Léamh maoithneach, rómánsúil Kevin Costner ar imeallchríoch Mheiriceá 

Seo an chéad scannán de cheithre cinn atá beartaithe ag seanfhondúir scannáin na mbuachaillí bó faoin tréimhse chinniúnach sin

Léamh maoithneach, rómánsúil Kevin Costner ar imeallchríoch Mheiriceá 

Horizon: An American Saga – Chapter 1
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Kevin Costner
Cliar: Kevin Costner, Sienna Miller, Sam Worthington, Giovanni Ribisi, Michael Rooker, Danny Huston, Luke Wilson

Is iad scannáin na mbuachaillí bó a dhein a chóta bán do Kevin Costner. Gan amhras thosaigh sé ar fad 34 bliain ó shin le Dances With Wolves (1990); saothar a ghnóthaigh seacht nduais Oscar, dhá cheann dó féin, ceann don scannán is fearr agus an stiúrthóir is fearr san áireamh. I gcaitheamh na mblianta d’fhill sé ar an iomaire sin go minic lena chrústa a thuilleamh: Wyatt Earp (1994), Open Range (2003) agus Hatfield & McCoys (2012). D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh múnla scannán na mbuachaillí bó ar scannáin eile dá chuid,  Waterworld (1995) mar shampla. Le blianta anuas is é ag dul san aois (bhí sé 69 i mbliana)  agus a cháil ag teip beagán chuaigh sé ag rómhar arís; an uair seo an tsraith buachaillí bó, Yellowstone, atá lonnaithe sa lá atá inniu ann.

Seo chugainn anois é le ceann de na saothair is uaillmhianaí uaidh; cnuasach de cheithre scannán atá lonnaithe in imeallchríocha Mheiriceá  thar tréimhse dhá bhliain déag díreach roimh, agus i ndiaidh, Chogadh Cathartha na tíre. Is uaillmhianach an togra é agus an chéad rud a rithfeadh leat i ré seo na teilifíse ná canathaobh nár deineadh sraith theilifíse den chúram. Bíodh sin mar atá is dóigh liom go gcuireann an saothar seo thar a fhulaingt muid. Ina chuid iarrachtaí a bheith eipiciúil, scóipiúil éiríonn rudaí míshlachtmhar, scaipthe. In ainneoin go bhfuil breis agus trí huaire an chloig againn tá an chuma ar charachtair agus ar mhíreanna áirithe go bhfuilid á raideadh chugainn faoi dheifir. Gan amhras lena cheart a thabhairt don saothar caithfear é a mheas ina iomláine.

Tosaímid amach i nGleann San Pedro san bhliain 1859 mar a gcímid lonnaitheoirí ag pleanáil a gcuid tithe. Ní fada ina dhiaidh sin go ndéanann na Apache slad. Seoltar meascán mearaí de charachtair chugainn: baintreach le Miller, saighdiúir le Worthington, ceannaire carbhán le Wilson, trádálaí capall le Costner agus na deartháireacha fiáine díoltasacha atá sa tóir air. Iad sin agus a lán eile nach iad. Taispeántais mhaithe ón gcliar ar fad, obair foirne atá anseo gan éinne ag seasamh amach, go fóill ar aon nós. Is féidir brath ar Costner i gcónaí leis an bhfear beagfhoclach, cróga a léiriú. Ina theannta sin tá seatanna áille againn de thírdhreach iarthar Mheiriceá.

Déantar iarracht scéal na mbundúchasach a chniotáil le scéal na lonnaitheoirí. Ábhar goilliúnach é seo agus mhothaíos ar uairibh go raibh a scéal in áit na leathphingine. Bhíothas ag iarraidh an t-éileamh a shásamh agus an cáineadh a sheachaint.

Taibhsíodh dom nach raibh an saothar tíriúil, réalaíoch a dhóthain, cuimhním ar an tsraith iontach sin Lonesome Dove (1989). Lena chois sin tá an saothar ábhairín ró-rómánsúil agus maoithneach; ceol spreagúil ag tionlacan seatanna teanna do chuntanóis agus a leithéid. Is léir go bhfuil Costner gafa leis an laochas agus an miotas a bhaineann leis an tréimhse seo i stair Mheiriceá; ní fhágann sin gur saothar stuifiúil é seo. An rud ab aite ná gur chríochnaigh an scannán seo le míreanna ón dara gála, tréiléar a bhí ann i ndáiríre, amhail is nach raibh an saothar a bhí feicthe againn mealltach a dhóthain le sinn a choimeád, caitheadh sin a mhealladh le blúirín den mhéid atá le teacht.

Fág freagra ar 'Léamh maoithneach, rómánsúil Kevin Costner ar imeallchríoch Mheiriceá '