Tá diúltaithe do dhúshlán cúirte a thug Gaeilgeoir óg i mBéal Feirste in aghaidh saoránacht na Breataine a bheith tugtha di.
Thug an déagóir, nár ainmníodh, cás in aghaidh rialtas na Breataine inar mhaígh sí gur sárú ar a cearta daonna saoránacht nach raibh uaithi a thabhairt di.
Dúirt an cailín, a freastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge, go raibh sí “go hiomlán sáite” i gcultúr na hÉireann agus gurb í an Ghaeilge a céad teanga.
Saoránach de chuid na hÉireann í an cailín ach tugadh saoránacht Bhriotanach di nuair a rugadh í.
Chinn an Breitheamh Schoffield san Ard-Chúirt nach gcuireann saoránacht na Breataine isteach ná amach ar a cinneadh a rá gur saoránach de chuid na hÉireann í. Mheas sé nach raibh aon fhianaise nó sampla curtha ar fáil a léireodh gur chun dochair an chailín an tsaoránacht Bhriotanach.
Dúirt an Breitheamh gurb amhlaidh go mbeadh an cailín in ann “neamhaird” a dhéanamh ar a saoránacht Bhriotanach.
“Saoránach de chuid na hÉireann í agus ní bhaineann an tsaoránacht Bhriotanach bhreise a dhath de na cearta, na sochair ná na pribhléidí atá aici mar shaoránach de chuid na hÉireann,” a dúirt an Breitheamh.
Is féidir leis an gcailín a saoránacht Bhriotanach a thabhairt suas nuair a bheidh sí 18 mbliana d’aois.
An Teanga Bheo
Cás ar leith é seo de bharr go Saorántacht na hEorpa tú más Éireannach thú lastigh de immeal na Breataine. Tá cearta daonna dá shárú anseo agus is teip é ar an Breatimeacht. Ionsaí ar saoirse an duine é seo ?