Tuairiscítear go mbeidh tacaíocht na Fraince ag Éirinn maidir leis an gcinneadh gan glacadh le conradh trádála Mercosur mura ndéanann an Bhrasaíl gníomh láithreach chun na tinte san Amasóin a cheansú.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce inniu nach raibh “bealach ar bith ann” go vótálfadh Éire ar son an chonartha trádála idir tíortha an AE agus tíortha i Meiriceá Theas “mura gcomhlíonann an Bhrasaíl a ngealltanais maidir leis an timpeallacht”.
Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil sé i gceist ag an bhFrainc cur i gcoinne chonradh Mercosur chomh maith agus go bhfuil Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron den tuairim gur inis Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro bréaga dó faoi ghealltanais aeráide.
“Is léir ó chaint agus ó chinntí Bolsonaro nach bhfuil rún aige seasamh lena ghealltanais maidir le cúrsaí aeráide agus bithéagsúlachta,” a dúirt oifigeach de chuid rialtas na Fraince le AFP.
Tá ráite ag Macron gurb ionann tinte na hAmasóine agus “géarchéim idirnáisiúnta” a chaithfí tús áite a thabhairt di ag cainteanna an G7 in Biarritz na Fraince amárach.
Níor mhór do bhallstáit eile tacú le hÉirinn chun go mbeadh mionlach mór a dhóthain ann conradh Mercosur a stopadh.
Dúirt an Taoiseach gur áiféis a mheabhródh Orwell do dhuine a bhí in iarracht Bolsonaro milleán na dtinte a chur ar eagraíochtaí deonacha timpeallachta.
Tá cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí feirmeoireachta ar an rialtas ó rinne an tAE conradh trádála Mercosur leis an mBrasaíl, an Airgintín, Paragua agus Uragua. Tá sé ina imní ar fheirmeoirí go gcuirfidh iompórtáil mairteola as Meiriceá Theas isteach ar mhargadh mairteola na hÉireann a thagann faoi rialacha timpeallachta níos doichte.
Fág freagra ar 'Tacaíocht na Fraince ag seasamh na hÉireann i gcoinne Bolsonaro'