundúchasaigh bíodh sé san Astráil nó i dtíortha eile ar fud na cruinne.