Tacaíocht an-mhór don Ghaeilge i dtrí ollscoil

Léiríodh i suirbhé agus i reifreann ar dhá champas ollscoile le déanaí go dtacaíonn os cionn 90% de na pobail ollscoile le cur chun cinn na Gaeilge

Tacaíocht an-mhór don Ghaeilge i dtrí ollscoil

Tá tacaíocht mhór don Ghaeilge léirithe ar thrí champas ollscoile in Éirinn. Léiríodh i mórstaidéar nua ar an nGaeilge a rinneadh in Ollscoil Mhá Nuad go gcreideann 90% d’fhoireann is de mhic léinn na hollscoile gur cheart an teanga a chur chun cinn ar an gcampas.

Tagann torthaí an tsuirbhé sna sála ar reifreann a reáchtáladh in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste an tseachtain seo caite inar vótáil formhór mór na mac léinn ar son comharthaíocht dhátheangach san ollscoil.

Chomh maith leis sin, vótáil tromlach na mac léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ar son post lánaimseartha a dhéanamh de phost an oifigigh Gaeilge in Aontas na Mac Léinn san ollscoil sin.

Léiríodh sa staidéar in Ollscoil Mhá Nuad go bhfuil “leibhéal láidir inniúlachta” sa Ghaeilge i measc fhoireann na hollscoile agus i measc na mac léinn féin. Deirtear, áfach, go bhfuil “cuid mhór” den inniúlacht láidir sin “faoi cheilt faoi láthair”.

De réir an mhórstaidéir, inar ghlac breis agus 3,000 duine páirt, idir bhaill foirne agus mhic léinn, tá “éileamh suntasach” ar “thuilleadh deiseanna foghlama” agus ar “sheirbhísí trí mheán na Gaeilge” ar champas na hollscoile i Maigh Nuad.

Scríobhadh tuarascáil bunaithe ar thorthaí an staidéir ina leagtar amach 25 de “mholtaí praiticiúla” a thacódh le “forbairt an dátheangachais” ar champas na hollscoile. Deir lucht scríofa an staidéir go soláthraíonn an cháipéis “bonn tábhachtach eolais” a thacóidh leis an bpleanáil teanga in Ollscoil Mhá Nuad. Is í an tUachtarán Catherine Connolly a sheolfaidh an staidéar nua i Maigh Nuad inniu.

I mBéal Feirste, vótáil os cionn 5,000 mac léinn i suirbhé a reáchtáladh faoi stádas na Gaeilge ar chomharthaíocht na hollscoile. Chaith 92% acu vóta ar son an rúin go gcuirfí an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí na hollscoile. Bhí deich lá ag na mic léinn lena vóta a chaitheamh, idir an 10-2o Márta.

Ba i mBéarla amháin a bhí an chomharthaíocht in Ollscoil na Banríona le beagnach 30 bliain anuas ó tógadh anuas an chomharthaíocht dhátheangach a bhíodh ann i 1997.

Ní bheidh tionchar díreach ag torthaí an reifrinn ar pholasaithe na hollscoile ach tá dualgas anois ar Aontas na Mac Léinn Ollscoil na Banríona a bheith ag feachtasaíocht ar son na Gaeilge.

Tá ceithre phointe sa rún a ritheadh sa reifreann, rún a chuirfidh iachall ar an Aontas éileamh a dhéanamh ar údaráis na hollscoile ar son cearta teanga. Is iad na pointí sin: go dtabharfaí isteach polasaí Gaeilge a chuirfeadh an teanga ar comhchéim leis an mBéarla san ollscoil; go mbeadh “féiniúlacht chorparáideach dhátheangach” ag an ollscoil (ainm agus lógó dátheangach, mar shampla); go mbeadh comharthaíocht dhátheangach ar an gcampas; agus go mbeadh seirbhísí i nGaeilge ar fáil do mhic léinn na hollscoile.

Dúirt urlabhraí de chuid an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Banríona gur “lá cinniúnach” a bhí ann agus go bhfuil an Cumann “thar a bheith buíoch” de na mic léinn a vótáil ar son an rúin.

“Treisíonn an toradh seo leis an mhéid a bhí ar eolas againn, mar Chumann, cheana féin: go bhfuil spéis, éileamh agus tacaíocht shuntasach ann don Ghaeilge ar fud champas na hollscoile agus níos faide i gcéin.

“Leanann an Ghaeilge uirthi ag fás agus ag forbairt ar fud na sochaí, ag cur le saol gach duine a mbíonn teagmháil acu léi. A bhuí le héachtaí an reifrinn seo, athrófar tírdhreach teangeolaíoch na hollscoile, ina bhfuil cur chuige aonteangach, as dáta, i bhfeidhm le blianta fada anuas, go hiomlán,” a dúirt Eoghan Ó Conghaile.

Dúirt sé gur “micreascosma” den Tuaisceart a bhí san ollscoil, maidir le cúrsaí teanga, agus go gcuirtear na héilimh a dhéantar ar an gcomhionannas “i leataobh” go dtí go bhfaightear “cead nó beannacht ó mhionlach beag bídeach atá go hiomlán i gcoinne na Gaeilge”.

“Chothaigh an cur chuige seo a mhalairt iomlán den timpeallacht ionchuimsitheach fháilteach a mhaíonn an ollscoil go bhfuil siad bródúil aisti.

“Táimid ag súil go mór anois go gcuirfear in airde láithreach comharthaíocht dhátheangach in Aontas na Mac Léinn, agus leis an chomharthaíocht chéanna sin a chur in airde ar fud champas Ollscoil na Banríona,” a dúirt Ó Conghaile.

Tá an Cumann Gaelach anois ag éileamh ar an Leas-Seansailéir, an tOllamh Ian Greer, “amlíne agus coimitmint phoiblí” a thabhairt maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm “polasaí cuimsitheach Gaeilge” don ollscoil.

Tá ráiteas lorgtha ó Ollscoil na Banríona ag Tuairisc.

Sa reifreann a reáchtáladh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, glacadh leis na rúin post lánaimseartha a dhéanamh de phost an oifigigh Gaeilge in Aontas na Mac Léinn agus do “chomhionannas don Ghaeilge i mbunreacht Aontas na Mac Léinn”.

Vótáil 3,376 duine ar son rún an chomhionannais agus 179 ina aghaidh, agus vótáil 2,954 ar son an oifigigh Gaeilge lánaimseartha agus 295 ina aghaidh.

Fág freagra ar 'Tacaíocht an-mhór don Ghaeilge i dtrí ollscoil'