‘Tírghráthóir go smior’ – Brian Mac Aongusa, iarcheannaire RnaG, ar shlí na fírinne

Bhí baint mhór ag Brian Mac Aongusa le scéal na craoltóireachta Gaeilge

‘Tírghráthóir go smior’ – Brian Mac Aongusa, iarcheannaire RnaG, ar shlí na fírinne

Pictiúr: Facebook/RnaG

Tá Brian Mac Aongusa, iarcheannaire ar Raidió na Gaeltachta agus iar-phríomhfheidhmeannach ar Ghael Linn, ar shlí na fírinne.

Bhí baint mhór ag Mac Aongusa le scéal na craoltóireachta Gaeilge agus é ina bhall den choiste a bhunaigh Raidió na Gaeltachta in 1972 agus ina chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach a raibh bunú Theilifís na Gaeilge i 1995 mar chúram air.

Bhí sé seal ina cheannasaí ar Raidió a hAon RTÉ chomh maith agus saineolaí mór le rá ar chúrsaí iarnróid ab ea é.

Dúirt iarcheannasaí RTÉ agus ceannasaí bunaithe TG4, Cathal Goan, gurb é an tírghrá an spreagadh a bhí ag Brian Mac Aongusa ina chuid oibre.

“Níl sé faiseanta ar na saolta seo a bheith ag trácht ar an ngrá atá ag duine dá thír. Ach bhí an grá sin lárnach i ngach a ndearna Brian. Fear seirbhís phoiblí go smior a bhí ann a raibh grá ag a chomhghleacaithe go léir dó agus fear ab ea é nach ndearna ach rudaí maithe le linn a shaoil.”

Bhí Brian Mac Aongusa ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Mheitheamh 1978 go dtí Deireadh Fómhair 1980.

Dúirt Ceannaire RnaG, Gearóid Mac Donncha gur “mór an dul chun cinn” a rinne an stáisiún faoi stiúir Mhic Aongusa. Dúirt sé gur fhorbair sé sceideal na maidine go mór agus gur chuir sé béim ar leith ar chraoltaí seachtracha beo tráth “nach raibh sé éasca “a bheith ag craoladh as láithreacha éagsúla timpeall na tíre.

“Rinne sé go leor oibre ar leagan amach na foirne agus na struchtúir inmheánacha freisin, a chabhraigh leis an eagraíocht sa bhfadtéarma.

“Bhí taithí i réimsí éagsúla den chraoltóireacht aige agus spéis mhór phroifisiúnta aige iontu, agus rinne sé iarracht i gcónaí aird agus poiblíocht a tharraingt ar iarrachtaí suntasacha Raidió na Gaeltachta nuair a bhí an deis ann. D’fhág sé a lorg ar an stáisiún agus ní raibh aon cheist riamh faoina dhílseacht don teanga ná don tseirbhís a bhí ann ar mhaithe leis an bpobal.

“Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta go mór faoi chomaoin aige, agus déanaim comhbhrón lena bhean Máire, a chuid gasúir, a ghaolta agus a chairde thar ceann na seirbhíse.

“Ar dheis Dé go raibh sé.”

Fág freagra ar '‘Tírghráthóir go smior’ – Brian Mac Aongusa, iarcheannaire RnaG, ar shlí na fírinne'