‘Thank God for an córas oideachais!’ – lucht na hArdteiste sásta go maith leis an rogha ar Pháipéar a hAon na Gaeilge

Measadh gur rogha an-oscailte a bhí sa mhír cheapadóireachta trí chéile i mbliana agus go raibh deis mhaith ag daltaí tabhairt faoi ábhair a bhí ullmhaithe go maith acu

‘Thank God for an córas oideachais!’ – lucht na hArdteiste sásta go maith leis an rogha ar Pháipéar a hAon na Gaeilge

Sásta go maith a bhíothas leis an rogha téamaí ar pháipéar a haon do Ghaeilge na hArdteiste inniu.

Measadh gur roghanna an-oscailte a bhí sa mhír ceapadóireachta trí chéile i mbliana agus go raibh deis mhaith ag daltaí tabhairt faoi ábhair a bhí ullmhaithe go maith acu.

Ba í tuairim na coitiantachta i measc grúpa amháin múinteoirí Gaeilge ar líne ná go mbeadh na daltaí “an-sásta”.

Dúirt múinteoir amháin go raibh “teidil shimplí” i gceist agus go raibh “meascán deas ann idir teidil oscailte agus chúnga!”

Dúirt múinteoir eile go raibh “rogha dheas” agus “topaicí oiriúnacha” i gceist ar an bpáipéar gnáthleibhéil.

Ba léir go raibh cuid mhaith daltaí ar aon intinn leis na múinteoirí.

Ba iad teidil na n-aistí, nó ailt nuachtáin, a bhí ar Pháipéar 1 an Ardleibhéil: ‘Sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann’; ‘An tionchar a bhíonn ag na meáin shóisialta ar dhaoine’; ‘Éire agus an tAontas Eorpach’; ‘Saol na duine óig in Éirinn – an bhfuil sé ag dul i bhfeabhas nó ag dul in olcas?’; agus ‘Mo laochra’.

An dalta a thug faoi scéal a chumadh seachas aiste a scríobh ‘Buíochas’ agus ‘Is binn béal ina thost’ na téamaí a bhí mar rogha aige.

An rún díospóireachta a bhí ag an té a thug faoin rogha sin ná ‘Tugtar cothrom na Féinne do gach duine sa lá atá inniu ann’. D’fhéadfaí chomh maith píosa cainte don raidió bunaithe ar do thaithí ar an gcóras oideachais, téama, is cosúil, a raibh cuid mhaith daoine ag súil lena fheiceáil ar an bpáipéar.

Bhí an chluastuiscint mar chuid de scrúdú an lae inniu chomh maith. Amárach a bheidh Páipéar 2 ar siúl.

Fág freagra ar '‘Thank God for an córas oideachais!’ – lucht na hArdteiste sásta go maith leis an rogha ar Pháipéar a hAon na Gaeilge'