Tá tógáil croí ag baint le gníomhartha áiféise an ghalfaire is measa riamh

Éiríonn leis an saothar seo éachtaint ábalta thaitneamhach a thabhairt ar shaol, ar mheon agus ar ghaiscí áiféiseacha an ghalfaire Maurice Flitcroft

Tá tógáil croí ag baint le gníomhartha áiféise an ghalfaire is measa riamh

Tá Craobh Oscailte Gailf na Breataine ar an gcomórtais gailf is sine dá bhfuil ann agus ceann de na comórtais is mó le rá sa lá atá inniu ann. D’fhéadfaí a mhaíomh chomh maith go bhfuil an spórt agus an comórtas úd lán den éirí in airde agus mór is fiú; bhíodh tráth ar aon nós. Ní nach ionadh go raibh a mbéalaibh ar leathadh ag lucht na scothaicme nuair a dhein fear den lucht oibre a shlí a ghuailleáil isteach ar fhód mín beannaithe Royal Birkdale i 1976. Leis an tarcaisne a chur ar cheann na héagóra ní raibh a scileanna gailf thar mholadh beirte, go deimhin ba í an bhliain roimhe sin a dhein sé maide gailf a luascadh den chéad uair.

Tá an scannán grinn drámatúil seo bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó Scott Murray. Éiríonn le The Phantom of the Open éachtaint ábalta thaitneamhach a thabhairt ar shaol, ar mheon agus ar ghaiscí áiféiseacha gailf Maurice Flitcroft (Rylance).

Chaith Maurice mórán dá shaol oibre i gcrann tógála i longchlós Barrow-in-Furness. Is deas mar a thugtar léargas beag éadromchroíoch ar shaol an lucht oibre. An mac ag dul le gairm an athar agus tseanathar. Faoi mar a deir Maurice sa tráchtaireacht “téann tú isteach sa longchlós ar do chosa agus tagann tú amach i gcónra”. Ní raibh roghanna ag daoine agus b’éigean dóibh sclábhaíocht go crua lena gcrústa a thuilleamh. Titeann sé i ngrá le Jean (Hawkins) agus ní bhaintear aon stad as nuair a chloiseann sé go bhfuil mac aici, Michael (Davies).

Bíonn cúpla acu ina dhiaidh sin. Blianta ina dhiaidh sin tagann sé ar chlár faoi Chraobh Oscailte Gailf na Breataine agus neadaíonn an spórt i scioból a shamhlaíochta. Le teann saontachta agus coráistiúlachta cinneann sé tabhairt faoin ngailf agus páirt a ghlacadh sa chomórtas mór le rá. Vae linn ansin, cad é slaiseanna á gcaitheamh le muintir an ghailf, cad é míreanna grinn agus Maurice ag iarraidh dul i dtaithí ar an saol aduain seo. É féin agus a bhean ag trácht ar an airtríteas, lumbagó agus fiacla bréige nuair atá foirm ghailf ag iarraidh cuntas a fháil ar a handicap [cis].

Le barr cur i gcéill éiríonn leis a shlí a dhéanamh isteach i mbabhta cáilithe na Craoibhe. Déanann sé seó bóthair de féin agus 121 buille aige timpeall an chúrsa. Baistear an “galfaire is measa ar domhan” air. Ní bhaineann sin stad as agus in ainneoin dhoicheall agus ghníomhartha fill na seoiníní gailf filleann sé ar an gcomórtas faoi ainmneacha, foilt agus éadaí bréige.

Tá Maurice ina cheap magaidh ag cuid mhór den phobal agus an lucht féachana. Ag an am céanna is ábhar inspioráide é agus é ag tabhairt faoina mhian go diongbháilte. Lena chois sin tá fogha fíochmhar á thabhairt aige faoi éirí in airde agus éilíteachas gan dealramh an ghailf. Is aisteoir den chéad scoth é Mark Rylance agus tugann sé taispeántas cumasach uaidh anseo. Duine croíúil ar leith é Maurice. É soineanta, saonta ann féin ach é diongbháilte, coráistiúil lena chois sin.

Tá tógáil croí ag baint leis mar dhuine, tá tógáil croí ag baint leis mar scannán.

Fág freagra ar 'Tá tógáil croí ag baint le gníomhartha áiféise an ghalfaire is measa riamh'