Tír Eoghain ag iarraidh a thaispeáint nach raibh in aiséirí Chiarraí ach seal

Casfaidh Luimneach ar Chill Dara i gcluiche ceannais Chorn Tailteann roimh an gcluiche leathcheannais idir Ciarraí agus Tír Eoghain

Tír Eoghain ag iarraidh a thaispeáint nach raibh in aiséirí Chiarraí ach seal

...
Dé Sathairn, 12 Iúil

Corn Tailteann – Cluiche Ceannais
Cill Dara v Luimneach – Páirc an Chrócaigh, 14:30 (Beo ar RTÉ)

Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Cluiche Leathcheannais
Ciarraí v Tír Eoghain – Páirc an Chrócaigh, 17:00 (Beo ar RTÉ)

...

Ní hé go raibh sé ag teastáil ach tá léargas eile tugtha ag craobh peile na bliana seo dúinn ar cé chomh luaineach is a bhíonn an dream a leanann an spórt, idir lucht tacaíochta agus saineolaithe, mar dhea.

Coicís ó shin, is beag duine a bhí ag tabhairt mórán seans do Chiarraí dul níos faide ná babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann. Thug Corcaigh go snaidhm an rópa iad i gCraobh na Mumhan agus bhí bua cuimsitheach ag contae na Mí ar fhir na Ríochta níos deireanaí sa samhradh. Bheadh Ard Mhacha, curaidh na hÉireann, rómhaith dóibh i bPáirc an Chrócaigh, a síleadh.

Ach seo muid ag fáil réidh do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann agus tá Ciarraí fós linn agus iad anois mar rogha ag go leor chun Corn Mhig Uidhir a thabhairt leo ag deireadh na míosa.

Tá an t-athrú poirt seo bunaithe beagnach go hiomlán ar an taispeántas a thug Ciarraí i dtréimhse ceathrú uaire sa gcluiche sin in aghaidh Ard Mhacha, tréimhse ina raibh foireann Jack O’Connor go hiomlán i gceannas agus ina ndearna siad scrios ar chic amach Ard Mhacha. Naoi gcinn as 11 a bhuaigh siad le linn na tréimhse sin  chun 0-14 a chur le clár na scór gan freagra ar bith ó Ard Mhacha.

Bhí Ciarraí gan locht le linn na tréimhse sin ach an cheist atá ann roimh an gcluiche leathcheannais inniu ná an féidir le foireann Jack O’Connor an caighdeán sin a bhaint amach arís? Má éiríonn leo, beidh sé deacair ag Tír Eoghain freagra a thabhairt ach beidh siadsan ag súil gur taispeántas eisceachtúil a bhí ann.

Cinnte, tá roinnt le foghlaim ó na botúin a rinne Ard Mhacha coicís ó shin. An ceann is mó a rinneadh ná i bhfad an iomarca spáis a thabhairt do Sheán O’Shea. Ní raibh Ciarraí ag baint mórán úsáide as na scóranna dhá phointe roimhe sin, rud a d’fhág b’fhéidir gur cheap Kieran McGeeney go mbeadh a fhoireann in ann seasamh siar ó O’Shea. Droch-chinneadh a bhí ann, áfach, mar gurb é O’Shea duine de na peileadóirí is cumasaí sa tír, rud a léirigh sé leis an 0-12 a d’aimsigh sé sa gcluiche, trí scór dhá phointe ina measc.

Bhí dhá scór dhá phointe i measc an 0-7 a d’aimsigh David Clifford sa gcluiche sin. Ní fhéadfadh Barry McCambridge a bheith níos gaire dó do chuid de na scóranna sin ach ní fhéadfadh sé é a stopadh. Is ar Phádraig Hampsey a bheidh an cúram greim a fháil ar Clifford inniu ach b’fhearr do Thír Eoghain díriú ar na fir atá ina thimpeall a stopadh seachas a bheith ag brath ar Hampsey amháin chun Clifford a sháinniú. Beidh jab tábhachtach le déanamh ag pé duine a bheidh ag marcáil Paudie Clifford, atá ainmnithe ar an mbinse ag Jack O’Connor ach a thosóidh an cluiche, gach seans. Is do Conor Meyler a tugadh an cúram Clifford a leanúint in 2021 agus in 2023 ach dúshlán mór a bheadh ann d’fhear nach bhfuil mórán peile imeartha aige le dhá bhliain anuas.

Tá Michael McKernan ainmnithe ar an mbinse ag Malachy O’Rourke agus an chuma air go bhfuil sé tagtha ar ais ón ngortú gualainne a bhain dó in aghaidh an Chabháin ach ag dul sa seans arís a bheadh Tír Eoghain más eisean a roghnaítear.

Áit amháin ar cheart go mbeadh buntáiste ag Tír Eoghain ná lár na páirce. Beirt mhór láidir iad Brian Kennedy agus Conn Kilpatrick agus tá fadhbanna Chiarraí i lár na páirce ar eolas ag cách, fiú agus Joe O’Connor ar fheabhas an lá cheana.

Tá Niall Morgan ar dhuine de na cúil bháire is fearr sa tír ach cuirfidh Ciarraí faoi bhrú é agus má bhíonn air an liathróid a bhualadh amach fada go lár na páirce, caithfidh Tír Eoghain a bheith níos díograisí ná mar a bhí Ard Mhacha agus iad ag iarraidh í a bhuachan.

Cé go bhfuil Ciarraí feicthe anois againn i mbarr a maitheasa, ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Thír Eoghain. Bhíodar an-mhaith sa mbua i nDún na nGall sa gcéad chluiche i mbabhta na ngrúpaí ach chliseadar in aghaidh Mhaigh Eo ina dhiaidh sin agus bhí an t-ádh orthu Áth Cliath a bhualadh coicís ó shin.

D’aimsigh Darren McCurry, Darragh Canavan agus Mattie Donnelly scóranna tábhachtacha sa gcluiche sin ach bhí sé deacair acu dul i bhfeidhm ar chúrsaí den chuid is mó agus bheifeá ag súil le níos mó uathu inniu. Tá an triúr breá ábalta na scóranna dhá phointe a fháil, mar atá Peter Harte, a d’aimsigh péire in aghaidh Átha Cliath, ach cabhróidh sé le Ciarraí go bhfuil Mike Breen ag filleadh ón ngortú a d’fhág nár imir sé in aghaidh Ard Mhacha.

Má bhíonn Tír Eoghain fós sa gcoimhlint i dtreo an deiridh, chonacthas cheana an tionchar a bhí ag leithéidí Eoin McElholm, Ruairí Canavan agus Ben McDonnell agus iad ag teacht isteach ón mbinse in aghaidh Átha Cliath.

Thuigfeá cén fáth gurb iad Ciarraí rogha na coitiantachta sa gceann seo, ach ná déan aon iontas má bhíonn a bport á athrú ag daoine arís faoi dheireadh na hoíche.

Níos luaithe tráthnóna, casfaidh Cill Dara agus Luimneach ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn Tailteann. Measadh roimh thús an chomórtais go raibh an-seans ag Cill Dara an cluiche seo a bhaint amach ach is beag duine a cheap gur Luimneach a bheadh leo, fiú tar éis dóibh cluiche ceannais Roinn 4 a bhuachan.

Bhí bliain den scoth ag na Muimhnigh go dtí seo, áfach, agus cé gur foirne ó Roinn 4 ab iad ceithre cinn den chúig fhoireann atá sáraithe acu chun an cluiche ceannais seo a bhaint amach, an Iarmhí a bhí i gceist sa gcluiche eile, an fhoireann ba láidre sa gcomórtas, seans.

Bhí Luimneach seacht bpointe chun deiridh ar Chill Mhantáin sa dara leath den chluiche leathcheannais ach d’aimsíodar 1-9 gan freagra chun rudaí a chasadh timpeall. Tosaithe den scoth iad Danny Neville agus James Naughton agus dea-scéal acu go bhfuil Naughton, a gortaíodh sa gcluiche leathcheannais, in ann tosú inniu.

Tháinig Cill Dara slán ó chluiche crua in aghaidh Fhear Manach chun áit a bhaint amach sa gcluiche ceannais. Ba é Brian McLoughlin an laoch agus cúig phointe aimsithe aige nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí. Mar sin féin, is ar an mbinse atá sé ainmnithe arís tráthnóna. Tá leithéidí Kevin Feely agus Daniel Flynn ag treabhadh leo le Cill Dara le roinnt mhaith blianta agus imreoirí ar nós Alex Beirne tagtha isteach ó fhoirne maithe faoi aois, agus is corn ag leibhéal na sinsear an sprioc anois.

Fág freagra ar 'Tír Eoghain ag iarraidh a thaispeáint nach raibh in aiséirí Chiarraí ach seal'