Bádóirí Chill Dara, sean-nós i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus ar thóir an óir in Achaidh Chéide – ár rogha ó Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Seo daoibh blaiseadh beag de na himeachtaí Gaeilge atá á n-eagrú mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta a bheidh ar siúl idir 16-24 Lúnasa

Bádóirí Chill Dara, sean-nós i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus ar thóir an óir in Achaidh Chéide – ár rogha ó Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Fiche bliain ó shin a thug Comhairle Náisiúnta na hOidhreachta faoin tseachtain naoi lá seo a eagrú leis na scileanna, na traidisiúin agus an saineolas a bhí ag na sinsir a chur ar aghaidh go dtí glúin eile.

Bhí saol ann nuair is ar an teallach a foghlaimíodh ceirdeanna, amhráin agus scéalta na háite ach sa saol nua seo in ionaid phobail agus oidhreachta is minice a bhíonn teacht ar na saoir.

Téama na bliana seo ‘Ár mBunchlocha a Fhiosrú’ agus béim á cur ar an stór a tháinig chugainn ón dream a chuaigh romhainn sa nádúr, sna healaíona agus san obair láimhe a fágadh againn.

Tráth seo dheireadh an tsamhraidh is iomaí pingin a bhíonn ag teastáil ó theaghlaigh agus an chlann á réiteach le filleadh ar scoil agus is deas mar sin go mbeidh go leor de na láithreacha oidhreachta atá ag Oifig na nOibreacha Poiblí saor is aisce inniu, an Satharn, 16 Lúnasa. Má shantaíonn tú cuairt ar cheann acu inniu do sheans.

Is iontach go deo an lear agus na cineálacha imeachtaí atá ar siúl agus níl anseo ach mo phiocadh beag féin de na himeachtaí as Gaeilge a mheall mé. Tá os cionn 2,000 imeacht ar fad eagraithe ag grúpaí agus pobail i rith na seachtaine agus tá cinn eile nach raibh cláraithe in am le bheith ar an suíomh ach a bheidh ar siúl.

Más garraíodóir thú agus suim agat i múirín, gheobhaidh tú comhairle i nGaeilge i mBaile Locha Riach, chomh maith le hócáidí go leor eile.

Má cheap tú nach raibh cáil ar bhádóirí i gcontae Chill Dara, bí i gcalafort Nás na Rí ar an 20 Lúnasa, agus bí ag tógáil agus ag seoladh báidíní.

I gcontae na Mí gheobhaidh tú turas treoraithe i nGaeilge ar Bhrú na Bóinne – Cnóbha agus Sí an Bhrú ar an 17 Lúnasa.

Más i gCorcaigh thú beidh cóisir an tsamhraidh romhat i dTeach Fóta.

I nDún Laoghaire ar an 23 Lúnasa téigh ag cadhcáil ar thuras dátheangach.

I Mullach Íde beidh turas treoraithe i nGaeilge ar theach breá na háite sin ar an 18 Lúnasa.

I lár na príomhchathrach i leabharlann an ILAC ar Shráid Anraí beidh an scannán iontach Tarrac le feiceáil ar an 18 Lúnasa.

Más maith leat stair agus sean-nós nach iontach an smaoineamh ‘Turas Trí Amhrán ar an Sean-Nós’ i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 18 Lúnasa.

Más faoin aer is fearr leat Gaeilge agus fiadhúlra, bí i bPáirc an Fhionnuisce ar an 21, 24 Lúnasa.

I dTiobraid Árann beidh turas treoraithe dátheangach ar Charraig Phádraig i gCaiseal Mumhan ar an 17, 18 agus 20 Lúnasa.

I gConamara seo do sheans le seandálaíocht Dhúiche Sheoighe a fheiceáil i dteannta Michael Gibbons ar an 20 Lúnasa.

Más iad toibreacha beannaithe Chontae na Gaillimhe is suim leat tabhair d’aghaidh siar ar Leitir Mealláin ar an 19 Lúnasa agus gheobhaidh tú neart eolais.

I dTír Chonaill ar an 23 Lúnasa beidh turas treoraithe as Gaeilge ar theach solais Fhánada.

I Maigh Eo féadfaidh tú a ghabháil ar thóir an óir in Achaidh Chéide ar an 24 Lúnasa nó turas treoraithe a fháil ar an scrín i gCnoc Mhuire nó dul go Cluain Cearbán ar an 16 don Phop-Up Gaeltacht san iarnóin sa siopa leabhar aoibhinn Books at One.

Ní luiatear imeachtaí as Gaeilge le Ciarraí ach téigh go hUíbh Ráthach ar an 19 Lúnasa go gcloisfidh tú faoin Binneas Collection atá digitithe. Diabhal mé go mbeadh spéis agam féin dul go Trá Lí ar an 23 Lúnasa go gcloisfinn faoi 100 bliain d’iománaíocht Chiarraí Thuaidh go háirithe tar éis mná na gcamán a fheiceáil le gairid.

Tá liosta iomlán na n-imeachtaí le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Bádóirí Chill Dara, sean-nós i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus ar thóir an óir in Achaidh Chéide – ár rogha ó Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta'