Laochra Gael? Níor bunaíodh TG4 le deich nóiméad Gaeilge san uair a thabhairt dúinn…

An é an sodar i ndiaidh scóranna féachana is cúis leis an imeallú ar an nGaeilge ar TG4 agus le damba an Bhéarla a bheith á réabadh ar an stáisiún teilifíse?

Laochra Gael? Níor bunaíodh TG4 le deich nóiméad Gaeilge san uair a thabhairt dúinn…

Tá an seachtú sraith déag de Laochra Gael faoi lán seoil agus aréir bhí saol Rena Buckley idir chamáin. Roimhe seo deineadh cíoradh ar shaol Shéamus Darby agus Jackie Tyrrell. Ba anuraidh a athraíodh múnla an chláir go saothar uair an chloig, rud a thugann breis scóipe do gach clár a thuilleadh ionramhála a dhéanamh ar shaol pearsanta agus spóirt an té a bhíonn fé chaibidil.

Ní haon díobháil é sin ach tá rud éigin faoin gcur chuige nua seo atá ag dó na geirbe agam, ’sé sin go ndéanann sé imeallú an-mhór ar an nGaeilge.

Seanscéal agus meirg air maidir le TG4, b’fhéidir, agus an seanphort céanna arís ag an léirmheastóir seo.

Ach braithim gur briseadh mór leis an seanghnáthamh arís é seo agus gur fiú tine á adú faoin gceist athuair. Is ábhar fíorthábhachtach é ról na teanga i stáisiún arbh é cúiteamh ar a laghad clár Gaeilge ar RTÉ agus seirbhís cheart a chur ar fáil i nGaeilge príomhchúis a bhunaithe.

Ar chlár Darby an t-aon Ghaeilge a bhí le cloisint ná reacaireacht fhileata, dheisbhéalach, phointeáilte Bhrian Tyers.

Ní raibh oiread is agallamh amháin as Gaeilge.

Shuífeá ar phíce le héisteacht le Tyers ach níor cheart go mbeadh an t-ualach teanga á iompar ag an tráchtaire amháin. B’amhlaidh a bhí i gclár Rena Buckley.  Tá Gaeilge ag Rena ach níor labhair sí ach abairt nó dhó. Tá Gaeilge bhreá chomh maith ag an iarbhainisteoir Eamonn Ryan ach i mBéarla a cuireadh agallamh air don chlár.

Tá an bheirt acu cloiste go minic agam ag caint as Gaeilge ar TG4 féin!

An bhfuil a gcuid Gaeilge caillte ag Rena agus Eamonn nó an amhlaidh go bhfuil a gcuid Gaeilge caillte ag TG4?

Cén fáth go gcuirfí agallamh i mBéarla ar Ghaeilgeoir líofa ar aon chlár de chuid TG4?

Ón áireamh an-gharbh a dheineas féin ar chlár Darby ní raibh ach tuairim is 11 nóiméad den chlár as Gaeilge; b’amhlaidh a bhí, a bheag nó a mhór, le clár Buckley. Má fhágann tú tráchtaireacht Tyers go leataobh ba chláir iad a d’fhéadfadh a bheith déanta ag RTÉ/TV3.

An bhfuil sé seo ar fad cuí agus inghlactha? B’fhéidir go bhfuil, ach má tá canathaobh nach ndéanfaí an clár ar fad as Béarla agus deireadh a chur leis an gcur i gcéill gur clár ‘Gaeilge’ a leithéid?

Cá bhfuil ‘an líne’? An eol do TG4 féin? Cá bhfuil an tslat tomhais maidir le cad is clár Gaeilge nó clár ‘TG4’ ann? Cad is clár don chroíphobal agus clár don lucht féachana náisiúnta ann? Cá bhfuilimid anois maidir leis an tseanriail neamhscríofa a bhí i réim sa stáisiún le blianta fada go gcaithfeadh ar a laghad 70% d’aon chlár nua a choimisiúnófaí a bheith i nGaeilge? Cén polasaí atá anois ann? 50% Gaeilge? 20% Gaeilge? 50% Béarla? 80% Béarla?

A laghad Gaeilge agus is féidir gan olc a chur ar na fíréin?

An é an sodar i ndiaidh scóranna féachana is cúis leis an imeallú seo ar an nGaeilge agus le damba an Bhéarla a bheith á réabadh? Más ea an ndéanann sé mórán de dhifríocht ó thaobh lucht féachana gan ach 11 nóiméad de chlár uair a chloig a bheith i nGaeilge?

Ceist agam ar an lucht féachana, ar TG4 agus ar lucht déanta clár. Cén fiúntas breise a bhaineann le clár a bheith á dhéanamh ag TG4 a d’fhéadfadh RTÉ nó TV3 a dhéanamh mar an gcéanna nach mór? Mura bhfuil de dhifríocht idir clár ar TG4 agus cláir eile ach nóiméid fhánacha as Gaeilge agus buiséad níos lú, an fiú an tairbhe an trioblóid?

Nach í an Ghaeilge/na cainteoirí Gaeilge, agus na toisí suaithinseacha a thabharfadh sin don scéal, na comharthaí sóirt is mó a dhealódh saothar TG4 ó shaothair na gceártaí Béarla? An tSúil Eile sin arís, nach ea?

Ní toisc nach raibh freastal cóir á dhéanamh ar Bhéarlóirí na hÉireann a bunaíodh Teilifís na Gaeilge.

Tá a fhios agam go mbíonn dua ag baint le haíonna Gaeilge a earcú agus go mbíonn an cainteoir Gaeilge mar sceach i mbéal bearna uaireanta. Ach nach cuma sin ar uairibh agus sinn ag iarraidh cúram a dhéanamh don teanga.

Géillim chomh maith don phrionsabal go bhfuil sé riachtanach aíonna a roghnú bunaithe ar a bhfuil le rá acu agus ní fál go haer iad na driseacha cosáin sin ar fad i gcás chraoltóireacht na Gaeilge.

Ach an rud ar thugas suntas dó faoi chlár Darby ná go rabhas féin, ar hap an tairne, in ann cuimhneamh ar dhornán maith cainteoirí maithe Gaeilge a d’fhéadfadh paiste cainte a dhéanamh. Nuair a bhí cluiche ceannais 1972 á phlé chonac seat do Mhicheál Ó Sé (iarcheannaire RnaG, tráchtaire CLG aitheanta, fear a bhfuil dhá bhonn uile-Éireann aige agus duine na cainteoirí Gaolainne is breátha atá ann) ag iarraidh lámh a chroitheadh le Darby ag deireadh na himeartha. Bhí fear Gaeltachta eile, Séamus Mac Gearailt (iarbhainisteoir Chiarraí agus na Gaeltachta agus fear eile a bhfuil dhá bhonn uile-Éireann aige) ag imirt ag uimhir a 4.

Chuir an sáririseoir Mártan Ó Ciardha agallamh as Gaeilge ar Eugene McGee tar éis an chluiche ceannais i 1982. Nach ndéanfadh an t-iriseoir spóirt cáiliúil, cumasach sin an cúram chomh maith nó níos fearr as Gaeilge is a rinne Vincent Hogan as Béarla sa chlár? Deineadh dreas cainte le Seán Walsh, ach canathaobh nár earcaíodh Ogie Moran, fear ón gcumann peile céanna leis a bhfuil Gaeilge bhreá aige?

Nach bhfuil go leor tráchtairí agus comhthráchtairí ag TG4/Nemeton don chraoladh cumasach, cuimsitheach a dhéanann siad ar CLG? Nach bhféadfaí cuid acu sin a úsáid? Cá raibh Michael Rice mar shampla ar an gclár faoi Jackie Tyrell? Bhí Rice le feiscint ar athchraoladh ar chlár de chuid RTÉ le déanaí, clár inar dhein sé trácht ar na blianta fada a chaith sé ag suí taobh le Jackie Tyrrell i seomra feistis Chill Chainnigh.

Nach mbeadh sé glic agus straitéiseach, fiú, do chuid féin a úsáid le breis ‘exposure’ a thabhairt dóibh, fé mar a déarfadh fear an Bhéarla?

Cad faoi na hiarimreoirí/bainisteoirí ar fad? Ar na saolta seo ní féidir casadh timpeall ag cluiche caide gan micreafón nó méarchlár a fheiscint i nglac duine de mhuintir Shé. Cad faoi Sheán Óg de Paor, John Allen, Seán Ó Domhnaill, Caoimhín Ó Casaide, Ray Silke, Paul Galvin, Coman Goggins, Jack O’Connor, Éamonn Fitzmaurice agus a lán eile nach iad.

Cad faoi iriseoirí/tráchtairí spóirt? Evanne Ní Chuilinn, Gráinne McElwain, Ruairí Mac Con Iomaire, Pádraic Ó Ciardha, Gearóidín Nic an Iomaire, Pádraig Ó Gríofa, Seán Bán Breathnach agus gach duine a bhíonn ag plé le spórt i Raidió na Gaeltachta agus TG4?

Ar eagla na míthuisceana caithfear a rá gur cláir bhreátha iad seo. In ainneoin gur Ciarraíoch mé bhaineas súp as an gclár ar Shéamus Darby an tseachtain seo caite agus aréir tugadh éachtaint mhaith ar bhean atá sa Táin, Rena Buckley.

Tuigim go bhfuil múnla an chláir ag iarraidh díriú níos mó ar an toise pearsanta agus go bhfuil níos lú aíonna de dhíth, dá réir. Ní raibh ach cúigear cainteoirí ar chlár Darby mar shampla. D’fhéadfaí a mhaíomh chomh maith nach bhfuil gá leis an oiread sin cloigne cainte nuair atá daoine chomh caithiseach, deisbhéalach agus ionraic le Darby is Buckley os comhair ceamara agat.

Ach ina dhiaidh sin féin is léir go bhfágann an coincheap seo an Ghaeilge in áit na leathphingine ar fad. Pé fís nó ról a shamhlófá le TG4 ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine a áiteamh gur bunaíodh é chun cláir fhaisnéise a dhéanamh nach mbeadh iontu ach deich nóiméad nó mar sin Gaeilge in aghaidh na huaire.

Thuigfeadh RTÉ féin fiú gur masla a bheadh ansin.

Tá a fhios agam go bhfuil polasaí ‘twin pole’ ag TG4 agus go mbítear ag coimisiúnú clár do dhá ‘phobal féachana’ (pobal na Gaeilge agus an pobal náisiúnta) ach más é seo an toradh ar an bpolasaí sin tá sé in am athmhachnamh a dhéanamh air.

Is féidir (agus is gá) an dá thrá a fhreastal.

Fonn a níos fiach.

Fág freagra ar 'Laochra Gael? Níor bunaíodh TG4 le deich nóiméad Gaeilge san uair a thabhairt dúinn…'

  • Cluain Sceach

    An ceart ar fad agat.

  • Eibhlin

    Nach í Rena Buckley a thug a h-óráid mar chaiptín buacach i ngaeilge nuair a bhua Corcaigh Craobh na hÉireann roinnt blianta siar??? Ní dóigh liom gur chaill sí uilig í ó shin!
    Rith na ceisteanna atá curtha agat liom go minic agus mé ag breathnú ar TG4.
    Ba cheart go mbeadh bun cheatadán do chainteoirí liofa gaeilge leagtha síos in aon chlár a gheobhfadh maoiniu le Clár a dhéanamh agus a léiriú ar Tg4…Ní hé nach bhfuil cainteoirí liofa eolach ar fáil ar an ábhar seo agus go leor eile.

    . Arist cén fáth nach mbíonn fotheidil ghaeilge ar fáil ar chaint na mbéarlóirí breátha ach go gcaithfear gach siolla gaeilge a aistriù go teanga na nGall?? Caithfear an cheist a chur, ina fhianaise seo, cé ar a bhfuil TG4 ag freastal?

  • TÓC

    Nár cheart na ceisteanna seo a chur ar léiritheoirí an chláir, ar cheannasaí TG4 agus ar an dream a chuireann maoiniú ar fáil dóibh? Cuireadh deireadh le Seó Spóirt, ceann de na cláir ab fhearr a bhí againn agus céard a tháinig ina leaba? Ó tharla na cainteoirí Gaeilge a bheith ar fáil agus nach ndearnadh teagmháil leo is léir don dall gurb é an Béarla an dia beag agus mór i TG4 agus tá sin amhlaidh le fada.

  • Gearóid

    A lán ráite ag Breandán, é ráite go maith agus é go hiomlán ceart.

  • Máire

    Abair aríst é!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá ceist thábhachtach ardaithe ag Breandán. Cuireann sé olc ormsa chomh maith ach ní chuireann sé iontas a thuilleadh, nuair a fheicim cuid de na cláracha déanta le airgead atá curtha ar fáil le cláracha Gaeilge a dhéanamh: daoine le cumas maith Gaeilge faoi agallamh i mBéarla. Is ar an bpolasaí coimisiúnaithe an locht, má ghlactar le clár de ‘Laochra Gael’ ná de aon chlár eile le 11 noiméad i nGaeilge i gclár 55 noiméad. Más clár é atá airgeadaithe as an gciste airgid a fhaigheann TG4 le cláracha Gaeilge a dhéanamh, an bhfuil sé míréasúnta a bheith ag súil le leath den chlár ar a laghad a bheith i nGaeilge agus leath de na hagallaimh chomh maith?

  • Sean O Ciobhain

    Is mo san agallamh as Gaeilge a dhein R na G fado le Sean Walsh a bhi ag caint as Bearla ar an gclar faoi Sheamus Darby. Ba as Dhun Chaoin do mhathair Sheain agus ba as Bhaile na nAth in iarthar Duibhneach da athair agus bhi Gaeilge ar lic an tinteain aige.
    Aon tuairim agat a Bhreandain mar gheall ar an te a bhi ag griosadh na foirne sa tseomra feistis as Bearla amhain ar an gclar a bhi ag TG4 le gairid faoi Chomortas Peile na Gaeltachta?

  • Feardorcha

    An-phíosa. Ceart, féaráilte agus paiseanta.
    Mar bhreis air sin, an mbeadh sé fíor a rá go bhfuil TG4 ag líonadh a “gcuóta Gaeilge” (go bhfóire dia orainn) le cláracha gan aon mhórfhiúntas?

  • Breathnóir

    Tuigim duit agus don phointe atá á dhéanamh agat. Ansin tá cláir ann, mar shampla leithéidí Opry, nach raibh mórán Gaeilge iontu riamh, ach cé go bhfuil Gaeilge bhreá ag Daniel O´Donnell, bhí an tsraith is déanaí den chlár sin beagnach go hiomlán i mBéarla. D´éirigh siad as a bheith ag spreagadh na gceoltóirí le bheith ag rá amhráin i nGaeilge, d´éirigh siad as na vox pops i nGaeilge leis an lucht féachana srl…
    Os a choinne sin, craoladh cláir den scoth le déanaí atá beagnach go hiomlán i nGaeilge. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar ´Bailte´, ina ndéanann an láithreoir Síle Nic Chonaonaigh jab den scoth.
    Sílim gur chóir do TG4 clár a dhéanamh ar nós I Lár an Aonaigh a bhíonn ar BBC2. Éiríonn leo siúd plé le beagnach gach ábhar faoin ngrian ar an sárchlár sin, ní i gcónaí i nGaeilge ach cuid mhór den am.

  • Balor an Tuaiscirt

    – Déanann TG4 urraíocht ar The Irish Post Awards (Cé mhéad airgead a chaitheann siad ar an ócáid Bhéárla seo?).
    – Na Fógraí i mBéarla = imeallú ar an teanga.
    -Ceol Tíre agus na cláracha spóirt, etc. do “pobal náisiúnta”: Cláracha a chuirtear ar fáil do dhaoine gan Ghaeilge agus nach mbeidh spéis ag an tromlach acu sa Ghaeilge ariamh.
    -Is é an Béarla an teanga oibre i bhformhór na comhlachtaí léiriúcháin a dhéanann cláracha do TG4 agus is é an Béarla a labhraíonn formhór na ‘crews’. An bhfuil polasaí Gaeilge ag na comhlachtaí seo atá ag saothrú airgead mór gach bliain as cistí Gaeilge?
    – fógraí, preas ráiteas agus araile ó chuid mhaith de na comhlachtaí léiriúcháin sin i mBéarla.
    – Bheinn den bharúil nach bhfuil Gaeilge ag 40% de na daoine a bhfuil ag obair san earnáil. (Ba spéisiúil figúirí a bheith ar fáil).
    – The Gilmore Girls, The West Wing, Jump Girls, weakest link, westerns & scannáin as Béarla, orange is the new black, The Sinner, etc. etc…. agus mar a léirítear san ailt, cláracha le céadatán níos mó Béarla á labhairt.

    Cothaíonn TG4 PR mhaith don teanga. Seachas sin, dar liom, is beag an tionchar aige ar chúrsaí Gaeilge.

  • Pól Ó Braoin

    B’shin an fáth a n-éistim le RnaG agus nach mbacaim mórán le TG4 níos mó… má bhím ag iarraidh cláracha maithe béarla a fheiceáil tá neart stáisiún eile teilifíse is féidir liom a roghnú…

  • aontaím leat a Bhreandáin

    An-phíosa a Bhreandáin, cruinn agus fíor. Bhí mé ag breathnú ar an gclár aréir agus shíl mé an rud céanna díreach leatsa. Ag éisteacht le cainteoirí breátha Gaeilge, a chuala mé ag Gaeilgeoireacht roimhe seo ar TG4 agus ar RnaG agus anois á gcur faoi agallamh i mBéarla ar chlár ‘Gaeilge’ ar TG4…..téann sé ó mheabhair ceart orm ….agus ní thuigim an cur chuige. Léiriú iomlán ar an dímheas atá ar an nGaeilge…. cá bhfuil an bród agus an mórtas cine faoi rud éigin éagsúil a bheith á chur ar fáil seachas a bheith díreach ag sodar i ndiaidh na n-uaisle , ag déanamh cac ar aithris ar chuile stáisiún eile….caithfidh mé a rá gur ghoill sé orm an treo ina bhfuil an stáisiún Gaeilge seo ag dul.
    Shíl mé an rud céanna faoin gclár ‘Ár gClub’ a craoladh ó ‘Chomórtas Peile na GAELTACHTA’…agus a craoladh an t-seachtain seo caite….cur i gcéill ceart, gan náire ná cás ag tabhairt le fios don domhan mór nach mbíonn aon tábhacht leis an teanga a úsáid ag an gcomórtas….agus á chraoladh agus ag cur ‘drochtheanga agus easpa Gaeilge’ chun cinn agus na foirne á ngríosadh chun imeartha….fuair siad deacair é cúpla cainteoir Gaeilge a fháil agus (dearmad déanta is cosúil gur féidir leat cúpla ‘take’ a dhéanamh sa chás agus go mbeadh leath Béarla/Gaeilge á labhairt ag duine i ngan fhios dóibh féin… cá bhfuil an treoir!!! Dá mba club Gaeltachta mé agus gurb é sin an léiriú a bheadh déanta ar mo chlubsa… ní mó ná sásta a bheinn,…..caithfidh mé a admháil.
    Céard é an chéad rud eile…..clár ó Oireachtas na Gaeilge agus gríosadh á dhéanamh i mBéarla agus i ndrochtheanga agus daoine ag dul ar ardán…..caithfimid a bheith ag breathnú ‘cool’ nach gcaithfidh…….fainic a speáinfí go bhfuil muid éagsúil, go bhfuil rud éigin ar leith agat má tá tú in ann thú fhéin a chur in iúl i do theanga fhéin….ag magadh fúinn atáthar faraor. Tá clárachaí iontacha ar TG4 ,….ná ligigí na maidí le sruth …. Breathnaigí orthu sula dtéann siad ar aer agus bíodh a fhios agaibh cad atá á chur chun cinn…..tá an fhreagracht sin oraibh má tá maoiniú poiblí á chur ar fáil. Ná lig dom mo dhóchas a chailleadh…. Tréalaím le Breandán as Léirmheas cruinn a dhéanamh ar an gclár…. Creid é nó ná creid b’fhearr liom mura mbeadh údar gearáin aige ach bíonn an fhírinne searbh….éisteach lucht na cumhachta anois agus cuir clárachaí ar ardchaighdeán Gaeilge ar fáil is féidir a bheith bródúil astu. (bhí an tsraith Bádóirí thar cionn)

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní ar TG4 an locht nach í an Ghaeilge a usáidtear le cuid mhaith de na fóirne a ghríosadh ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Ní bhaineann an cleachtas sin leis Na Dúnaibh amháin, tá mé cinnte. Níor iompaigh siad ar an mBéarla mar go rabih ceamaraí sa seomra feistis.

  • fós ag aontú le Breandán

    B’fhéidir nach hea a Dhonncha agus is cinnte nach hiad an t-aon fhoireann a chleachtaíonn a leithéide…ach ní haon dea-rud é a bheith ag gríosadh foirne i ndroch-theanga agus ag cur an chleachtais sin chun cinn ar chlár teilifíse trí é a chraoladh…..agus ní Béarla ná Gaeilge atá i gceist agam….sén locht a bhí agamsa gur baineadh leas as an gclip sin freisin i mbolscaireacht nó i ‘bpromo’ don chlár céanna ar líne…..b’fhéidir go bhfuil mé seanfhaiseanta ach nach bhféadfaí sin a fhágáil ar lár….bhí mé an-mhíchompordach ag breathnú air le mo chlann, a bhíonn ag imirt cluichí CLG agus trí seo a chur chun cinn tá beannú eile á thabhairt don chuid diúltach den ghríosadh nach n-aontaím leis beag ná mór…ach ní shin ach mo thuairimse

  • Brian Ó Broin

    Tá TG4 ag deighleáil leis an nGaeilge mar theanga eachtrannach. Teanga aisteach, coimhthíoch, aduain. Mar bharr ar sin, ní léir go bhfuil treoracha teanga ar bith acu dá gconraitheoirí.
    Baineann ráiteas Eibhlín thuas go mór mór le hábhar. Ní fhotheidlítear cainteoirí Béarla i gclár ar bith, rud a chuireann iachall orainne tiontú 100% ar an mBéarla chun iad a thuiscint. Ach fotheidlíonn TG4 an Ghaeilge ar fhaitíos nach dtuigfeadh na móruaisle Gallda rud ar bith. Go siceolaíoch, is é an Béarla “teanga baile” TG4.
    Cosnaíonn fotheidliú €1-€15 (ag brath ar chaighdeán na hoibre) in aghaidh an nóiméid. I gcás cláracha mar Laochra Gael, d’fhéadfadh TG4 misneach ÉIGIN a léiriú lena chonraitheoirí agus seo leanas a éileamh uathu:
    1) Céatadán áirithe den chaint sa chlár a bheith i nGaeilge (70%?)
    2) Gach nóiméad den chlár nach bhfuil i nGaeilge a bheith fotheidilte i nGaeilge.
    Ach ní dóigh liom go bhfuil an misneach sin acu. An dtugtar treoracha teanga ar bith do na conraitheoirí?
    Nó an sórt réiteach caochadh-na-súl atá i gceist? “Any oul’ shite in Irish’ll do. Just a few minutes of overdubbing for lipservice.”
    Dáiríre, TG4 – bíodh misneach éigin agaibh agus seasaigí an fhód – ÁR bhFÓD! Ar a laghad éiligí ábhar ó bhur gconraitheoirí nach gcuirfidh olc ar bhur gcroíphobal.
    Agus FFS cén fáth nach mbeadh an stuif atá 100% Béarla fotheidilte i nGaeilge freisin? Féachaigí an Isiltír, an Íoslainn, an Iorua, an Ghréig, agus iliomad tíortha eile.

  • Seán Fennell

    Is beag cumann peile ag Féile Peile na Gaeltachta a bhíonn ag caint i nG ar an pháirc imeartha. Rinneadh a mhór de Laochra Loch Lao Bhéal Feirste le tamall anuas, díograiseoirí cearta amach is amach.
    Féach ó thuaidh sna Sé Chontae agus chífidh toradh na hathbheochana!
    Ach, is beag rud a chlúdaíonn TG4 sna Sé Chontae ná RTE.
    Ná déan dearmad go síleann RTE go bhfuil Dun Dealgan agus An.Lú in oirthuaisceart na tíre.
    Is beag trácht ar RTE RNAG faoin Tuaisceart ach oiread, Nuacht an Tuaiscirt- Gaoth Dobhair agus Gort a Choirce amháin.
    Cláracha Gaeilge don phobal Gaeilge