Tháinig go leor daoine anoir ar chnocáin agus ar chladaí Chonamara nuair a ruaigeadh iad as Cúige Uladh 350 bliain ó shin. Go deimhin, tá baile fearainn gar do Chloch na Rón ar a dtugtar ‘Coogla’ anois; aistriúchán eile ón mBéarla – Cúige Uladh a bhí ar an áit i dtosach. Bhí údar sách soiléir leis sin.
Cá ngabhfaidh daoine as bailte fearainn i gConamara anois má tá teach ag teastáil uathu – teach ‘Council’ mar a thugtar orthu i gcaint na ndaoine. Bhuel, níl ifreann ordaithe dóibh mar a tharla sa tseanaimsir. Ach tá rogha eile acu, de réir cosúlachta: téigh chun an bhaile mhóir no téigh ag feadaíl. Agus, ar a bhfaca tú ariamh ná bí ag cuimhneamh ar a dhul chun cónaithe in áit ar bith a dteastódh carr uait!
Má theastaigh cruthúnas ar pholasaí seo Chomhairle Chontae na Gaillimhe fuarthas é an tseachtain seo caite. Dream as Iorras Aithneach –ceantar Charna agus Chill Chiaráin – a thaistil leathchéad míle isteach chuig oifigí na Comhairle Contae i gcathair na Gaillimhe. Bhí iarratas acu: go dtógfadh an Chomhairle tithe ‘Council’ sa bpobal sin acu féin. B’fhearr leo tithe astu féin ar na gabháltais faoin tuath ach thuigeadar freisin nach mbeadh an rogha sin ann scaití. D’fheilfeadh eastáit tithíochta freisin sna sráidbhailte áitiúla. Go deimhin, bhí a gcuid obair bhaile déanta ag an gCoiste Fostaíochta in Iorras Aithneach i gcomhar le Forbairt Chonamara Láir, an comhlacht forbartha tuaithe sa gceantar. Chuireadar scéala amach go bhfeicfidís an raibh daoine thart a bheadh sásta suíomh le haghaidh eastát tithíochta a dhíol leis an údarás áitiúil. Bhí cúig fhreagra faighte acu. Bhí cuntas acu ar na suíomhanna agus ar an achar talún a bhí i ngach aon cheann acu.
Ach ba ghearr gur thuigeadar gur turas in aisce a bhí ann, sin agus costas pearsanta agus lá curtha amú.
Bhí feidhmeannach ón gComhairle Contae ag an gcruinniú agus bhí Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Seán Ó Tuairisg ann freisin.
Dúradh leis an toscaireacht nach raibh sé sa bplean, beag ná mór, ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go dtógfaí eastát tithíochta Comhairle Contae in Iorras Aithneach feasta. Dúradh leo go rabhthas ag díriú ar na bailte agus ar na ceantair mhóra. Tugadh cuntas ar shlámanna maith go leor tithe a bhí ar na bacáin do Mhaigh Cuilinn, d’Uachtar Ard, don Chlochán, do Chloch na Rón agus beagán tithe ar an gCeathrú Rua. Dúradh leis an toscaireacht go mbeadh eastáit á dtógáil sna háiteacha ba mhó a raibh éileamh orthu. Ar ndóigh, luíodh sé le réasún gur sna ceantair is láidre daonra a bheadh an t-éileamh sin láidir. Maidir le Cloch na Rón, is cosúil gurb í an chúis atá leis na tithe seo ná go raibh píosa talún fanta ag an gComhairle Contae ar an mbaile. Ní mór an daonra atá sa gceantar sin.
Tháinig rud eile chun cinn ag an gcruinniú, a deir baill na toscaireachta. Dúradh leo go raibh an Chomhairle Contae ag iarraidh daoine a lonnú in áiteacha a mbeadh na ‘seirbhísí’ buailte orthu. Ní rabhthas ag iarraidh go mbeadh daoine ag brath ar charranna.
Gan dabht, chuir an toscaireacht a gcás i láthair go maith. Míníodh d’ionadaí na Comhairle Contae go bhfuil Straitéis 20 Bliain ann don Ghaeilge agus go raibh Iorras Aithneach i gCatagóir ‘A’ sa nGaeltacht sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch sa nGaeltacht. Insíodh d’ionadaithe na Comhairle go raibh géarchéim eacnamaíochta ann agus gur léir go mbeadh éileamh ar thithe i gceantar a bheadh sa riocht sin. Míníodh go dteastódh réimse agus roghanna tithíochta ann leis an daonra a choinneáil chomh láidir agus a d’fhéadfaí.
“Ní raibh muid ag fáil aird ar bith,” a dúirt Seosamh Ó Cuaig, ball den toscaireacht. Chuaigh sé níos faide ná sin leis an scéal: ‘Tá leathchéad bliain caite agam ag dul ar thoscaireachtaí agus ba é an cruinniú ba mhó é a chuir lagmhisneach orm ariamh.’
Tá dhá eastát tithíochta Comhairle Contae i gCarna. Aon teach déag agus fiche atá uilig iontu. Muintir na háite atá ina gcónaí iontu. Gluaiseachtaí pobail ar nós Fóram Iorras Aithneach a chur dlús leis na hiarrachtaí leis na scéimeanna seo a thosú agus a chríochnú. Go deimhin, ba iad a d’aimsigh na suíomhanna trína gcuid gníomhaíochta. Tá na heastáit seo ina mbuntáiste mór don phobal anois. Rinneadh an obair idir deich agus cúig bliana déag ó shin. Obair thábhachtach forbartha tuaithe a bhí i gceist. Ach, is cosúil go bhfuil droim láimhe tugtha anois ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le sráidbhaile tuaithe i gConamara chomh fada agus a bhaineann sé le tithe.
Drochthoradh a bhí ar an réiteach a rinne an toscaireacht agus ar an aistear fada isteach agus amach as Gaillimh an tseachtain seo caite. Ach, ina dhiaidh sin féin, bhí buntáiste ag baint leis an iarracht ó thaobh na gcoistí agus na toscaireachta de. Fuarthas cruthúnas ar dhearcadh agus ar pholasaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe i gcás na tithíochta – agus an dearcadh atá acu ar an ‘gcarr’ agus ar na ceantair ina dteastaíonn carr. Tá an fhianaise sin ar fáil anois go soiléir.
Troidfear an cás seo, gan dabht, mar ab éigean go leor eile a throid.
Ach caithfidh Comhairleoirí Contae Chonamara agus Cathaoirleach na Comhairle, Seán Ó Tuairisg, a bheith páirteach ann anois. Cath é atá le troid arís ar mhaithe le cuisle phobail na gcnoc agus na gcladach a choinneáil bríomhar.
Fág freagra ar 'Téigh chun an bhaile mhóir, nó téigh ag feadaíl! Rogha mhuintir Ghaeltacht Chonamara…'