Tá ráite ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gurb ionann torthaí phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4 i dtaobh na Gaeilge agus “teachtaireacht láidir do gach páirtí” faoin teanga.
Tá 60% de dhaoine den tuairim go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge, de réir phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4.
Daoine idir 18 agus 34 bliain d’aois is mó a bhí ar son na teanga agus 69% de dhaoine sa ghrúpa sin a dúirt go raibh tábhacht léi.
De réir na pobalbhreithe a rinne Red C i measc 3,000 duine in 150 ionad vótála, 27% de dhaoine a chreideann go bhfuil an Ghaeilge ‘fíorthábhachtach’.
Ní dúirt ach 5% nach raibh tábhacht ar bith leis an teanga.
Dúirt Julian de Spáinn gur “meabhrú eile” don Rialtas agus don aos polaitiúil a bhí sna torthaí sin “go bhfuil an pobal go láidir taobh thiar den teanga”.
“Léiríonn na torthaí go mbeadh beannacht an phobail ag an Rialtas nó ag aon rialtas eile tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don oideachas a thabhairt isteach don oideachas trí Ghaeilge agus tacú go láidir le bunú níos mó gaelscoileanna.
“Léargas ar mheon an phobail faoin nGaeilge atá ann agus léiríonn sé go gcuirfeadh daoine fáilte roimh chinntí suntasacha ar son na Gaeilge,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Iarradh orthu uimhir idir 0 agus 10 a thabhairt do thábhacht na teanga. 27% a thug uimhir 10 di, an céatadán is mó as aon cheann de na huimhreacha. Uimhir 8 an céatadán ab airde ina dhiaidh sin.
Creideann os cionn an cheathrú cuid de na daoine a ghlac páirt sa phobalbhreith a rinneadh thar ceann RTÉ agus TG4 inné go bhfuil an Ghaeilge “fíorthábhachtach”. 5% a dúirt nach bhfuil tábhacht ar bith léi.
Rinneadh os cionn 3,000 agallamh ag breis is 150 ionad vótála agus cuireadh roinnt ceisteanna ar dhaoine faoi thábhacht na Gaeilge dar leo.
Iarradh orthu siúd a ghlac páirt sa phobalbhreith iarvótála uimhir idir 0 agus 10 a roghnú mar léiriú ar an tábhacht a shamhlaigh siad leis an nGaeilge. Ba é uimhir 10 an rogha is coitianta ag daoine agus os cionn an ceathrú cuid de dhaoine den tuairim go raibh an Ghaeilge ‘fíorthábhachtach’.
60% de dhaoine a roghnaigh uimhir 7,8,9 nó 10.
Lucht tacaíochta Shinn Féin ba mhó a shamhlaigh tábhacht leis an nGaeilge – 67% – agus lucht tacaíochta Fhine Gael ba lú a mheas tábhacht a bheith ag baint léi – 52%.
Dúirt 88% de dhaoine a labhraíonn Gaeilge go rialta go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge agus 39% de dhaoine nach raibh labhairt na Gaeilge acu a dúirt go raibh tábhacht léi mar sin féin.
Maidir le beartais i dtaca le cur chun cinn agus cosaint na Gaeilge, ba iad na gaelscoileanna is mó a luadh agus 34% de dhaoine den tuairim gurb iad na scoileanna lán-Ghaeilge is mó a dhéanann leas na teanga. 16% a mhaígh gurb é an rud is mó a dhéanfaidh leas na Gaeilge ná go dtabharfaí tacaíocht di sa Ghaeltacht. 14% a dúirt gurb é an rud is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná go mbeadh cláir theilifíse i nGaeilge ann.
Dúirt 8% gurb é an beart is tábhachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar son na teanga ná tacú le suímh idirlín i nGaeilge agus 3% a dúirt amhlaidh faoi chláir raidió Ghaeilge.
Idir an dá linn, de réir na pobalbhreithe iarvótála, 65% de dhaoine atá ar son athaontú na tíre.
Cordelia Nic Fhearraigh
An seo an pobalbhreith a rinneadh i mBéarla sa Ghaeltacht??…
27%….39%… tá na figiúirí seo iontach íseal…