TG4 ar an séú caineál is mó lucht féachana den chéad uair – figiúirí nua

1.84% an meánsciar den lucht féachana a bhí ag TG4 in 2019

TG4 ar an séú caineál is mó lucht féachana den chéad uair – figiúirí nua

Tháinig méadú 3% ar sciar TG4 den lucht féachana le linn na bliana 2019, rud a d’fhág go raibh sé ar an séú caineál is mó lucht féachana anuraidh.

Seo an chéad uair go raibh an stáisiún sa séú háit.

1.84% an meánsciar den lucht féachana a bhí ag an stáisiún in 2019.

Tabharfaidh na figiúirí nua seo dóchas do TG4 go bhfuil an taoide ag casadh maidir lena bhfigiúirí lucht féachana.

Tháinig laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018 agus bhí sé ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn an bhliain sin.

Mí an Mhárta an mhí ba rathúla a bhí ag TG4 in 2019 agus meánsciar náisiúnta 2.65% den lucht féachana acu an mhí sin.

Bhí os cionn 2% ag an stáisiún trí mhí eile, mí Feabhra, 2.03%, mí Lúnasa, 2.22% agus mí na Nollag, 2.02%.


Meánsciar náisiúnta den lucht féachana ag TG4 2014-2019

Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019
TG4 1.8 1.7 1.8 1.9 1.8 1.8

Is í tréimhse an fhómhair an tréimhse is mó iomaíochta i saol na teilifíse agus ba í mí Dheireadh Fómhair an mhí ba mheasa ag TG4 ó thaobh lucht féachana in 2019. 1.48% an sciar den lucht féachana a bhí ag an stáisiún an mhí sin, mí inar thit sé go dtí an naoú háit ar liosta na gcaineál is mó lucht féachana.

Údar mór sásaimh a bheidh ann do lucht an stáisiúin, áfach, gur éirigh leo an séú háit a bhaint ar an liosta sin do 2019, an áit is airde ar an liosta acu le tamall maith de bhlianta.

Tháinig méadú chomh maith ar a lucht féachana le linn thréimhse na Nollag, idir Oíche Nollag agus Lá Caille, agus bhí meánsciar 2.7% acu le linn na tréimhse sin. 

Ba é Opry le Daniel, ar fhéach 83,000 duine air Oíche Nollag, an clár is mó a mheall lucht féachana le linn thréimhse na Nollag.

Ba é an dara clár is mó lucht féachana ná Rugbaí Beo ar an 28 Nollaig, athchraoladh ar an gcluiche idir Cúíge Laighean agus Cúige Mumhan ar fhéach 81,000 duine ar an meán air. Ina dhiaidh sin ba scannáin Bhéarla is mó a mheall lucht féachana do TG4 um Nollaig. D’fhéach 79,000 duine ar Into The West, an clár is mó lucht féachana Lá Nollag agus 76,000 ar an meán a d’fhéach ar Dirty Dancing oíche Nollag.

Bhí dhá chlár faisnéise nua i measc na gclár is mó lucht féachana aimsir na Nollag, Phil Coulter – Mo Shaol, ar fhéach 60,000 duine ar an meán air Lá Nollag, agus Fear Darb Ainm Harris, clár dátheangach faoin aisteoir Richard Harris ar fhéach 53,000 duine air Lá Caille.


Na deich gcaineál is mó lucht féachana in 2019

Cainéal Sciar LF %
RTÉ One 17.62
Virgin Media One 11.51
RTÉ2 6.16
BBC One 4.47
Virgin Media Two 3.88
TG4 1.84
BBC Two 1.72
Virgin Media Three 1.63
Channel 4 Ireland 1.41
Sky News 1.17
Sky One 1.08
RTÉ One + 1 0.94
Sky Sports Main Event 0.91
Sky Sports News 0.87
More4 0.76

43,000 – 4% den lucht féachana – a d’fhéach ar Fáilte 2020 – an clár a craoladh beo ó Óstán Tigh Pheacock ar an Teach Dóite oíche chinn bliana.

De réir straitéis chúig bliana TG4, is é an sprioc atá ag lucht an stáisiúin go mbeadh meánsciar 2.2% den lucht féachana náisiúnta acu faoi 2022. Bhí súil acu a bheith ar an séú cainéal is mó lucht féachana sa tír faoin mbliain sin, áit a bhain siad amach anuraidh de réir na bhfigiúirí.

Bliain thábhachtach a bhí in 2019 do straitéis úr an stáisiúin atá bunaithe ar an sceideal a mhúnlú chun freastal ar mhianta dhá dhream ar leith – pobal na Gaeilge agus an pobal ‘náisiúnta’ – agus ar chóras nua coimisiúnaithe clár faoina mbronntar ollchonarthaí ilbhliantúla ar líon teoranta comhlachtaí neamhspleácha.

Deir lucht an stáisiúin chomh maith go mbíonn ceangal láidir idir ceist mhaoinithe TG4 agus líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint air.


Sciar TG4 thar na blianta

Bliain áit TG4
1997 11ú
1998 12
1999 13
2000 10
2001 9
2002 9
2003 9
2004 9
2005 8
2006 8
2007 8
2008 9
2009 8
2010 8
2011 8
2012 8
2013 8
2014 7
2015 7
2016 7
2017 7
2018 7
2019 6

Tá ráite ag lucht bainistíochta an stáisiúin go mbeidh sé  “thar a bheith deacair” straitéis cúig bliana an stáisiúin a chur i gcrích mura gcuirtear tuilleadh maoinithe ar fáil dóibh. 

Mhol an BAI in 2018 go gcuirfí €6 milliún breise in aghaidh na bliana ar fáil do TG4 agus iad den tuairim nach mbeidh an stáisiún inmharthana má bhíonn siad taobh leis an maoiniú atá acu faoi láthair.

Deirtear chomh maith i gcáipéis straitéise de chuid TG4 a foilsíodh in 2018 go dtitfidh an sciar den lucht féachana atá ag an gcraoltóir go dtí thart ar 1% mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún as seo go ceann cúig bliana.

Deirtear sa cháipéis sin nár chóir “beag is fiú a dhéanamh de scála na ndúshlán atá le sárú” ag an stáisiún agus gurb é seo  “tráth na cinniúna” dó.


Meánsciar náisiúnta den lucht féachana ag TG4 in 2019

Sciar %
Ean-19 1.88
Fea-19 2.03
Már-19 2.65
Aib-19 1.57
Bea-19 1.45
Mei-19 1.57
Iúil-19 1.53
Lún-19 2.22
MF-19 1.92
DF-19 1.48
Sam-19 1.59
Noll-19 2.02

Fág freagra ar 'TG4 ar an séú caineál is mó lucht féachana den chéad uair – figiúirí nua'

  • Colin Ryan

    Féachann a lán daoine thar lear ar TG4, direach mar atá a lán thar lear a éisteann le RnaG. Ba cheart é sin a chur san áireamh ach meastachán cruinn a dhéanamh.

  • Léitheoir

    Is fuath liom an chaint shíoraí a dhéantar faoi fhigiúirí lucht féachana. Níor cheart gurbh iad an t-aon slat tomhais iad. Is craoltóir poiblí é TG4 agus is é an príomhról atá aige ná freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar sin, ní féidir a bheith ag súil leis go mbreathnódh líon mór daoine ar an stáisiún (in ainneoin a fheabhas atá cuid de na cláracha). Rud eile de, ní chuirtear san áireamh sna figiúirí go mbíonn an lucht féachana níos airde i gceantair Ghaeltachta (argóint a dhéantar faoi lucht éisteachta RnaG). Cuireann TG4 seirbhís phoiblí thábhachtach ar fáil murab ionann agus leithéidí Virgin Media. Tá níos mó déanta ag TG4 ar son na Gaeilge ná an chuid is mó de pholasaithe an rialtais i leith na teanga. Ba cheart maoiniú cuí a chur ar fáil dó – mar a thugtar do S4C sa mBreatain Bheag, mar shampla.