Séanta ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil ‘mission creep’ ar bun i gcás reachtaíocht logainmneacha

Mhaígh léarscáilí nach raibh i gceist leis an Acht an chéad lá ach go mbeadh logainmneacha Gaeltachta i nGaeilge ar léarscáileanna de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann ach deir an Roinn nach raibh na horduithe logainmneacha riamh teoranta don Ghaeltacht

Séanta ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil ‘mission creep’ ar bun i gcás reachtaíocht logainmneacha

Tá sé séanta go láidir ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil “mission creep” tar éis tarlú i gcás chur i bhfeidhm na bhforálacha logainmneacha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar atá á mhaíomh ag an léarscáilí Barry Dalby.

D’fhoilsigh Dalby léarscáileanna nua de Ghaeltacht Thír Chonaill an samhradh seo. Sa dialann ar líne a scríobh sé agus é i mbun na hoibre, mhaígh fear Cheatharlach go bhfuil “mission creep” tar éis tarlú in imeacht na mblianta agus nach raibh i gceist leis an Acht an chéad lá ach go mbeadh logainmneacha Gaeltachta i nGaeilge ar léarscáileanna de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann.

Mhaígh Dalby in alt a scríobh sé dar teideal ‘Official Languages Act & Placenames’ gur athrú ar an scéal é go bhfuil forálacha na logainmneacha i bhfeidhm don chomharthaíocht phoiblí anois. Dúirt an léarscáilí freisin go gcaithfidh sé logainmneacha Gaeilge a chumadh nó logainmneacha a fhágáil ar lár i roinnt cásanna mar gheall ar rialacha an Achta.

“D’fhás mé aníos i mBaile Átha Cliath agus bhínn ag siúl na gcnoc. Níor chuala mé riamh na logainmneacha seo a leanas in úsáid ar chor ar bith: Binn Trí Charraige [Three Rock Mountain], Binn Dá Charraige [Two Rock Mountain] Sruth na gCloch [Rockbrook], ná Baile an Stacaigh [Stackstown].

“Labhraíomarna ar áiteanna darbh ainm Three Rock, Two Rock agus araile. Cé as a dtáinig an nóisean seo ‘Binn’? Ní téarma é a shamhlaítear mórán le Gaeilge Laighean. Ach mar sin féin, seo iad na hainmneacha oifigiúla is gá a chur chun tosaigh ar aon léarscáil ar fhógra poiblí,” a dúirt sé.

Mhaígh sé go raibh “an t-uafás” logainmneacha a rinne sé a bhfuil a stádas dlíthiúil “doiléir” ó tharla nach bhfuil siad sin Ordú Logainmneacha do Bhaile Átha Cliath.

“Is logainmneacha atá ar léarscáileanna an OS cuid acu agus ní hea i gcás an choda eile. Tá áiteanna dála Belarmine agus Fairy Castle i liombó, fiú. Go praiticiúil, is gá leagan Gaeilge a chumadh nó an logainm a fhágáil ar lár – ní cheadaítear [na leaganacha Béarla],” a dúirt sé.

Dúirt urlabhraí de chuid an Roinne Forbartha Tuaithe, Pobail, agus Gaeltachta i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc nach raibh na horduithe logainmneacha riamh teoranta don Ghaeltacht agus nach bhfuil na forálacha logainmneacha a tugadh isteach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 teoranta don Ghaeltacht ach an oiread.

“Dá bharr [sin], níl an cur síos ‘mission creep’ cruinn i gcás orduithe logainmneacha do chontaetha lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúradh go bhfuil dualgas ar an Stát faoin reachtaíocht teanga “ainm Gaeilge dlíthiúil a dheimhniú do gach aonad riaracháin ar fud an Stáit” agus gur féidir leis an Aire “leagan Gaeilge dlíthiúil a dhearbhú de logainm ar bith”.

“Cuireann an Coiste Logainmneacha comhairle ar an Aire, bunaithe ar thaighde cuimsitheach a dhéanann an Brainse Logainmneacha. Cuirtear i bhfad níos mó fianaise faoi bhráid an Choiste Logainmneacha ná an leagan Béarla nó béarlaithe atá le clos go háitiúil sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil an t-eolas sin an-tábhachtach ann féin,” a dúradh sá ráiteas.

D’admhaigh an Roinn go dtarlaíonn sé ó am go chéile nach dtagann aon fhianaise chucu ar an ainm Gaeilge a bhíodh in úsáid in áit ach dúradh gur “ceist don Choiste Logainmneacha foirm oiriúnach a mholadh le húsáid sa Ghaeilge”.

“Mar shampla, ní raibh fianaise don leagan Gaeilge áitiúil de ‘Stackstown’ i gContae Bhaile Átha Cliath ar fáil. Mhol an Coimisiún Logainmneacha Baile an Stacaigh agus é ar an eolas gur mar sin a gaelaíodh an sloinne Angla-Normannach ‘Stack’.

“Más gá fasach dá leithéid a lorg, is féidir comparáid a dhéanamh le ‘Farranastack/Fearann an Stacaigh’ i gcontae Chiarraí. Ní fhágtar logainmneacha riaracháin gan leagan ar leith sa Ghaeilge ach i mbeagán cásanna speisialta amhail Gibraltar,” a dúradh.

Dúradh gur moladh na leaganacha Gaeilge Binn Dá Charraig agus Binn Trí Charraig os cionn caoga bliain ó shin agus go bhfuil siad in úsáid oifigiúil ó shin i leith agus gur tugadh stádas iomlán sa dlí do na leaganacha sin in 2011.

“Mar is iondúil, cuireadh an dréachtordú logainmneacha sin faoi bhráid an phobail ar feadh tréimhse chomhairliúcháin trí mhí, ó Mheán Fómhair 2010 go Samhain 2010, sular shínigh an tAire é. Ní bhfuarthas aon aighneachtaí maidir le hainmneacha na sléibhte sin,” a dúradh sa ráiteas.

Maíodh freisin nach bhfuil “aon éiginnteacht ann” faoin sampla eile a luaigh Dalby ina alt, Belarmine, agus gur ar an údarás áitiúil a thiteann sé “ceartfhoirmeacha oifigiúla de gach sráidainm ina limistéar féin a chur ar fáil”.

Tugadh an riail sin isteach faoin Acht Rialtais Áitiúil 1986 agus tá dualgas ar na húdaráis áitiúla “leagan ceart Gaeilge” a chur ar fáil d’ainmneacha sráideanna, de bhóithre agus de cheantair cónaithe ina limistéar ón mbliain sin ar aghaidh.

“Buanaíodh agus láidríodh an dualgas sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina bhfuil na húdaráis áitiúla ainmnithe i measc na gcomhlachtaí poiblí a bhfuil feidhm ag an Acht ina leith,” a dúradh sa ráiteas.

Fág freagra ar 'Séanta ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil ‘mission creep’ ar bun i gcás reachtaíocht logainmneacha'

  • Pádraig

    Alt spéisiúil.
    Ard-scoláire Gaeilge a mhúin Geograif dúinn ar scoil.
    ‘An Bhoireann’ a bhí aige ar
    ‘An Bhoirinn’, mar shampla.
    ‘Nás na Rí’ ar ‘An Nás’, Dúrlas Éile’ ar ‘Dúrlas’, ‘Iúr Cinn Trá’ ar an ‘Iúr’ agus agus ‘Brí Chualann’ ar ‘Bré’ gan ach roinnt samplaí a lua.
    An fhilíocht, an chomfhuaim, an dúchas á spochadh?

  • Fearn

    Is fuath liom é nuair a shacann lucht na Gaeilge seam éigin béarla ar fud na Gaeilge acu chun pointe éigin a chur abhaile, AGUS gan míniú a thabhairt ar bhrí an tseama. Nach míneofá mission creep do na daoine nach bhfuil ach an cúpla focal béarla acu?

  • Pól Ó Braoin

    Dar le gúgal:
    “mission creep”, b’shin athruithe céim ar chéim agus de réir a chéile a thagann ar spriocanna atá le baint amach le linn feachtais mhíleata, agus is minic a bhíonn tiomantas fadtéarmach nár pleanáladh sa chéad áit dó mar thoradh ar na hathruithe céanna. Aontaím go hiomlán leat, a Fearn, is fearr rudaí a mhíniú dúinne na léitheoirí. Mar sin féin, alt suimiúil atá ann.