‘The most unfindable place in the Galaxy’ arsa Luke Skywalker. Ní hamhlaidh a bheidh feasta…

Ní haon iontas go bhfuil muintir Bhaile an Fheirtéaraigh ag luí amach orthu féin agus féile ceithre lá Star Wars faoi lán seoil ann an deireadh seachtaine seo...

‘The most unfindable place in the Galaxy’ arsa Luke Skywalker. Ní hamhlaidh a bheidh feasta…

Níl aon dabht faoin spéir anois ná go bhfuil Sceilg Mhichíl sa Táin mar láthair scannánaíochta. Dar liom go bhfuil sé anois ar cheann de na láithreacha is tábhachtaí i gcanóin Star Wars agus is cinnte go mbeidh lucht leanta dílis, antoisceach an chnuasaigh ag déanamh oilithreachtaí chuig Ciarraí Theas agus Thiar le lorg a laochra a leanúint.

Bhí ról an oileáin sa dara gála d’athbheochan Star Wars ina ábhar allagair le fada ach ní dóigh liom go raibh aon choinne ag éinne go mbeadh an oiread sin i gceist agus go mbeadh na míreanna a bhain leis an Sceilg/Ciarraí Thiar chomh cinniúnach, íocónach sin: seanfhondúir uaine caithiseach á fheiceáil arís, seanfhondúir eile ag imeacht ar shlí na fírinne (b’fhéidir), ag iascaireacht de léim chuaille, créatúir aite ag tál bainne uaine ar Skywalker, ‘airígh’ chiotrúnta, sheoigh, agus an t-oileán lárnach sa chríoch mhothúchánach. Agus na Porgs gan dabht. Cá mbeimis gan na Porgs? Ba iad a sholáthraigh mórán de na míreanna grinn agus mura ndíolfar na milliúin acu mar fhéirín Nollag ní lá fós é.


TUAIRISC SPEISIALTA: An ‘fórsa’ ag dúiseacht i gCorca Dhuibhne agus Star Wars tagtha go dtí an Ghaeltacht


Póstaer sa tSín don scannán ‘The Last Jedi’ agus An Fear Marbh agus an Tiaracht le feiceáil sa chúlra

Caitear slais sa scannán chomh maith fad is atá cur síos á dhéanamh ar airígh an oileáin a bhí gléasta cosúil le mná rialta. ‘Ní dóigh liom go dteastaíonn uathu go mbeimis anseo,’ a deir Rey. ‘Dóigh leat é?’ a deir Skywalker agus greann á bhaint go caolchúiseach, déarfá, ag lucht an scannáin as an gconspóid a bhain le cead a bheith tugtha dóibh obair ar láthair chomh seanda ársa.

Tá go leor seatanna áille aeir agus talún den oileán agus díol suntais é nár deineadh aon mhaisiúchán CGI, nó fíorbheagán de, ar an tírdhreach. Ar uairibh thaibhseofaí duit gur duine éigin ó Fáilte Ireland atá ar an stiúir. Go deimhin tá físeán fógraíochta na heagraíochta sin faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin, leis an téama Star Wars, á thaispeáint roimh an scannán.

I rith an scannáin deineadh seatanna ó na láithreacha eile in Éirinn a chniotáil chomh paiteanta sin le cinn ón Sceilg gur dheacair iad a aithint, ábhar díomá b’fhéidir do na pobail áitiúla. Ach bhí Iarthar Duibhneach le feiceáil go soiléir i radharcanna áirithe: an ghrian ag dul faoi agus Rey seasta ar an bhFearann idir Ceann Sibéal agus na Triúr Deirféaracha, nó Rey agus An Fear Marbh agus An Tiaracht laistiar di.

Ní haon iontas go bhfuil muintir Bhaile an Fheirtéaraigh ag luí amach orthu féin agus féile ceithre lá Star Wars faoi lán seoil ann an deireadh seachtaine seo. Manglaim den bhainne gorm i dTigh an tSaorsaigh agus ceardlann i ndéanamh ‘Porganna’ i dtigh potaireachta Louis Mulcahy.

‘The most unfindable place in the Galaxy,’ a thug Luke Skywalker ar phláinéad Ahch-To; ach is cinnte go mbeidh daoine ar fud an domhain ag iarraidh Ciarraí a aimsiú ar an mapa i ndiaidh dóibh an scannán seo a fheiscint.

Fág freagra ar '‘The most unfindable place in the Galaxy’ arsa Luke Skywalker. Ní hamhlaidh a bheidh feasta…'

  • Tomas

    Is dócha nach fada eile go mbeidh an Buailtín ina ionad oilithreachta ag gramaisc Starwars amhail mar atá an t-onad eile sin sa Chlár ag lucht leanúna Father Ted. Leanfaidh daoine áirithe a leithéidí sin nó go n-eireoidh siad tuirseach de ach rithfidh daoine eile na mílte míle uathu.