Tá trácht le fada ar ‘Tailteann’ i gcúrsaí spóirt i stair na hÉireann

An deireadh seachtaine seo cuirfear tús leis an iomaíocht san imeacht is deireanaí a spreag ainm na mná a bhíodh ag leagan na gcrann

Tá trácht le fada ar ‘Tailteann’ i gcúrsaí spóirt i stair na hÉireann

Más fíor a bhfuil i Leabhar Gabhála Éireann tá feirmeoirí na tíre seo go mór faoi chomaoin ag an mBanríon Tailtiu, bean chéile Eochaidh Mhic Eirc, an té ba dheireanaí de na Fir Bhoilg a bhí i gceannas na hÉireann. Maraíodh é siúd i gCath Maige Tuiread 3303 RCh nuair a shíl na Tuatha Dé Danann a threabh a ruaigeadh as Éirinn. 

Faoi fhoraoiseacha a bhí formhór na hÉireann ag an am. Deirtear go mba í Tailtiu a thosaigh á leagan siúd nó gur tugadh an talamh chun míntíreachais.  

Anuas air sin, thug sí oiliúint dá mac altrama Lugh Lámhfhada maidir leis na bealaí curadóireachta ab fhearr, go háirithe i gceantar Ghleann na Bóinne.  

Ba ansiúd agus a cuid oibre déanta aici a shín sí siar gur bhásaigh de bharr tuirse. 

Ar leaba a báis, d’iarr sí ar Lugh imeacht a chur ar bun a dhéanfadh ceiliúradh agus cuimhneachán ar a saothar agus ar a himeacht. Níor loic seisean agus bhunaigh Aonach Tailteann, ainm na háite inar adhlacadh í in aice Cheanannais Mhóir i gContae na Mí. 

Bhí trí aidhm leis an Aonach. Ómós a léiriú do na mairbh; dlíthe a fhógairt, mar aon le pléaráca agus taispeántais spóirt. Iománaíocht, gach cineál léimnigh, dornálaíocht, boghdóireacht, coraíocht, snámh, troid le claimhte agus rásaí capall, na spórtanna a luaitear. 

Bhí duaiseanna le fáil freisin as amhránaíocht, ceol, damhsa, mar aon le duaiseanna do cheardaithe. 

Léigh mé in áit éicint go mba ghnách le Fionn Mac Cumhaill a bheith i láthair agus é ag earcú laochra a bheadh maith a ndóthain le dul isteach sna Fianna. 

Bhí 400 bliain eile caite sular chuimhnigh na Gréagaigh ar na Cluichí Oilimpeacha agus sé chéad bliain lena chois sin sular leag Romulus imlíne na Róimhe amach lena chéachta. 

Mhair Cluichí Tailtean na céadta bliain, cé anois agus arís go dtiteadh rialtóirí amach lena chéile. Thit Niallaigh an Tuaiscirt agus an Deiscirt amach lena chéile tráth agus in 806 rinne manaigh a bhí ag cur fúthu i dTamhlacht baghcat ar Chluichí Tailtean siocair ionsaí a bheith déanta ag Muintir Néill ar a mainistir. 

Teacht na Normannach a chuir na Cluichí de dhroim seoil, eachtra a tharla de bharr Rí Laighean, Diarmuid Mac Murchadha, a bheith díbeartha sa mbliain 1166.  

Cloisim fós an dímheas i nglór an mhúinteora sa scoil náisiúnta (mo mháthair) agus í ag cur síos ar an gcaoi ar iarr Mac Murchadha cabhair ar Rí Shasana, Annraoi II, rud a d’fhág gur leag na Normannaigh a gcosa ar thalamh na hÉireann nuair a tháinig siad i dtír ag Ceann Dhún Dónaill ar chósta Loch Garman Lá Bealtaine 1169. 

Baginbun an leagan Béarla atá ar ainm na háite agus is as sin a tháinig an rann cáiliúil: ‘At the creek of Baginbun, Ireland was lost and won’. 

Bhí Saorstát Éireann ar an bhfód nuair a rinneadh athbheochan ar Chluichí Tailteann sna blianta 1924, 1928 agus 1932. Iarracht a bhí iontu ag an réimeas nua stádas a bhaint amach agus féiniúlacht an náisiúin nua a léiriú trí cheangal a dhéanamh le hoidhreacht a sinsear. 

Ar bhealach ba mhó a léirigh sé a dheighilte is a bhí Éire. D’fhág Cogadh na gCarad gur cuireadh siar na Cluichí ba thúisce go dtí 1924. Faoin tráth sin ba le Cumann na nGael ba mhó a bhíodar luaite, cé gur mhol Éamon de Valera cúig bliana roimhe sin sa Dáil go gcuirfí airgead ar fáil dóibh. 

Ó thaobh na hiomaíochta bhí liosta fada spórtanna i gceist – mórán chuile cheann go deimhin – cé is moite díobh siúd a raibh bac ag Cumann Lúthchleas Gael orthu – sacar, rugbaí, haca agus cruicéad. 

I bPáirc an Chrócaigh a bhí an searmanas oscailte – 20,000 i láthair. Bronnadh deilbhíní den Bhanríon Tailtiu orthu siúd a bhuaigh na príomhchomórtais. 

Cé nach raibh oiread céanna ratha ar Chluichí Tailteann 1928 bhí roinnt mhaith iomaitheoirí idirnáisiúnta i láthair agus iad ar an mbealach abhaile as na Cluichí Oilimpeacha in Amsterdam. 

Tubaiste a lean i 1932 – an barr bainte de na Cluichí ag an gComhdháil Eocairisteach a bhí ar siúl i gCathair Bhleá Cliath cúpla mí roimhe agus a mheall milliún duine chuig Aifreann i bPáirc an Fhionnuisce. 

Agus an deighilt faoi chúrsaí náisiúnachais ag éirí níos measa, cuireadh na cluichí a bhí beartaithe do 1936 ar athló. Bhí an deighilt chéanna anois ag roinnt eagraíochtaí lúthchleasaíochta, lucht tacaíochta an tsacair agus na gcluichí Gaelacha, go háirithe tar éis d’Uachtarán agus do Thaoiseach na tíre freastal a dhéanamh ar chluiche sacair ar Pháirc Chnocán an Dálaigh. 

Ar an 4 Iúil 1939 ghlac an rialtas leis go raibh deireadh le Cluichí Tailteann agus luaidreán láidir sa timpeall go ndéanfadh CLG baghcat orthu. 

Dornán blianta ina dhiaidh bhí trácht arís ar ‘Tailteann’ i gcúrsaí spóirt na hÉireann nuair a bunaíodh An Rás Tailteann – príomhócáid rothaíochta na hÉireann. 30 bliain a mhair sé faoin ainm sin agus bhí ainmneacha éagsúla urraithe ceangailte dó nó go dtáinig sé ar ais faoina sheanbhratach in 2018. 

An deireadh seachtaine seo cuirfear tús leis an iomaíocht san imeacht is deireanaí a spreag ainm na mná a bhíodh ag leagan na gcrann. Sin é Corn Tailteann, an comórtas tánaisteach i gCraobh Shinsearach Peile na hÉireann. 

Inniu imreoidh Loch Garman agus Uíbh Fhailí a chéile in Inis Córthaidh.  

Anois is ag cosaint a gcontae a bheidh a sliocht siúd a tháinig i dtír ag Ceann Dhún Dónaill beagnach míle bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Tá trácht le fada ar ‘Tailteann’ i gcúrsaí spóirt i stair na hÉireann'