Taifeadadh ar dhrámaíocht dhúnmharuithe Mhám Trasna do TG4 ag tosú inniu

Beidh láithreacha i mBaile Átha Cliath, Gaillimh agus Maigh Eo in úsáid don athinsint teilifíse ar cheann de na dúnmharuithe is cáiliúla a tharla i stair na tíre

Taifeadadh ar dhrámaíocht dhúnmharuithe Mhám Trasna do TG4 ag tosú inniu

Tá tús á chur inniu le taifeadadh na míreanna drámaíochta do chlár teilifíse faoi dhúnmharuithe cáiliúla Mhám Trasna atá á dhéanamh ag an gcomhlacht ROSG do TG4.

Beidh an taifeadadh ar bun as seo go ceann trí seachtaine ar láithreacha éagsúla i mBaile Átha Cliath, Gaillimh agus Maigh Eo.

Déanfar athchruthú drámatúil ar chuid de phríomheachtraí an scéil a tharla sa mbliain 1882, ina measc, na dúnmharuithe féin i Mám Trasna, trialacha na bhfear sa chúirt i mBaile Átha Cliath agus an crochadh i gcathair na Gaillimhe.

Cheana féin tá taifeadadh déanta ar chuid mhaith de na hagallaimh don chlár agus ina measc sin atá páirteach ann, tá daoine de shliocht Mhám Trasna, staraithe, saineolaithe dlí agus cirt, polaitíochta agus eaglasta agus daoine eile a bhfuil taighde déanta acu ar ábhar an scéil agus ar an tréimhse staire sin. 

Baineann cás Mhám Trasna le teaghlach de chúigear de mhuintir Seoighe a dúnmharaíodh ina dteach cónaithe i Mám Trasna i lár na hoíche i Lúnasa 1882 agus an bealach ar láimhseáil na húdaráis an scéal ag an am. Glactar go forleathan leis anois gurbh é an toradh a bhí air ná gur crochadh daoine go héagórach agus gur chaith tuilleadh daoine neamhchiontacha blianta fada i bpríosún mar gheall ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle a bhí i gceannas na tíre san am sin.

Tá an fadscannán faisnéise bunaithe ar an leabhair Éagóir a scríobh Seán Ó Cuirreáin agus a d’fhoilsigh an comhlacht Cois Life i samhradh na bliana anuraidh. Tá athchló curtha ar an leabhar agus é ar fáil arís ó tharla an chéad chló ar fad a bheith díolta faoi Nollaig anuraidh. Tá leagan leictreonach den leabhar ar fáil freisin ó Chois Life.

Tá maoiniú don chlár teilifíse curtha ar fáil ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann agus tá súil go mbeidh an obair ar fad críochnaithe roimh dheireadh na bliana seo.

Ciaran Ó Cofaigh ó ROSG Teoranta atá lonnaithe sa Spidéal atá i mbun léirithe ar an gclár agus Colm Bairéad mar stiúrthóir.  Dúirt Ciaran Ó Cofaigh le Tuairisc.ie gur mheas sé gur saothar “tábhachtach” a bhí idir lámha acu. “Tá dúshláin go leor ag baint leis an athchóiriú drámaíochta ar an scéal ach is scéal é gur fiú go mór dua a chaitheamh leis mar go bhfuil go leor le foghlaim fós ó eachtraí na staire,” a dúirt sé.