Polaiteoirí Gan Náire na Breataine
Deir an scannánoir clúiteach Ken Loach faoin leabhar seo gur vótáladh ar son polaiteoirí sa Bhreatain chun athruithe a chur i gcrích ach nár chuireadar stop leis an ainnise ná leis an mbochtaineacht. Bhíodar ar nós cuma liom faoi na slumaí.
Bhí popchultúr na Breataine á chraobhscaoileadh ar fud an domhain sna seascaidí agus na seachtóidí ach cheil galántacht an fhaisin na slumaí agus an bhochtaineacht a d’fhág an Dara Cogadh Domhanda ina dhiaidh. Ní raibh dóthain tithe ann agus níor léirigh tiarnaí talún comhbhá ar bith leis na boicht: seandaoine, inimircigh, daoine neamhfhostaithe ar imeall na sochaí. Bhí slumaí i ngach cathair sa Bhreatain.
Léiríonn grianghraif Hedges an ainnise a bhí i réim i gcathracha éagsúla, Glaschú, Manchain, Newcastle, agus briseadh síos na bpobal iontu, aicme an lucht oibre. Creideann Hedges go bhfuil an ceangal idir drochthithíocht agus drochshláinte fós ann inniu.
Chuidigh grianghraif Nick Hedges leis an díospóireacht: cén fáth an ainnise seo i gceann de na tíortha is saibhre ar domhan?
As Far as They’re Concerned We’re a Normal Family
Grianghraif le Nik Roche
Foilsithe ag Dewi Lewis Publishing 136 lch
75 grianghraf daite Buaileann an grianghrafadóir Nik Roche le carachtar darb ainm Tony agus cónaí air i bpuball sa choill laistiar dá thigh, radharc aige ar bhaile mianadóireachta i ndeisceart na Breataine Bige a raibh rath air tráth.
Bíonn Tony ag smaoineamh ar na laethanta a bhí agus leath an domhain siúlta aige . . . Sasana, Éire, pluais i Neipeal agus ar ais arís sa Bhreatain Bheag, é timpeallaithe ag ainmhithe – ina measc, liopard!
Grianghraif le Nik Hedges
Foilsithe ag Bluecoat Press
156lch
Toisí: 270 x 290mm
Liopard Sa Leaba Aige
Toisí: 170mm x 235mm
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Radhairc ar shlumaí na Breataine i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda'