Teachtaí Dála a raibh ceangal acu le scéal an Tuaiscirt ag éirí as

Díol suime iad na daoine a d’imir tionchar ar chúrsaí i dTuaisceart Éireann agus nach mbeidh san iomaíocht san olltoghchán ar an 29 Samhain

Teachtaí Dála a raibh ceangal acu le scéal an Tuaiscirt ag éirí as

Tréigean gan fasach. Líon ollmhór de na Teachtaí Dála sa 33ú Dáil ag fágáil slán dá ndeoin féin le Teach Laighean i bhfad roimh aois an phinsin. Ag breathnú aduaidh ar an gcor eisceachtúil seo, díol suime iad na daoine a d’imir tionchar ar chúrsaí i dTuaisceart Éireann agus nach mbeidh san iomaíocht san olltoghchán ar an 29 Samhain.

Baineadh geit as daoine theas agus thuaidh nuair a d’fhógair Leo Varadkar go raibh sé ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael. Chinn sé níos deireanaí nach seasfadh sé don Dáil arís.

Dia beag agus deamhan ab ea an t-iarThaoiseach ag daoine abhus scaití. I dtús a ré mar Thaoiseach d’fháiltigh an tOrd Oráisteach roimhe ina Mhúsaem in oirthear Bhéal Feirste agus rinne sé an oscailt oifigiúil ar Fhéile an Phobail i gceantar na bhFál, an ceiliúradh in iarthar na cathrach a bhfuil Sinn Féin bródúil as.

Chuir Breatimeacht cor diúltach ina chaidreamh le haontachtaithe, toisc gur chuir sé cos i dtaca chun teorainn chrua iar-Bhreatimeachta ar oileán na hÉireann a chosc. Thuill sé féin agus a chomhghleacaí, Simon Coveney moladh as sin ó dhaoine ar mhian leo fanacht san Aontas Eorpach agus srian a chur leis an dochar ón mBreatimeacht. Dá réir mhol an SDLP agus Alliance é nuair a d’éirigh sé as, iad buíoch as a shaothar.

Dúirt aontachtaithe gur mhinic a d’easaontaigh siad ach gur deineadh é go múinte. Ghuigh ceannairí an DUP agus an UUP an t-ádh air agus dúirt an LeasChéad-Aire, Emma Little Pengelly go raibh siad in ann comhoibriú ar cheisteanna áirithe cé gur easaontaigh siad faoin bprótacal agus teorainn i Muir Éireann; ghuigh sise an t-ádh air freisin.

Níorbh amhlaidh an scéal leis an gCéad-Aire, Michelle O’Neill, Sinn Féin, a dúirt go dtabharfaí breithiúnas ar Leo Varadkar lá eile. Ní nárbh ionadh ó pháirtí a bheadh san iomaíocht le Fine Gael, dúirt sí gur toghchán a bhí de dhíth. Cé gur léirigh sé i bhfad níos mó spéise in Éire aontaithe ná mar is dual do Thaoisigh ó Fhine Gael cháin poblachtánaithe é as easpa ullmhúcháin le haghaidh reifreann faoin teorainn.

Bhí Simon Coveney ar dhuine eile den ghrúpa atá ag fágáil na polaitíochta a rinne obair dhian ar mhaithe le Tuaisceart Éireann. Mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus comhchathaoirleach leis an Státrúnaí Caomhach, Julian Smith, d’athbhunaigh siad Stormont i mí Eanáir 2020 tar éis trí bliana d’fholús. Ina theannta sin ba é an tAire a bhí freagrach as an obair throm leis an Aontas Eorpach chun teorainn chrua de bharr an Bhreatimeachta a sheachaint.

Tháinig cur chuige Varadkar agus Coveney aniar aduaidh ar aontachtaithe a réitigh go maith le réamhtheachtaí an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan. Tá seisean i measc na dTeachtaí Dála atá ag éirí as freisin. D’airigh an DUP go raibh sé níos báúla leo agus níos ‘tuisceanaí’ ná Simon Coveney. Ba mhó an meas a bhí ag an tromlach frith-Bhreatimeachta ar shaothar Coveney.

I measc ionadaithe eile a raibh aithne mhaith orthu abhus tá Fergus O’Dowd agus Heather Humphreys, teachtaí i ndáilcheantair cois teorann. Tá fáilte roimh chiste uile-oileáin Mhicheál Martin ar ndóigh ach ó tá seisean ag fanacht sa pholaitíocht ní bhaineann se leis an ábhar seo. Is ar Varadkar agus Coveney a bhíothas ag caint le laethanta beaga anuas, áfach, nuair a bhí ról cinniúnach á lua.

Tugadh creidiúint mhór freisin d’Éamon Ó Cuív. Bhí sé dílis do lucht na Gaeilge abhus, thug sé tacaíocht dóibh agus aitheantas. Theastaigh uaidh tráth go mbeadh iarrthóirí ag Fianna Fáil i dTuaisceart Éireann; sé bliana ó shin chaill sé a phost ar bhinse tosaigh FF nuair a thacaigh sé le hiarrthóir do thoghchán áitiúil in iarthar Thír Eoghain gan chead ón bpáirtí. Ba é a shaothar ar mhaithe le príosúnaigh ba mhó a tharraing aird. Beag beann ar a fhreasúra don bhforéigean thug sé cluas le héisteacht do ghearáin ó phríosúnaigh pharaimíleatacha le blianta agus rinne sé feachtasaíocht ar son a gcearta.

Fág freagra ar 'Teachtaí Dála a raibh ceangal acu le scéal an Tuaiscirt ag éirí as'