Teachta Dála as láthair do bheagnach 95% de chruinnithe Choiste Gaeilge an Oireachtais

Ní raibh an Teachta Dála Danny Healy Rae ó Chiarraí i láthair ach ag trí cinn den 54 cruinniú a bhí ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge idir Deireadh Fómhair 2020 agus deireadh na bliana seo caite

Teachta Dála as láthair do bheagnach 95% de chruinnithe Choiste Gaeilge an Oireachtais

Níor fhreastail ball amháin de Choiste Gaeilge an Oireachtais ach ar thrí chruinniú den bhreis is leathchéad a bhí ag an gcoiste ó cuireadh tús leis sa bhfómhar, 2020.

Ní raibh an Teachta Dála Danny Healy Rae ó Chiarraí i láthair ach ag trí cinn (5.5%) den 54 cruinniú a bhí ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge idir Deireadh Fómhair 2020 agus deireadh na bliana seo caite.

Cé go raibh an píosa reachtaíochta teanga is suntasaí le beagnach 20 bliain, an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, idir lámha ag an gcoiste le linn na tréimhse sin, níor fhreastail an Teachta Healy Rae ar chruinniú ar bith de Roghchoiste na Gaeilge nuair a bhí na leasuithe ar an mBille Teanga á bplé.

Bhí Gary Gannon, Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta nach bhfuil ina bhall de Choiste na Gaeilge, i láthair ag péire de na cruinnithe a bhí ag an Roghchoiste sa Dáil agus mhol sé leasuithe ar an mbille.

De réir tuarascála bliantúil an choiste a foilsíodh le gairid, tionóladh 42 cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge agus 12 cruinniú eile de Roghchoiste na Gaeilge idir Deireadh Fómhair 2020 agus Nollaig 2021. Ba ag an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Fergus O’Dowd ó Fhine Gael a bhí an dara tinreamh is measa ach d’fhreastail seisean ar 15 cruinniú san iomlán, cúig uaire níos mó ná an Teachta Healy Rae.

Ceapadh an Teachta Healy Rae ar Choiste na Gaeilge nuair a bunaíodh é i bhfómhar na bliana 2020. D’fhreastail sé ar an dara cruinniú de chuid an choiste mí Dheireadh Fómhair 2020 ach bhí beagnach bliain iomlán ann sular fhreastail sé ar aon chruinniú eile, mí Mheán Fómhair 2021.

Is é an t-aon uair gur labhair an Teachta Healy Rae ag cruinniú de chuid an choiste ná nuair a bhí ionadaithe ó Chomhairle Contae Chiarraí agus ó údaráis áitiúla eile os comhair an choiste. Labhair an Teachta Healy Rae i mBéarla faoi dhaoine a bheith ag cur i gcoinne cead pleanála a thabhairt do thitheagus faoin mbuntáiste a bhain le tithe a ligean ar cíos go gearrthéarmach. Is é an t-aon bhall den choiste nach bhfuil Gaeilge aige.

D’iarr Tuairisc ráiteas ar an Teachta Healy Rae maidir lena thinreamh ag Coiste na Gaeilge ach ní bhfuarthas freagra go dtí seo.

Is ag cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, a bhí an tinreamh is fearr mar bhí sé i láthair ag gach ceann den 54 cruinniú, idir cruinnithe den chomhchoiste agus den roghchoiste.

Bhí an Teachta Dála Aindrias Moynihan ó Fhianna Fáil i láthair ag 46 den 54 cruinniú agus bhí na Teachtaí Dála Dara Calleary (Fianna Fáil), Pa Daly (Sinn Féin) agus Catherine Connolly (Neamhspleách) i measc na mball a d’fhreastail ar bhreis is dhá scór de na cruinnithe. Bhí Éamon Ó Cuív Fhianna Fáil, atá ina bhall ex-officio den choiste, i láthair ag 40 cruinniú freisin.

Ó thaobh na Seanadóirí atá ar an gcoiste, ba é Seán Kyne, Fine Gael, agus Lorraine Clifford-Lee, Fianna Fáil ba mhó a d’fhreastail ar na cruinnithe agus iadsan i láthair ag dhá thrian de chruinnithe an chomhchoiste idir Deireadh Fómhair 2020 agus deireadh na bliana 2021.

Mhair 42 cruinniú an chomhchoiste le linn na tréimhse sin 46 uair an chloig san iomlán agus mhair an 12 cruinniú a bhí ag an roghchoiste breis is 25 uair an chloig.

Fág freagra ar 'Teachta Dála as láthair do bheagnach 95% de chruinnithe Choiste Gaeilge an Oireachtais'

  • Nuala Kelly

    Conas ar ceapadh é (DHR) agus gan aon focal gaeilge aige?

  • Hanna Ní Lochnáin

    Agus an Teachta Dála Danny Healy Rae mar ionadaí ar dháilcheantar ina bhfuil dhá Ghaeltacht? Seo náireach agus maslach. Canathaobh gur ghlac sé leis an gceapachán mura raibh suim dá laghad aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta? Ba cheart dó an Ghaelainn a fhoghlaim agus páirt gníomhach a ghlacadh ar an gCoiste ar leas muintir Ghaeltachta Chiarraí, nó éirí as an gCoiste.

  • Mícheál Ó Doibhilín

    Ba cóir go mbéadh se d’iachall ar baill bheith i láithair ag ar a laghaid trian de ne cruinnithe. Muna mbíonn and ball ann ar a laghad sin ba cóir gur bainfeadh ón Coiste é nó í.
    Is masla don Gaeilge agus don Coiste é tinnreamh an Ciarraíoch.

  • Paul Laughlin

    Cad chuige nár cuireadh an ruaig ar Healy Rae. Níl ann ach cur amú ama.

  • Seán Mag Leannáin

    Quelle surprise? Ionadh orm má tá ionadh ar éinne.

  • Pól

    Cén fáth gur ball den choiste Gaeilge é duine den chineál sin? Is léir nach bhfuil suim dá laghad aige i gcúrsaí Gaeilge ná i gcúrsaí an choiste ach an oiread.