‘Tá tuairim ann nach bhfuilimid ag imirt rómhaith ach táimid breá sásta leis sin’ – bainisteoir na Gaeltachta ag fáil réidh do chluiche ceannais eile

Labhair Tuairisic.ie le bainisteoir Chumann Caide na Gaeltachta Pól Ó Cuinn agus iad ag fáil réidh do chluiche ceannais chraobh idirmheánach peile Chiarraí

‘Tá tuairim ann nach bhfuilimid ag imirt rómhaith ach táimid breá sásta leis sin’ – bainisteoir na Gaeltachta ag fáil réidh do chluiche ceannais eile

Nuair a bhuaigh Cumann Caide na Gaeltachta craobh idirmheánach peile Chiarraí in 2017, bhí sé mhí idir an chéad bhabhta, i lár mhí Aibreáin, agus an cluiche ceannais in aghaidh an Teampaill Nua ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Má éiríonn le fir na Gaeltachta i gcluiche ceannais an Domhnaigh seo i dTrá Lí, i gcoinne an Teampaill Nua arís, beidh an chraobh chéanna buaite acu taobh istigh de shé seachtaine.

Is é cluiche an Domhnaigh an cúigiú deireadh seachtaine as a chéile go mbeidh an Ghaeltacht ag dul chun páirce agus deir bainisteoir na foirne, Pól Ó Cuinn, gur deacair do lucht tacaíochta an chumainn a n-anáil a tharraingt, gan trácht ar na himreoirí féin.

“Táimid i gcluiche ceannais an chontae Dé Domhnaigh,” arsa Ó Cuinn agus é ag labhairt le Tuairisc.ie inné. “Inniu an Déardaoin agus ní bhraithfeá timpeall an pharóiste go bhfuil tú sa chluiche ceannais. Níl na daoine ach ag cuimhneamh anois, ‘Ó Chríost, tá an Ghaeltacht istigh i gcluiche ceannais an chontae!’ Bhí rudaí eile ag titim amach.

“Dé Domhnaigh seo caite a bhí an cluiche leathcheannais ann agus saghas ‘sprint’ is ea é. Dhá bhliain ó shin, bhí trí seachtaine idir an cluiche leathcheannais agus an cluiche ceannais agus bhí na bratacha agus an bunting ar fad in airde.”

Bhí Ó Cuinn ar dhuine den lucht tacaíochta dhá bhliain ó shin agus Conall Ó Cruadhlaoich agus  Marc Ó Sé i gceannas ar an bhfoireann mar chomhbhainisteoirí. D’éirigh an bheirt sin as a gcúraimí ag deireadh na bliana seo caite, áfach, agus d’fhill Ó Cuinn ar an gcúram tar éis dó tréimhse roinnt blianta a chaitheamh ina bhainisteoir roimhe sin.

D’impigh sé ar Dhara Ó Cinnéide, a bhí mar roghnóir ar an bhfoireann le dhá bhliain anuas, fanacht sa ról sin chun go mbeadh leanúnachas ann agus tugadh isteach Colm McEvoy, arbh as Laois ó dhúchas é ach a bhfuil cónaí ar sa pharóiste le roinnt blianta, chun go mbeadh duine nua le cloisteáil ag na seisiúin traenála.

Cé go bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint le struchtúr nua na craoibhe, deir Ó Cuinn nach bhfuil aon údar gearáin aige. Agus an chraobh ciorraithe chomh mór sin, d’fhéadfadh cúpla gortú scrios a dhéanamh ar shéasúr foirne. Agus iad féin ag fáil réidh don chluiche ceannais, deir sé go raibh an t-ádh ar an nGaeltacht ó thaobh gortuithe de.

“Níl aon ghortuithe againn seachas Tomás Ó Sé, fear Dhún Chaoin, agus bhí sé sin gortaithe sular thosaigh an chraobh,” a mhíníonn Ó Cuinn. “Dúirt sé liom ag tús mhí Aibreáin go mbeadh sé amuigh ar feadh cúig nó sé seachtaine agus chiallaigh sé sin go raibh sé amuigh don chomórtas ar fad. Bíonn sé dian ar na himreoirí má bhíonn siad gortaithe.”

Tá deartháir Uí Shé, Óigí, tagtha isteach ina áit i mbliana agus scóranna cinniúnacha faighte aige agus tá ardmholadh chomh maith ag Ó Cuinn do chur chuige leithéidí Ruaidhrí Uí Bheaglaoich, fear óg eile atá tagtha isteach ar an bpainéal i mbliana.

Deir an bainisteoir go bhfuil breis roghanna ag an nGaeltacht i gcomparáid le blianta eile ach go bhfuil sé deacair imreoirí a chur isteach den chéad uair i lár na craoibhe.

“Blianta eile bheadh cluiche nó dhó sa tsraith agus d’fhéadfá seans a thabhairt do na himreoirí sin teacht chun cinn. Tá sé i bhfad níos deacra sa chás seo,” a deir Ó Cuinn.

“Déarfaimis i gcluiche ceannais nó cluiche leathcheannais, má tá tú ag iarraidh deis a thabhairt d’fhear ionaid eile, dul sa seans leis, tá sé deacair é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil an ‘game-time’ faighte aige.”

Ní hiad na himreoirí óga amháin atá thíos leis ach an oiread. Bhí PJ Mac Láimh ar dhuine de na himreoirí is fearr a bhí ag an nGaeltacht nuair a bhuadar an chraobh idirmheánach in 2017. Ba é a d’aimsigh an scór cinniúnach sa chluiche ceannais i gcoinne an Teampaill Nua ach, beidh sé deacair aige áit a bhaint amach ar an bhfoireann arís agus é ag teacht chuige féin ó ghortú,.

“Bhí obráid aige roimis na Nollag. Tá sé díreach tar éis teacht thar n-ais agus táimid ag iarraidh deis a thabhairt dó ach tá sé deacair nuair nach bhfuil ach cluichí craoibhe agat.”

Sin iad na cinntí deacra atá le déanamh anois ag Ó Cuinn agus é ag fáil réidh don chluiche ceannais.

Tá a gcéilí comhraic uile curtha de dhroim seoil ag an nGaeltacht go dtí seo sa chraobh ach tá barúil ann nach bhfuil siad i mbarr a maitheasa ó thaobh na himeartha de, rud nach gcuireann isteach nó amach ar an mbainisteoir.

“Tá tuairim ann nach bhfuilimid ag imirt rómhaith faoi láthair ach táimid breá sásta leis sin,” a deir Ó Cuinn. “Cheap daoine go mbuafaimis níos éasca ar na foirne atá imeartha againn ach bhí plean imeartha an-chosantach ag cuid acu. Cruthaíonn sé sin deacrachtaí agus thóg sé tamaillín ar na leaideanna dul i dtaithí ar an gcur chúige a bhí ag teastáil.

“An tslí a bhfuil an Teampall Nua ag imirt, níl siad chun dul amach agus córas cosantach a úsáid. Beidh rudaí níos oscailte gan dabht agus is dóigh liom go mbeidh cluiche breá caide ann,” a deir Ó Cuinn agus é dóchasach gur leis an nGaeltacht a bheidh an lá agus go mbeidh siad ag filleadh ar ghrád na sinsear arís.

Fág freagra ar '‘Tá tuairim ann nach bhfuilimid ag imirt rómhaith ach táimid breá sásta leis sin’ – bainisteoir na Gaeltachta ag fáil réidh do chluiche ceannais eile'