‘Táimid ag fágáil slán le cara buan dílis de chuid na nGael’

Thug sagart paróiste Ghaoth Dobhair ómós cuí inné don chraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí a bhásaigh an tseachtain seo. Seo an chaint a rinne an tAthair Brian Ó Fearraigh i dTeach Pobail Dhoirí Beaga

‘Táimid ag fágáil slán le cara buan dílis de chuid na nGael’

Bernie agus Fionnuala, comhbhrón ó chroí leis an bheirt agaibh – tá bhur gcroíthe trom, brónach agus cráite inniu agus le cúpla lá anuas, mar atá againn uilig ó dhruid Rónán a chuid súile ar sholas an tsaoil seo agus ó shéid sé anáil den uair dheireanach agus shíothlaigh sé, le haghaidh a thabhairt ar an tsíoraíocht.

Tá pian sa bhás, tá briseadh croí sa bhás, tá ceisteannaí go leor sa bhás, tá gortú sa bhás. Is scarúint mhór é, agus is maith mar atá fhios agaibh agus mar a thuigeann sibh an méid sin inniu.

Is beag a thig liom a ráit libh anseo ar maidin inniu, a dhéanfas maolú de sheórt ar bith ar an phian, an chumha agus ar an bhriseadh croí sin atá in bhur gcroí istigh agus sibh ag fágáil slán le Rónán – fear céile cineálta, lách, muirneach a raibh grá domhain dílis agaibh dá chéile, a Bhernie. Le Dadaí grámhar, spraíúil, spórtúil, dochreidte, a Fhionnuala agus gur tú stór a chroí, bhí a chroí istigh ionat, bhí sé craiceáilte ar fad fa dtaobh duit, mar a bhí tú féin dó-san.  Ba tú féin agus Mamaí an bheirt a ba thábhachtaí do Rónán ina shaol ar fad.

Lena chuid deirfiúracha agus deartháireacha fosta, is mór bhur bpian-sa chomh maith na laetha seo. Tá lúb luachmhar eile briste i slabhra bhur dteaghlaigh, agus bhur ndeartháir dhil Rónán imithe romhaibh. Agus níl sin furasta ar dhóigh ar bith oraibh.

Agus a chuid daoine maithe muinteartha agus a chairde, dlúthchairde Rónáin uilig, moll mór agaibh anseo i láthair, agus moll eile nach bhfuil ábalta a bheith anseo i bpearsa atá ag coimhéad isteach ar líne, ó chian agus ó chóngar.

A chomhghleacaithe i ngort na craoltóireachta agus na cumarsáide, cé acu scríofa nó craolta, go háirithe sibh uilig in RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cronóidh sibhse go mór Rónán. Is mór an folúntas fa dhíon an tí agaibh ansin sa stáisiún, Rónán a bheith ar shlua na bhfíréan, agus muid ag smaointiú, nach bhfuil sé i bhfad uilig ó d’fhág sibh slán le chomhghleacaí eile dá bhur gcuid, Seán Ó Duibhir as Cois Cláidí chomh maith. Is trom na buillí atá sibh ag fáil. Tá muid ag smaointiú oraibh agus ag guí ar bhur son uilig. Sna laethanta seo ó fuair Rónán bás, mhair sibh…d’obair sibh…agus thug sibh pobal libh agus d’iompair sibh pobal libh fríd na laethanta gruama seo… Go Raibh Maith Agaibh. Tá moladh agus buíochas ar leith tuillte ag achan duine agaibh, de bharr an méid atá déanta agaibh, an méid atá scríofa, ráite, curtha le chéile, eagraithe, pleanáilte agaibh uilig, agus a leanann sibh oraibh ag déanamh, le misneach, le huchtach, ag coinneáil cuimhne Rónáin beo, go díreach mar is dual daoibh ins an ghairm uasal atá agaibh. Is maith sibh.

A chomharsanaí, a chomrádaithe Rónáin uilig, tá leathbhádóir s’againn uilig ar lár agus is iomaí arraing atá curtha trínár gcroí ó chuala muid an scéala. Tá muid ag fágáil slán le cara buan, dílis de chuid na nGael, a raibh dáimh agus ceangal fiánta aige le daoine. Bhí bua iontach ag Rónán agus é ábalta comhrá a dhéanamh le idir leanbh ‘s liath, le uasal agus íseal, fear a bhí ina fhíorGhael go smior é Rónán Mac Aodha Bhuí.

A phobal na páirte, tá Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlua na bhfíréan. Tá sé ina chodladh i gCríost anois, agus sé ár nguí go bhfuil a anam i lámha Dé, áit nach mbainfidh pian nó piolóidí ar bith leis níos mó, mar a chuala muid ins an léacht ansin.

Corradh is scór go leith de bhlianta ó shin, i mBaile Átha Cliath do Rónán, seo mar a chur Rónán tús leis An Chiorcal Craiceáilte. Bhí cuid agaibh ann leis, ar an Choiste Craiceáilte, nó leis ins an chiorcal.

Shiúil sibh leis, cheiliúraigh sibh leis, cheol sibh leis, d’ól sibh leis, rinne sibh siamsaíocht agus scaip sibh soiscéal na Gaeilge.

Seo mar a scríobh sé féin é:

‘FOCAL ÓN ARD-RÍ – Éistigí, a chairde Gael, an bhfuil sibhse réidh fa choinne réabhlóid teangan úr, réabhlóid a thabharfas ar fud an oileáin ró-naofa seo muid ag spréadh soiscéal uasal an Chiorcal Craiceáilte?

Tá an Ciorcal Craiceáilte á bhunú sa dóigh is gur féidir linne, Gaeil óga na tíre, sult agus pléisiúr a bhaint as an teanga ar achan bhealach gur féidir.

Má tá suim agatsa a bheith páirteach sa ghluaiseacht úr seo atá lán d’fhuinneamh agus brí, téigh i dteagmháil le baill an Choiste Craiceáilte.

Níl fáilte roimh dhaoine leadránacha nó daoine a bhfuil suim acu úsáid pholaitiúil a bhaint as an chiorcal.

Tá míle fáilte roimh Ghaeil atá óg agus beo, bríomhar ina n-intinn agus a bhfuil suim acu rudaí a dhéanamh nár dhein siad ariamh cheana.

Níl anseo ach an tús – tá go leor eile le déanamh!

An bhfuil tusa craiceáilte go leor don Chiorcal?

Rónán Mac Aodha Bhuí: Ard-Rí an Chiorcal Craiceáilte.’

Sin mar a chuir Rónán Mac Aodha Bhuí, Ard-Rí an Chiorcal Craiceáilte tús leis – an Ciorcal Craiceáilte.

A leithéid de thús agus a leithéid de lorg atá fágtha aige, chan amháin ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach ar shaol na tíre agus na cruinne.

Shéid sé anáil agus spiorad úr na beatha, lán beogacht agus brí i ngluaiseacht na Gaeilge. Mhúscail sé suim, mórtas ceantair, teanga, tíre agus meas úr i measc chlann na nGael ina ndúchas agus ina n-oidhreacht.

Bhí briathar agus beart ag teacht le chéile go deireadh ina shaol agus ina bheatha.

D’ardaigh sé an soiscéal céanna sin go craiceáilte i láthair mórán finnéithe ar mhórán bealaí.

Thaistil Rónán agus a chuid comrádaithe, cathracha agus bailte, oileáin agus cuibhrinn agus cnocáin, ó Ghleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair, go Toraigh na dtonn, nó Toraigh na bhfonn mar a thug sé féin air, agus ar aghaidh go gob Cheann Mhálanna, go Carn Uí Néid agus ó Cheann an Chairn go dtí an Bhinn Mhór, agus níos faide ó bhaile ag scaipeadh soiscéal na Gaeilge agus ag déanamh an Ghaeilge sexyáilte (mar a deireadh sé fhéin… sin focal nár shíl mé go mbeinn ag úsáid riamh ón altóir anseo)

Rónán Beo – Rónán marbh, agus níl sin furast ar dhóigh ar bith ar aon duine againn. Tig muid le chéile anseo inniu mar phobal Críostaí, le seasamh le Bernie agus Fionnuala, le muintir Rónáin uilig, le cuidiú leo agus go díreach le bheith leo ina mbrón agus ina mbris ag an am chruaidh seo daofa uilig.

Is boichte go deo clann agus cairde na nGael mar gheall ar bhás Rónáin. Ach, sin ráite, chan bréag ar bith é, gur saibhre go cinnte achan uile dhuine againn mar gheall ar a bheatha, mar gheall ar gur mhair Rónán beo ar dhroim an tsaoil seo, agus go raibh aithne againn air agus go raibh tionchar aige ar ár saol ar dhóigh inteacht.

Mar a bhí’s agaibh, ó bhí mhí na súl buí 2019, bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ag troid leis an ailse. Thuig sé go raibh an ailse ansin, agus le tacaíocht uaibh uilig, achan duine ar bhur ndóigh féin, sheasaigh sibh leis, chuidigh sibh leis, thug sibh uchtach agus misneach láidir dó, agus throid Rónán go righin, go deireadh, char luí sé siar faoin aicíd ghránna sin in am ar bith, a fhad agus a thiocfadh leis é. Chan sin an spiorad a bhí ann, chan sin an spiorad a ghríosaigh sé i ndaoine eile. Ach thug sé aghaidh air le crógacht agus le misneach. Sin an rud a rinne sé. Sin an meon a bhí aige agus an claonadh a bhí ann. Nach fíor an seanfhocal; ar scáth a chéile. Choinnigh Rónán ag gabháil go deireadh. Char luigh sé síos faoi i riamh, throid sé é go deireadh. Sin cath a throid sé go cróga agus le croí.

Choinnigh Rónán greim ar shnáithe na beatha chomh fada agus a thiocfadh leis, go dtí sa deireadh, lena mhuintir féin lena thaobh, thart air a leabaidh, ag caint agus ag guí, agus le sacraimint na hEaglaise, an ola dheireanach, áit a mbíonn caidreamh agus ceangail idir an Críostaí agus Íosa Críost, Mac Dé – áit a raibh taithí ag Rónán ar Íosa ina ghrá agus ina thrócaire, agus níos moille an lá sin, shleamhnaigh sé go socair suaimhneach as an tsaol seo, mar a chuirfeá as coinneal, agus leis sin tá an choinneal múchta. Agus sin an rud a tharla lena bhás, múchadh bladhaire na beatha a bhí ar fiáin ann.

Ach cé gur múchadh solas na beatha ina shaol-san, a d’fhág muid uilig fuar fann folamh, caithfear a admháil agus aitheantas a thabhairt dó, mar gur mhisnigh sé muid uilig ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile leis an ábaltacht iontach sin a bhí ann, agus is cinnte gur las sé bladhaire inár gcroí istigh a dhófas go fuinniúil, le fonn agus le féile, go ceann fada go leor ina chuimhne.

Bhí mé ag tiomáint ar ais go Gaoth Dobhair tráthnóna arú inné. Agus ag teacht isteach bealach chúl na hEaragaile domh, isteach thart le Loch an Ghainimh, bhí an fhearthainn ag titim go tréan, agus thuas ar bharr na hEaragaile, bhí scamaill dhorcha ina luí, agus thart ar imeall na scamall céanna sin, bhí solas diamhrach ag soilsiú, bhí gileacht na gréine le feiceáil ag briseadh fríd na scamaill – radharc iontach drámatúil ar fad, solas ag sileadh síos ar thaobh na hEaragaile, ard ina stua os cionn caor is coll.

Tharraing mé isteach ar feadh seal ar bharr Dhún Lúiche, agus shuigh mé ansin leis an radharc a shú isteach, agus ar dhóigh, cuireann a leithéid i gcuimhne domh ár dteacht le chéile anseo inniu. Tá an dorchadas ina luí go trom ina bhlaincéad orainn, tá an brón, tá an briseadh croí, ach, tá an dóchas, an misneach agus an ghileacht fosta ann.

Tá an solas le feiceáil ag soilsiú, agus sé sin gileacht Rónáin. Bhí Rónán mar a bheadh solas lonrach ag soilsiú inár saol agus inár mbeatha.

Chuidigh Rónán le go leor daoine ar go leor leor bealaí. Fear carthanach a bhí ann, a raibh croí mór maith aige. Rinne sé oiread agus a thiocfadh leis do dhaoine eile, agus rinne sé sin go minic ar a bhealach beag suaimhneach féin. Thug sé guth agus ardán don oiread sin daoine, ar an oiread sin bealaí, tá fhios agaibh cé sibh féin, agus bíodh muid buíoch beannachtach as an méid sin inniu.

Bhéarfaidh muid buíochas do Dhia inniu as Rónán Mac Aodha Bhuí a thabhairt dúinn, as é a bheith againn inár saol, agus anois bheireann muid ar ais do Dhia é, lán de dhóchas go bhfuil sé anois ins an áit sin atá réidh ag Dia fána choinne, go bhfuil sé i láthair Dé, ag tabhairt cuntas air féin do Dhia, mar a chaithfidh muid uilig a dhéanamh lá inteacht – caithfimid go léir seasamh os coinne breithiúnas Dé – mar a chuala muid sa darna léacht – níl fhios againn cá huair, nó cá bhfuil fód ár mbáis. Agus an chéad léacht ag inse dúinn, go bhfaighidh muid trócaire agus grásta Uaidh. Ar an ábhar sin, sé ár nguí dár ndeartháir Rónán inniu nó paidir na nGael a deir: Réir Dé go ndéanaim agus Beatha na Naomh go dtuilleam, solas na bhflaitheas go bhfeiceam agus glóire na n-aingeal go gcloiseam.

Tá focal galánta againn sa Ghaeilge; Comhbhá nó Comhbhá na Dúlra – agus sin, mar atá a fhios agaibh, nuair a thig athrach ar an aimsir – dá bhfaigheadh duine bás – go n-éireodh rud go tobann – rud nach raibh ann – d’éireodh an fharraige, fearthainn, soilseach, clocha sneachta – seórt dá mbeadh an nádúr ag déanamh comhbhróin le bunadh an té atá ar lár. Agus bhí sin againn. An dúlra ag déanamh comhbhróin le fear a chaith a shaol cóngarach don dúlra, le meas buan aige ina chroí istigh don dúlra agus an timpeallacht thart air.

Mar a bhí’s agaibh, bhí a thearmann síthe agus spioradálta féin ag Rónán ar thóin an toigh, thíos cois na habhann – abhainn an Chláidí, áilleacht na háilleachta. A ámóg crochta idir dhá chrann, áit a síneadh sé é féin go mion agus go minic, dhruideadh a dhá shúil, agus é caillte sa tsuaimhneas iontach. (Ruathar siar ansin maidin inné, agus b’éigean domh gáire a dhéanamh liom féin, ina shuí ar thábla… buidéal….chan biotáilte ach Sunscreen, an fhearthain ag teacht anuas ina bhuicéidí… an gáire deireanach ag Rónán).

Ar ndóighe bhí féith an ghrinn i Rónán fosta. Bhí sé breá ábalta gáire a dhéanamh air féin agus an saol mór thart air. Cha raibh sé róthrom fá rud ar bith in am ar bith, ach go díreach ábalta sult agus pléisiúr a bhaint as cúrsaí an tsaoil, fiú ina thinneas, agus creidim go bhfuil sampla galánta fágtha aige dúinn uilig sa mhéid sin.

Mar fhocal deiridh, tá an oiread ráite, agus scríofa, agus is iomaí focal molta a labhraíodh fá Rónán le cúpla lá, ó Uachtarán na tíre anuas, gur doiligh cur leis – fear uasal, cineálta, ionraice, léannta, síochánta, éirimiúil é a raibh pearsantacht faoi leith aige, chomh maith le hardphrionsabail, agus a sheasaigh lena phrionsabail i rith a shaoil. Chan fear é a thomhas a chuid focal, ach a dúirt an méid a bhí le rá, a labhair amach. Gaeilgeoir agus Gael go smior, fear céile dílis, athair grámhar. Fear é a raibh áit ina chroí do gach fear agus mnaoi agus gach páiste beag agus mór.

Fear é a raibh féith na dílseachta go smior agus go croí ann, dílseacht clainne, dílseacht dúchais, dílseacht pobail, dílseacht do theanga agus do chultúr na nGael agus dílseacht dá chairde dar ndóigh.

Ba ghuth na nGael é Rónán, agus thug sé guth do chlann na nGael. Thóg sé ár gcroíthe ina bheatha, agus leoga bhris sé ár gcroíthe ina bhás. Mhair sé dílis go bás dá dhúchas, do rútaí na hoidhreachta agus an dúchas ónár fáisceadh é. Agus rinne sé a sheacht ndícheall na tréithe luachmhara céanna sin a chosaint, a chaomhnú agus a shíneadh ar aghaidh mar oidhreacht fhónta, fhiúntach agus luachmhar againn uilig.

Chan bréag ráite é, gur fear é Rónán a chuaigh i bhfeidhm ar dhoimhneacht an chroí, ar fhairsingeacht na hintinne, ar fhiántas na samhlaíochta, agus ar shéimhe an spioraid atá go smior ionainn uilig mar Ghaeil, mar sin do, dá mbeinnse i mo thost, agus beidh, tá moladh tugtha don Ghael uasal seo, Rónán Mac Aodha Bhuí.

Nuair a bheas mé marbh, déana’í m’fhaire i dtigh na beorach,

Ólaigí agus ceolaigí go gcluine mé bhur nglórthaí,

Ansin tuga’í ’na cille mé agus déanaigí mo thórramh,

Agus baistigí le biotáilte mo chorp agus mo chónair,

Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Nach iomaí uair a líon Rónán an crúiscín dúinn ar go leor bealaí.

Ár mbeannacht leat a Rónáin, gura móide teaghlach na glóire d’anam uasal.

Dorn san aer do na Gaeil…

Fág freagra ar '‘Táimid ag fágáil slán le cara buan dílis de chuid na nGael’'

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Ráite go héifeachtach:
    Comhbhrón
    Ár gcroíthe briste ach ár saolta níos saibhre toisc gur mhair sé.

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    Facebook Don MacB Twitter @DonallMacBill YouTube @DonallMacBill

    Ar dheis Laim Dé go raibh a anam uasal.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • Caoimhín Ó Peatáin

    Duine ar leith a bhí ann. Is fíor mar a labhair an tAthair Brian. Cnonófar go mór é.