Taispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’

Tugann Dónall Ó Héalaí ceann de na taispeántais scáileáin i nGaeilge is fearr riamh in ‘Arracht’ ach níl ansin ach ceann den iliomad cúiseanna ar cheart duit féachaint ar an saothar seo

Taispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’

Arracht
Scríbhneoir/Stiúrthóir:
Tomás Ó Súilleabháin
Cliar: Dónall Ó Héalaí, Dara Devaney, Saise Ní Chuinn, Siobhán O’Kelly, Eoin Ó Dubhghaill, Michael McElhatton

Is saothar stuifiúil, machnamhach é Arracht, an scannán is déanaí ón scéim Cine4, ar éirigh leis 11 ainmniúchán a fháil do na gradaim IFTA nuair a fógraíodh inné iad.

Bhí an scannán Gaeilge ar taispeáint mar chuid d’Fhéile Scannánaíochta na Gaillimhe le déanaí.

Déantar cíoradh anseo ar eispéireas fear aonair i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ar shlí ealaíonta, ach réalaíoch. Is léir ón gcéad luí súl gur saothar é seo atá go hiomlán teann as féin.

Fear seiftiúil é Colmán Ó Searcaigh (Ó Héalaí) atá in ann a chrústa a thuilleamh ar mhuir is ar thalamh i gConamara sna 1840idí. Lucht déanta poitín a mhuintir roimhe; iad go maith á dhéanamh, ach go dona á ól, mar a deir sé féin go seanbhlastúil.

Cuirtear inár láthair é mar dhuine beagfhoclach, dúnéaltach, ach is duine uasal, stuama é lena chois sin.

Maireann sé ón lámh go dtí an béal go socair sásta i scioból beag lena bhean agus a mac. Tá suan na muice bradaí le sonrú ón tús, áfach, agus fios againn go bhfuil an drochshaol ag teacht go leac an dorais chucu.

Tagann Patsy Kelly (Devaney) ’on dúthaigh agus iarrann an sagart ar Cholmán lámh chúnta a thabhairt dó. Fásann cairdeas eatarthu. Tá cíos na talún ag luí ar Cholmán agus tá na prátaí ag teip. Tugann sé cuairt ar an tiarna talún ach déanann gníomhartha fill Patsy an chairt a raideadh agus bíonn ar Cholmán dul ar a theitheadh.

Tá trí théama cniotáilte le chéile mar sin: saol Cholmáin agus é ar a theitheadh, uafás an Ghorta Mhóir agus an bhaint a bhí ag córas na dtiarnaí talún leis sin. “Níor tharla sé seo dúinn. Sé an chaoi ar déanadh é seo orainn,” a deir Colmán go fealsúnach, ach le drochmhianach ag pointe amháin.

Is é scéal aonair Cholmáin a thugann léargas dúinn ar an ainnise; níl aon radharc ar theach na mbocht, an imirce ná na corpáin.

An fear aonair ag maireachtaint ar éigean agus gan ann ach an craiceann agus na cnámha. É ciaptha ag cuimhneamh ar a bhean is a mhac. An daonnacht sleamhnaithe uaidh faoi mar atá an fheoil imithe dá chnámha.

Lá de na laethanta tagann sé ar chailín óg (Saise Ní Chuinn) agus tugtar ardú meanma dó mar aon le hábhar beag dóchais.

Tugann cúpla radharc le carachtar Siobhán O’Kelly léargas suaite cumhachtach ar an uafás agus ar an éadóchas i measc an phobail.

Oireann tírdhreach sceirdiúil Chonamara do ghruamacht an scéil agus tá glór na gaoithe is na farraige inár gcluasa ó thús deireadh nach mór.

Is léir go raibh an scríbhneoir/stiúrthóir Tomás Ó Súilleabháin agus a mheitheal ar a gcroí díchill ag iarraidh léiriú dílis cruinn a thabhairt ar shaol na tréimhse. I gcaitheamh an scannáin címid na carachtair ag cur prátaí, ag cur éisc ar shalann, ag búistéireacht muice, ag tógaint claíocha agus ag iascach i húicéar.

Cuireann sin go mór le réalachas an scannáin, agus dá bharr, le cumhacht an tsaothair.

Tá aisteoireacht den scoth ón gcliar ar fad. Dara Devaney atá i bpáirt an bhithiúnaigh agus é ar fheabhas mar is gnáth. Dhá ainmniúchán IFTA a fuair fear Mhuiceanach Idir Dhá Sháile i mbliana, ceann d’Arracht agus ceann do Finky, scannán eile de chuid Cine4. Tá ardtaispeántais leis ann ó Ian McElhatton, an tiarna talún, ó Eoin Ó Dubhghaill, an deartháir agus ó bheirt aisteoirí Gaeltachta cumasacha eile, Siobhán O’Kelly, an mháthair agus Saise Ní Chuinn, an cailín óg.

Dá fheabhas iad go léir, Is le Ó Héalaí an scannán seo, áfach. Tugann fear Ghaeltacht Chois Fharraige taispeántas den chéad scoth uaidh agus an scannán go minic i dtaobh le ciúnas agus seatanna teanna dá chuntanós.

Ach níl gá ag Ó Héalaí ach le hamharc anseo nó focal fánach ansiúd lena theachtaireacht a thabhairt.

Tá a thaispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga agus is cinnte go bhféadfaí cás a dhéanamh gurb é seo an taispeántas scáileáin i nGaeilge is fearr riamh.

Sin ceann den iliomad cúiseanna ar cheart duit féachaint ar an saothar seo.

Fág freagra ar 'Taispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’'

  • Páidí

    Conas is féidir an scannán a fheiceáil?