‘Thiocfadh laghdú 20% ar thrádáil dhéthaobhach dá bhfágfadh an Bhreatain an tAE’ – staidéar nua

Bheadh impleachtaí éagsúla ann d’Éirinn dá dtarraingeodh an Bhreatain amach as an Aontas Eorpach, de réir staidéir nua ón ESRI

David Duffy agus Kieran McQuinn ón ESRI. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
David Duffy agus Kieran McQuinn ón ESRI. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá staidéar nua foilsithe ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) ar na himpleachtaí a bheadh ann d’Éirinn dá dtarraingeodh an Bhreatain amach as an Aontas Eorpach.

Tuairiscítear anois go bhfuil Rialtas na Breataine sásta reifreann a bheith acu faoi cheist na ballraíochta san Aontas Eorpach tar éis dóibh bheith i mbun idirbheartaíochta le hoifigigh shinsearacha san Aontas Eorpach.

Is iad na réimsí a bhfuil scrúdú déanta orthu sa staidéar ná trádáil, infheistíocht dhíreach choigríche (FDI), fuinneamh agus imirce.

Taispeánann torthaí an taighde go dtiocfadh laghdú 20% ar thrádáil dhéthaobhach (bilateral trade) dá bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach.

Deirtear sa tuarascáil gur tábhachtaí an Ríocht Aontaithe mar fhoinse iomportála d’Éirinn seachas mar áit a gcuirtear earraí Éireannacha amach chuige, agus go mbeadh tionchar nach beag ag imeacht na Breataine ar lucht easportála na Sé Chontae.

Tuairiscítear nach mbeadh an tóir chéanna ar an Ríocht Aontaithe ó thaobh infheistíocht dhíreach choigríche de dá mbeadh sí lasmuigh den Aontas Eorpach, de bharr nach mbeadh an teacht céanna aici ar an Margadh Aonair ann.

D’fhágfadh sé seo nach dtiocfadh fás ar gheilleagar na Breataine ná ar gheilleagar na hÉireann chomh mear céanna agus nach mbeadh an tsuim chéanna ag Éirinn san infheistíocht dhíreach choigríche.

Tugtar le tuiscint san anailís gur mó tairbhe a bhainfeadh ballstáit amhail an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn agus an Pholainn as imeacht na Breataine ó thaobh infheistíocht dhíreach choigríche ná aon dream eile.

Ó thaobh cúrsaí fuinnimh de, luaitear sa taighde go mbíonn Tuaisceart Éireann ag brath ar Phoblacht na hÉireann chun leictreachas a thabhairt isteach sna Sé Chontae agus go bhfuil nasc aibhléise idir an dá dhlínse ag dul siar go dtí 2007, nasc a chaillfí dá n-imeodh an Bhreatain as an Aontas Eorpach. Maítear sa tuarascáil go gcothódh sé seo fadhbanna don Phoblacht chomh maith agus go mbeadh sí leochaileach, go háirithe dá mbuailfeadh deacrachtaí margadh na Breataine.

Deirtear sa staidéar chomh maith dá bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach nach mbeadh sí faoi réir rialacha agus polasaithe i dtaobh athrú aeráide agus fuinneamh in-athnuaite, agus gur lú an seans a bheadh ann go rachadh Rialtas na Breataine i mbun cainte linn féin ná le ballstáit eile maidir le trádáil fuinnimh in-athnuaite.

Díol suntais an méid atá sa tuarascáil faoi cheist na himirce. Deirtear go mb’fhéidir go mbeadh laincisí ar shaorghluaiseacht daoine dá n-imeodh an Bhreatain ón Aontas Eorpach agus go bhféadfadh sé seo cur isteach ar Éireannaigh a dteastaíonn uathu aghaidh a thabhairt ar an mBreatain chun oibre.

Dá gcaithfí rialú pasanna a thabhairt isteach an athuair ar theorainn Thuaisceart Éireann, bheadh sé míchaoithiúil ‘ar an lá is fearr’, a deirtear sa taighde, agus ba chéim ar gcúl é, a bheadh ina ábhar imní, a deirtear ann.

Luaitear sa taighde go bhfuil an-chuid Éireannach anois ina saoránaigh sa Ríocht Aontaithe agus, ar an gcaoi chéanna, go bhfuil go leor daoine a rugadh sa Bhreatain ina saoránaigh i bPoblacht na hÉireann. Dá n-imeodh an Bhreatain ón Aontas Eorpach, maítear go bhféadfadh saoránacht na ndaoine seo a bheith i mbaol sa dá dhlínse amach anseo.

Fág freagra ar '‘Thiocfadh laghdú 20% ar thrádáil dhéthaobhach dá bhfágfadh an Bhreatain an tAE’ – staidéar nua'