Teipthe ar chomhlachtaí poiblí spriocanna fógraíochta na reachtaíochta teanga a bhaint amach

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge ach léiríonn iniúchadh de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga nár chaith na comhlachtaí poiblí trí chéile ach 15% dá mbuiséad ar fhógraí Gaeilge

Teipthe ar chomhlachtaí poiblí spriocanna fógraíochta na reachtaíochta  teanga a bhaint amach

Theip anuraidh ar chomhlachtaí poiblí na dualgais atá orthu faoin dlí maidir le fógraíocht i nGaeilge a chomhlíonadh.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh in 2021, leagadh dualgas ar eagraíochtaí stáit 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus freisin 5% dá mbuiséad bliantúil fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge.

Chaith comhlachtaí poiblí €14.2 milliún ar fhógraíocht i nGaeilge anuraidh, an chéad bhliain d’fheidhmiú na bhforálacha ach léiríonn tuairisc atá curtha le chéile ag an gCoimisinéir Teanga nár éirigh le comhlachtaí poiblí trí chéile na spriocanna sin a bhaint amach, áfach.

Léiríonn iniúchadh a rinneadh ar ghníomhaíochtaí fógraíochta 334 comhlacht poiblí i gcaitheamh 2023 gur tháinig fás ar líon na fógraíochta a rinneadh trí Ghaeilge ach gur gá do chomhlachtaí poiblí áirithe tuilleadh a dhéanamh chun cloí leis an reachtaíocht.

Chaith comhlachtaí poiblí €97 milliún san iomlán ar fhógraíocht trí chéile in 2023. Caitheadh 4% (€3.8 milliún) ar na meáin Ghaeilge agus 11% (€10.4 milliún) eile ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla.

D’fhág sin gur caitheadh €14.2 milliún ar fad ar fhógraíocht i nGaeilge anuraidh, 15% den chaiteachas iomlán. Chaithfí breis is €5 milliún eile den €97 milliún a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge chun an sprioc 20% atá sa reachtaíocht a bhaint amach.

Clúdaíonn sonraí an iniúchta aighneachtaí féintuairiscthe ó 334 comhlachtpoiblí go dtí seo. Cumhdaíonn an t-iniúchadh 98% den chaiteachas iomlán a rinne comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinneadh cros-seiceáil le tuairisciú Nielsen Ad Intel (foinse sonraí fógraíochta idirnáisiúnta) ar an bhfógraíocht a rinne comhlachtaí poiblí in Éirinn.

Deir Oifig an Choimisinéara Teanga go léiríonn na torthaí go bhfuil leibhéal ard úsáide á bhaint as na meáin shóisialta, na meáin chlóite agus raidió le fógraíocht i nGaeilge a dhéanamh.

“Cé gur foráil reachtaíochta nua í seo a cuireadh i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2022, is díol suntais é an fás atá tagtha ar an bhfógraíocht i nGaeilge atá le feiceáil, le cloisteáil agus le léamh anois ar na meáin éagsúla,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn.

“Léiríonn na torthaí go bhfuil borradh faoi fhógraíocht i nGaeilge ar gach cineál meáin anois, idir na meáin chlóite agus na meáin shóisialta agus dhigiteacha. Tá caiteachas suntasach á dhéanamh ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge agus ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla freisin.

“Tá m’oifig ag leanúint den mhionscagadh ar ghníomhaíochtaí fógraíochta comhlachtaí poiblí chun géilliúlacht don fhoráil nua fógraíochta a chinntiú.”

Fág freagra ar 'Teipthe ar chomhlachtaí poiblí spriocanna fógraíochta na reachtaíochta teanga a bhaint amach'