Thug Ian Paisley na cosa leis, ach níor mhaise ar an DUP ná páirtí ar bith an scannal

Is cosúil nach bhfuil tada le rá ag an bpáirtí ceartchreidmheach seo faoi shaint, faoi stocaireacht ar íocaíocht, ná faoi thacaíocht a thabhairt do réimeas a mharaigh a mhuintir féin

Thug Ian Paisley na cosa leis, ach níor mhaise ar an DUP ná páirtí ar bith an scannal

“Sheas 90.6% de vótóirí Thuaisceart Aontroma liom,” arsa Ian Paisley. Gaisce gan dabht. Ní fíor é, áfach. Bhí údar caithréime de shórt ag an bhFeisire Paisley a choinnigh a shuíochán Parlaiminte agus nach gá dó fothoghchán a throid. Níor shínigh ach 9.4% de na vótóirí achainí athghairme in ionad an 10% a bhí riachtanach. Thug sé na sála leis mar go raibh lucht na hathghairme 444 vóta gann. Fágann sin go raibh 90.6% de na vótóirí nach ndearna tada faoin scannal.

Níor ghlan sin an smál ar cháil Ian Paisley ar gearradh an pionós is déine a gearradh ar aon duine le 70 bliain air i dTeach na Parlaiminte in Westminster mar gheall ar stocaireacht ar luach saothair a dhéanamh thar ceann rialtas Shrí Lanca. Bhronn an réimeas i Srí Lanca dhá shaoire chostasacha air féin agus a chlann in 2013 – teacht isteach nár chláraigh sé. An bhliain dár gcionn – gan aon tagairt don choimhlint leasa – d’iarr sé ar an bPríomh-Aire David Cameron diúltú do rún sna Náisiúin Aontaithe go ndéanfaí iniúchadh ar Shrí Lanca as cearta daonna a shárú agus slad a dhéanamh ar a saoránaigh féin.

Mairfidh a phionós, fionraíocht 30 lá ó sheisiúin na Parlaiminte, go mí na Samhna. Caillfidh an feisire Paisley a thuarastal don tréimhse 30 lá sin agus thug sé le tuiscint gur mheas sé go raibh sé ag íoc go daor as ‘botún’.

Chinn feisirí Parlaiminte go raibh a mhí-iompar tromchúiseach, go háirithe i dtaca le stocaireacht ar íocaíocht a dhéanamh, rud a tharraing míchlú ar pholaiteoirí.

Níor aontaigh vótóirí Thuaisceart Aontroma nó ba chuma leo faoi, is cosúil. Nó ar a laghad níor shíl siad gurbh fhiú é a dhícháiliú ionas go seasfadh sé i bhfothoghchán ina mbeadh an bua aige ar aon nós.

Bhí an próiseas athghairme a bhí ar siúl ar feadh sé seachtainí gan fasach. Ba é  sin an chéad uair ar baineadh leas as dlí nua a éilíonn próiseas athghairme nuair a ghearrtar pionós mór ar fheisire Parlaiminte.

Níl an próiseas gan locht.

Ní raibh cead tada a thuairisciú faoina raibh ar siúl le linn na sé seachtaine. Bhí bac ar thráchtanna ar líne freisin. Osclaíodh trí ionad le haghaidh vótála/síniúchán agus rinneadh gearáin nár leor sin go háirithe ó bhí cead 10 gcinn d’ionaid a oscailt. Dhún siad ag a cúig a chlog tráthnóna ach bhí cead vóta a chaitheamh tríd an bpost.

Bhí cead canbhásála ag páirtí ar bith a chláraigh chuige sin agus is léir nach ndearna siad éacht. Rith Sinn Féin feachtas dian sa toghcheantar ach ní raibh siad in ann tathant ar 10% de na vótóirí gur chóir dóibh Paisley a chur as oifig. Mhaígh roinnt aontachtaithe nach bhféadfadh siad féin achainí a shíneadh mar go raibh feachtas Shinn Féin chomh láidir sin – an choimhlint idir oráiste agus glas níos tábhachtaí na an mhoráltacht, is cosúil. Mhaígh daoine eile go raibh faitíos orthu go rabhthas ag faire féachaint cé a ghabhfadh isteach sna hionaid. Dúirt a thuilleadh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid mar go dtoghfaí Paisley arís i bhfothoghchán.

Cibé leithscéal nó cúis a bhí ag daoine, níorbh aon mhaise ar an bpolaitíocht abhus an méid a tharla. Tá ceisteanna le freagairt ag na páirtithe go léir faoin bpraiseach a rinne siad den bpróiseas.

Ach tá na ceisteanna is crua ar fad le freagairt ag an DUP.

Nuair a cuireadh Ian Paisley ar fionraí ón bParlaimint d’fhógair an DUP go raibh siad ag fiosrú a iompair agus nach mbeadh tada eile le rá acu go dtí go mbeadh an fiosrú críochnaithe. Tráthúil go leor is cosúil gur chuir siad bailchríoch ar a gcuid iniúchta an nóiméad céanna a chuala siad toradh na hachainí i dTuaisceart Aontroma.

Taobh istigh d’uaireanta an chloig d’fhógair siad go raibh an feisire ar ais sa pháirtí. Ghearr siad ‘pionós’ air nárbh fhiú tráithnín é, ní bheidh cead aige a bheith ina oifigeach sa pháirtí go ceann bliana. Ach sin é é agus ní bheadh a thuilleadh le rá. Chuaigh siad i bhfolach nuair a gearradh an fhionraíocht air agus tá siad ar a seachaint anois freisin.

Is cosúil nach bhfuil tada le rá ag an bpáirtí ceartchreidmheach seo faoi shaint, faoi stocaireacht ar íocaíocht, ná faoi thacaíocht a thabhairt do réimeas a mharaigh a mhuintir féin.

Cúpla lá roimh sheisiún eile ag ceannaire an DUP agus oifigigh an pháirtí os comhair fhiosrú an RHI, tá an DUP ag siúl ar thanaí.

Fág freagra ar 'Thug Ian Paisley na cosa leis, ach níor mhaise ar an DUP ná páirtí ar bith an scannal'

  • Éibhear Neff

    Sin an mana a bhí riamh ag an DUP : Lig sinn chun an bhodaigh ach ná lig an bodach chugainn.

  • Seán Mag Leannáin

    Alt den scoth le Póilín ar fhimíneacht an DUP. “An choimhlint idir oráiste agus glas níos tábhachtaí na an mhoráltacht, is cosúil… Is cosúil nach bhfuil tada le rá ag an bpáirtí ceartchreidmheach seo faoi shaint, faoi stocaireacht ar íocaíocht, ná faoi thacaíocht a thabhairt do réimeas a mharaigh a mhuintir féin. Cúpla lá roimh sheisiún eile ag ceannaire an DUP agus oifigigh an pháirtí os comhair fhiosrú an RHI, tá an DUP ag siúl ar thanaí.”