Teideal ‘seafóideach’ an Choimisnéara Ultaise cáinte le linn plé faoi bhille teanga in Westminster

45 leasú a moladh inné ag céim an choiste den bhille teanga atá le tabhairt isteach in Westminster don Tuaisceart, ina measc ceann faoi theideal 24 focal an Choimisinéara Ultaise

Teideal ‘seafóideach’ an Choimisnéara Ultaise cáinte le linn plé faoi bhille teanga in Westminster

Maurice Morrow, Tiarna Morrow Ghleann an Chlochair, DUP

Cuireadh tús tráthnóna inné i dTeach na dTiarnaí i Londain leis an mionphlé ar an mbille teanga atá le tabhairt isteach in Westminster do Thuaisceart Éireann.

45 leasú a moladh ag céim an choiste den bhille mar a ndéantar mionscrúdú agus plé líne ar líne ar aon leasú atá le déanamh ar phíosa reachtaíochta.

Pléadh le linn an chruinnithe leasuithe a cuireadh chun cinn chun laghdú a dhéanamh ar an mbaol go mbeadh veto ag an DUP ar na cearta teanga sa reachtaíocht.

Pléadh freisin leasuithe a bhain leis na cumhachtaí nua atá á moladh do Státrúnaí an Tuaiscirt, cumhachtaí a cheadódh dó feidhm a thabhairt don bhille é féin dá dteipfeadh ar Stormont an cúram a dhéanamh.

Pléadh chomh maith cuid mhaith leasuithe a bhain le stádas na hUltaise agus le maoiniú breise a thabhairt di. Rinneadh cuid mhaith cainte faoi leasú ar theideal fada 24 focal an Coimisinéara Ultaise atá molta sa bhille.

Tabharfaidh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair. Cheapfaí faoin reachtaíocht beirt Choimisinéirí Teanga, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Tá sé ina imní, áfach, go bhfágann cuid den bhille go mbeadh veto ag polaiteoirí aontachtaithe ar na cearta teanga ann.

Mar shampla, is le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a cheapfaí an Coimisinéir Teanga agus ina dhiaidh sin, is le cead na n-airí sin a thabharfaí isteach na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras. Fágann sin go bhféadfadh an DUP bac a chur ar chearta teanga, mar atá déanta acu go dtí seo in Stormont.

De réir ceann de na leasuithe a mhol Banbharún Dhún Pádraig Margaret Ritchie ní bheadh na caighdeáin a leagfadh an Coimisinéir Teanga nua síos ag brath ar bheannacht a fháil ón gCéad-Aire agus an Leas-Chéad Aire.

D’fhágfadh leasú eile a mhol Ritchie go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí cloí leis na caighdeáin i dtaobh seirbhísí seachas “aird mar is cuí” a thabhairt orthu, mar atá sa bhille faoi láthair.

Mhol Ritchie agus an Banbharún Mary Goudie ó Pháirtí an Lucht Oibre leasú a d’fhágfadh go mbeadh ar Státrúnaí an Tuaiscirt cinneadh a dhéanamh faoi fheidhm a thabhairt don reachtaíocht taobh istigh de 30 lá ón uair a chuirfí bac uirthi in Stormont.

Ach mhol an Banbharún Kate Hoey, iarbhall de pháirtí an Lucht Oibre, atá go láidir i gcoinne an bhille, agus an Tiarna Daniel Moylan ó na Tóraithe nach mbeadh cead ag an Státrúnaí gníomhú i leith na reachtaíochta ach amháin sa chás go mbeadh Feidhmeannas Stormont imithe ar feadh sé mhí.

Chuaigh leasú a mhol polaiteoirí de chuid an DUP níos faide ná sin agus iad den tuairim gur cheart na cumhachtaí a thugtar don Státrúnaí a bhaint as an mbille ar fad. Ba iad na polaiteoirí a chuir an leasú sin chun cinn – Maurice Morrow, Tiarna Morrow Ghleann an Chlochair, William McCrea, Tiarna McCrea Mhachaire Fíolta, Willie Hay, Tiarna Hay Ballyore agus Nigel Dodds, Barún Dhuncairn.

Mhol an ceathrar céanna go mbeadh ar an Státrúnaí tuarascáil airgeadais a ullmhú gach bliain faoi chostas na reachtaíochta. Bhain roinnt de leasuithe eile an DUP leis an Ultais.

Moladh mar shampla go gciorrófaí teideal an Choimisinéara Ultaise – An Coimisinéir um Fhorbairt agus Bisiú ar an Teanga, na hEalaíona agus an Litríocht a luaitear le Traidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach.

Mhol ceathrar an DUP freisin go leasófaí an bille le go mbeadh deontais ar leith le dáileadh ag an Roinn Oideachais chun a dualgais nua maidir le cur chun cinn na hUltaise a chomhlíonadh.

Níor ghlac Rialtas na Breataine le haon cheann de na leasuithe a moladh le linn an phlé ach dúirt an Tiarna Jonathan Caine, a bhí ag labhairt thar ceann Rialtas na Breataine, go bhfillfeadh sé ar roinnt acu ag an gcéad chéim eile, Céim na Tuarascála.

I measc na leasuithe a dúirt an Tiarna Caine go bhfillfeadh sé orthu bhí an ceann a mhol an DUP faoi theideal Choimisinéir na hUltaise a athrú. Dúirt an Tiarna Morrow go raibh an teideal a leagadh amach sa bhille “seafóideach” agus go ndéanfaí “ceap magaidh” den ról.

Jonathan Caine

Tuairiscíodh go raibh an mhíshástacht faoi theideal Choimisinéir na hUltaise ar cheann de na cúiseanna go raibh an oiread moille ag baint le tabhairt isteach na reachtaíochta in Westminster.

Agus é ag tagairt don leasú, dúirt an Tiarna Caine gur thuig sé go maith buairt an Tiarna Morrow agus a chomhghleacaithe agus go bhfiosródh sé an scéal tuilleadh roimh Chéim na Tuarascála.

Mheas an DUP go raibh leithcheal i gceist freisin i dtaobh na gcumhachtaí a bhronnfar ar an dá choimisinéir. Dúradh gur bhain cuid den ábhar a bhí sa bhille siar as an bpobal Aontachtach sa Tuaisceart. Bheadh cumhachtaí i bhfad níos mó ag an gCoimisinéir don Ghaeilge, a dúradh. Dúirt an Tiarna McCrea go raibh “an t-idirdhealú” a bhí á dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Ultais “dochosanta amach is amach”.

Dhiúltaigh an Tiarna Caine glacadh leis an leasú agus dúirt sé nach mbeadh sé cuí na cumhachtaí a bheadh ag coimisinéir amháin a leasú gan cumhachtaí an choimisinéara eile a leasú freisin. Dúirt sé go mbeadh na coimisinéirí ag freastal ar na “riachtanais éagsúla atá ag an dá phobal ó thuaidh”.

Fág freagra ar 'Teideal ‘seafóideach’ an Choimisnéara Ultaise cáinte le linn plé faoi bhille teanga in Westminster'

  • Dónall Mac Billing

    Cá háit a bhfuil na cainteoirí líofa nó dúchasacha Ultais lonnaithe agus an bhfuil cáipéisí agus cóip san Ultais ar fáil den Bhille teanga ??????

  • Seán Mac an Bhuaile

    Lá breithe sona do Dhónall Mac Billing ag aois 72 Bliain 25/06/2022, An Poblachtach is sine i faoi ghlas i bPríosún Port Laoise . Ó do chlann agus chairde poblachtacha ar fud na tíre is ar fud an Domhain. An Phoblacht Nua Abú.