‘Tóin poill’ sroichte ag TG4 lena raibh de Bhéarla ar Laochra Gael

Tá conspóid mhór spreagtha ag léirmheas inar cáineadh go láidir cur chuige TG4 ó thaobh na Gaeilge agus an Bhéarla

‘Tóin poill’ sroichte ag TG4 lena raibh de Bhéarla ar Laochra Gael

Tá idir mhíshástacht agus amhras léirithe ag daoine faoi chláir ina bhfuil na hagallaimh go léir i mBéarla a bheith á gcoimisiúnú agus á gcraoladh ar TG4.

Tá cuid mhaith tráchtaireachta á déanamh ar chur chuige TG4 ó thaobh na teanga ó foilsíodh alt ar an suíomh seo inné a cheistigh cur chuige an stáisiúin i gcláir sa tsraith Laochra Gael a raibh a bhformhór mór i mBéarla.

Tugadh suntas chomh maith san alt don scéala go raibh fiú daoine a bhfuil Gaeilge acu faoi agallamh i mBéarla sna cláir.

Shéan Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont go mbíonn “carte blanche” i réim maidir leis an méid Béarla a cheadaítear ar chláir an stáisiúin agus dúirt sé gurb amhlaidh gur roghnaigh Rena Buckley agus Éamonn Ryan, a bhfuil Gaeilge acu beirt, Béarla a labhairt in eagrán na seachtaine seo de Laochra Gael.

Roghnaigh Rena Buckley Béarla a labhairt, a dúirt sé, mar gurb é “a scéal pearsanta” a bhí á insint aici agus toisc go mbeadh sí níos compordaí á dhéanamh sin “ina teanga féin”.

Dúirt an chéad cheannaire ar Theilifís na Gaeilge, Cathal Goan, áfach, go raibh míniú fós de dhíth faoi na hagallaimh eile ar fad a bheith i mBéarla.

“Tá an méid atá á rá ag Alan [Esslemont] faoi Rena Buckley agus a scéal pearsanta intuigthe ach más de bharr cinneadh comhfhiosach eagarthóireachta nó ar mhaithe le héascaíocht a bhí na hagallaimh eile go léir i mBéarla, is casadh úr é i scéal agus i bpolasaí TG4 agus ba thrua sin,” arsa Cathal Goan.

Dúirt an t-iarchraoltóir spóirt aitheanta Mártan Ó Ciardha gur cheart ‘Laochra Gall’ a thabhairt ar na cláir agus mhaígh sé gur mhasla don Ghaeilge agus do lucht a labhartha an cur chuige a bhí acu ó thaobh na teanga. 

D’fhág na cláir “fearg agus éadóchas” air agus mhaígh sé go raibh “tóin poill sroichte ag TG4 lena raibh de Bhéarla ar eagrán de Laochra Gael ina raibh togha na Gaeilge ag na príomhphearsain”. 

Dúirt iareagarthóir spóirt Raidió na Gaeltachta go raibh faillí déanta ag TG4 ina ndualgais “mar stáisiún náisiúnta teilifíse na Gaeilge”.  

Dúirt sé go raibh “neart cláracha den scoth craolta agus á gcraoladh i gcónaí ag TG4” ach nach cúiteamh na cláir sin ar an “éagóir dhomhaite” a bhain le “Gaeilgeoirí a chur ag Béarlóireacht”.

Dúirt Ó Ciardha gur léir nach raibh “aon pholasaí cinnte” ag TG4 maidir le tús áite a thabhairt don Ghaeilge. “Deargsheafóid” atá ann a bheith ag rá go bhfuil dualgas ar TG4 rogha a thabhairt do dhaoine idir Béarla agus Gaeilge, dar leis . 

Cheistigh Ó Ciardha, ar colúnaí le Tuairisc.ie chomh maith é, straitéis ‘twin-pole’ TG4, an straitéis faoina ndéanann an stáisiún dhá chineál clár a choimisiúnú don dá chineál lucht féachana, pobal na teanga agus an pobal ‘náisiúnta’, straitéis a luaigh Ceannasaí TG4 agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné.

“Más ionann straitéis ‘twin-pole’ TG4 agus a bheith sásta tús áite a thabhairt don Bhéarla i gcásanna go mbíonn greadadh Gaeilge ag daoine is pollaí iad atá dearglofa,” a dúirt Mártan Ó Ciardha.

Dúradh i ráiteas a thug TG4 do Tuairisc.ie inné go mbíonn an stáisiún Gaeilge ag freastal “níos doimhne ná riamh ”ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge “ag gach aois” leis na “cainéil nua” ar líne ‘Molscéal’ agus ‘BLOC’ agus leis na cláir a choimisiúnaítear do pháistí.  

“Ag croí straitéis ‘twin-pole’ TG4, tá treisiú ar an bhfreastal ar na pobail a labhraíonn Gaeilge,  ach freisin, cruthaíonn muid bealach isteach chuig an nGaeilge don náisiún ar fad.  Osclaíonn muid doirse, ní dhúnann muid iad,” a dúradh i ráiteas TG4.

Tá ceisteanna breise curtha ag Tuairisc.ie ar TG4 mar gheall ar an bpolasaí teanga atá acu i leith a gclár agus táthar fós ag fanacht ar fhreagraí na gceisteanna sin.

Fág freagra ar '‘Tóin poill’ sroichte ag TG4 lena raibh de Bhéarla ar Laochra Gael'

  • Tuairisg

    Aon duine ag ceistniú faoi “the official car partner to TG4”? Is i bhfad ó Teilifís na Gaeilge atá siad anois.

    Bloc? Seafóid! Bréagghaeilge.

  • An tSúil Ghéar

    Ní bheadh mórán Gaeilge ar an staisiún dá dtabharfadh TG4 an rogha do gach rannpháirtí, trachtaire & láithreoir labhairt “ina dteanga” féin.

    Tá seo ag tarlú sa cheol traidisiúnta freisin. Ceoltoirí le Gaeilge atá feicithe cheana féin ar TG4 anois ag spalpadh Béarla ar an gcainéal. Cé a thug an tsaoirse seo dóibh?

    Leagaidís bun cheadadán síos don teanga ansin bheadh tuiscint níos fearr againn uilig ar an scéal.

  • Cluain Sceach

    Sea, bhí sé náireach–cé go raibh an clár spéisiúil.

  • Nualiobaralachas Über Alle

    https://www.rte.ie/archives/2015/1001/731639-conradh-na-gaeilge-protest/

    Ní cainéal teilifíse leathshúil Bhéarla an fhís a bhí ag na daoine cróga i gConradh na Gaeilge, i bhFREAGRA agus sa gConradh Ceilteach (Fiachra Ó Dubhthaigh, Flann Ó Riain , Caitlín Maude, Bríd agus Anna Heusaff, Cáit Uí Chadhain, srl.) a rinne agóidíochtaí ag Ard Oifig an Phoist agus taobh amuigh de RTÉ Domhnach Broc sna 1970daí agus na 1980daí agus a chaith sealanna sa bpríosúin chun seirbhís teilfíse i nGaeilge a fháíl don tír.

  • Pádraig Ó Murchú

    Aontáim go hiomlán leis an dearcadh atá sa píosa seo Tóinn póill agus an méad Béarla a bhí ar Laochra Gael. Ní ón Gaeltacht mé, ná níor tógadh le Gaaeilge mé. Anois agus mé éirithe as obair tá mé ag iarraidh deiseanna Gaeilge a choisint agaus a labhairt. Braithaim go mór ar RnaG agus TG4 cabhrú liom, tearmann iad ó brú úafasach an Béarla. Caithfear spás a chruthú dúinn aa us muna bhfuil TG4 in ann é sin a dhéanamh cé mhaiheas é

  • MacOireachtaigh

    Seo an tríú alt léite am sa spóirt faoin rud seo ar Tuairisc. Caithfidh sé nach bhfuil mórán eile le déanamh agaibh ach an cluain chliceála seo, agus an “witch hunt” in aghaidh clár a mhair cúpla nóiméad ar an aer. 3 alt, le haghaidh clár amháin. B’fhéidir go bhfuil an ceart agaibh ach tá sé thar am scéal eile a scríobh. Téigh ar ais ag scríobh faoi rudaí tábhachtaí sa Spóirt.