TAIGHDE NUA: Gá le hathrú cur chuige ag scoileanna lán-Ghaeilge le go mbeidh siad ‘ionadaíoch’ ar an bpobal

Labhraíonn breis is 10% de pháistí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna Béarla teanga eile seachas Béarla nó Gaeilge ag baile, ach 1.8% atá i gceist i scoileanna Gaeltachta agus 1.1% atá i gceist i scoileanna lán-Ghaeilge

TAIGHDE NUA: Gá le hathrú cur chuige ag scoileanna lán-Ghaeilge le go mbeidh siad ‘ionadaíoch’ ar an bpobal

Tá ‘ré úr’ ann don scoil lán-Ghaeilge agus é in am imeacht ón tumoideachas dátheangach go dtí cur chuige ilteangach, a deirtear i dtuarascáil taighde nua.

Maíonn lucht an taighde, ó Sealbhú, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, go bhfuil géarghá le líon na ndaltaí nach é an Béarla nó an Ghaeilge an teanga bhaile acu a ardú i scoileanna lán-Ghaeilge.

Labhraíonn breis is 10% de pháistí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna Béarla teanga eile ag an mbaile seachas Béarla nó Gaeilge, ach 1.8% atá i gceist i scoileanna Gaeltachta agus 1.1% atá i gceist i scoileanna lán-Ghaeilge.

“Is féidir linn a léamh ar na figiúirí, mar sin, nach bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ionadaíoch ar an éagsúlacht teanga agus chultúrtha atá sa phobal,” a deir údair an taighde nua atá foilsithe ag COGG.

Deir na húdair gur cheart do scoileanna “bogadh ar aghaidh” ó mhúnla dátheangach an tumoideachais, múnla “a d’fhreastail den chuid is mó ar phobal aonchineálach agus aonteangach”.

Deirtear gur cur chuige “éagórach” atá sa mhúnla dátheangach a bhrúnn teanga an mhóraimh ar fhoghlaimeoirí inimirceacha.

Tá gá, a deirtear le “comhionannas deiseanna” ó thaobh an oideachais lán-Ghaeilge.

Chuige sin, deirtear, gur gá níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú ionas go mbeidh “deis ag gach aon teaghlach ar mhian leo a bpáiste a chlárú i scoil lán-Ghaeilge”.

“Is gá polasaithe teanga atá ionchuimsitheach a fhorbairt agus polasaithe tumoideachais a chur in oiriúint d’inimircigh, teifigh agus páistí a labhraíonn mionteanga sa bhaile,” a deir údair na tuarascála. An Dr Aisling Ní Dhiorbháin, an Dr Lorraine Connaughton-Crean agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Deir údair na tuarascála go mbeadh sé ina bhuntáiste do gach páiste agus do gach scoil dá gcuirfí cur chuige ilteangach i bhfeidhm.

Deir na húdair nár mhór d’eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí oideachais agus eagraíochtaí sláinte “obair as lámha a chéile le heolas ar an ilteangachas a roinnt agus leis an scolaíocht lán-Ghaeilge a fhógairt”.

Ní mór, a deirtear, buneolas faoi na scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil i réimse teangacha éagsúla agus “a fhógairt” go mbíonn fáilte sa scoil lán-Ghaeilge roimh pháistí ó chúlraí éagsúla teanga agus cultúir.

Caithfear chomh maith breis acmhainní agus foirne a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “chun go mbeidh siad in ann freastal go cumasach ar phobal ilghnéitheach foghlaimeoirí”.

Deirtear gur gá forbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí scoileanna lán-Ghaeilge “le cur lena gcumas éagsúlacht teanga agus chultúrtha a chur cinn ina seomraí ranga”.

Is gá chomh maith, a deirtear, áiseanna breise a chur ar fáil do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu agus cumarsáid dhátheangach agus i dteangacha breise a dhéanamh le tuismitheoirí.

“Ní mholtar polasaí aonteangach in aon scoil,” a deir na húdair.

Moltar in Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta do Pháistí a bhfuil Béarla mar Theanga Bhreise Acu go gcuirfí an curaclam ar fáil i scoileanna “ar bhealach a aithníonn agus a cheiliúrann éagsúlacht teanga agus chultúrtha”.

Déantar scagadh sa tuarascáil chomh maith ar an dearcadh i leith an oideachais lán-Ghaeilge atá ag tuismitheoirí agus páistí nach Béarla ná Gaeilge teanga an teaghlaigh acu.

Is iad na príomhchúiseanna ar roghnaigh na tuismitheoirí an t-oideachas lán-Ghaeilge ná an tsuim a bhí acu san ilteangachas agus i luathfhoghlaim teangacha chomh maith leis an nasc idir an scolaíocht lán-Ghaeilge agus oidhreacht chultúrtha na hÉireann.

Deirtear gurb é “an príomhthéama a eascraíonn ón taighde ar fad ná dearcadh dearfach na dtuismitheoirí i leith an ilteangachais”.

Maidir leis na páistí a cuireadh faoi agallamh, deirtear go raibh an dearcadh dearfach céanna acu i leith an ilteangachais is a bhí ag na tuismitheoirí.

Díol spéise é, a deir na húdair, gur léirigh na páistí seo, nach Béarla ná Gaeilge an teanga bhaile acu, an tuairim go gcabhraíonn foghlaim teanga amháin le foghlaim teangacha eile.

Ba “ríshuimiúil” é gur thagair na páistí don Ghaeilge mar theanga a labhraítear le cairde, toradh a mhaítear a léiríonn “gurb í an Ghaeilge teanga an tsóisialaithe sna scoileanna lán-Ghaeilge”.

Cuireadh grúpa beag de chúigear príomhoidí faoi agallamh don taighde agus bhí gach duine díobh ar aon tuairim go raibh an t-oideachas lán-Ghaeilge “lán-oiriúnach do pháistí ilteangacha”. Chuirfidís “fáilte mhór” roimh a thuilleadh páistí ó chúlraí éagsúla teanga, a dúirt na príomhoidí.

Bhí siad ar aon tuairim chomh maith n-éiríonn “go han-mhaith” sa chóras lán-Ghaeilge le páistí nach é an Béarla ná an Ghaeilge an teanga bhaile acu.

Bhí an tuairim chéanna ag na múinteoirí a cuireadh faoi agallamh don taighde cé go raibh líon beag acu amhrasach faoina oiriúnaí atá an t-oideachas lán-Ghaeilge do dhaltaí nach bhfuil Béarla ná Gaeilge acu ag teacht ar scoil dóibh.

Léirigh na múinteoirí dearcthaí dearfacha i leith páistí ilteangacha a bheith ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge óna dtaithí féin

De réir figiúirí an Daonáirimh in 2016 bhí teanga eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge ina teanga bhaile ag 13% de theaghlaigh an stáit.

Rugadh in Éirinn 25% de na daoine a labhair teanga iasachta sa bhaile.

Ba iad na teangacha eile is mó a bhí á labhairt ná Polainnis (113,225 duine), Liotuáinis (30,502), Rómáinis (26,645) agus Portaingéilis (16,737).

De réir an taighde, d’fhéadfadh drogall a bheith ar thuismitheoirí inimirceacha a bpáistí a chur chuig scoil lán-Ghaeilge mar go gcreideann siad go mbeadh dúshlán breise ag baint le sealbhú na Gaeilge.

Tá seans ann chomh maith, a deirtear, nach mbeadh eolas faoi na scoileanna lán-Ghaeilge ag cuid de na tuismitheoirí nach bhfuil i bhfad in Éirinn.

Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an tslí ina gcuirtear córas na díolúine Gaeilge i bhfeidhm an “teachtaireacht” a thabhairt dóibh nach bhfuil “tábhacht leis an nGaeilge nó nach bhfuil sé de cheart ag gach duine a chónaíonn in Éirinn Gaeilge a fhoghlaim nó freastal ar scoil lán-Ghaeilge”.

Deir údair an taighde gur tír “ilteangach” í Éire anois agus go bhfuil deis ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta an t-ilteangachas agus an t-ilchultúrachas a chur chun cinn.

Deir siad nach ndearnadh aon taighde in Éirinn roimhe seo a dhírigh go sonrach ar na cúiseanna a roghnódh tuismitheoirí ó chúlraí éagsúla teanga an t-oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta dá gcuid páistí.

Maítear gur tús maith atá sa taighde cé nach raibh ach sampla beag de scoileanna lán-Ghaeilge i gceist ann. Moltar go ndéanfaí a thuilleadh taighde ar chur chuige ilteangach agus ilchultúrtha a fhorbairt sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Fág freagra ar 'TAIGHDE NUA: Gá le hathrú cur chuige ag scoileanna lán-Ghaeilge le go mbeidh siad ‘ionadaíoch’ ar an bpobal'