‘Tá teaghlaigh óga ag imeacht óna gceantar dúchais’ – easpa gnímh an rialtais faoi fhadhb tithíochta na Gaeltachta cáinte sa Dáil

‘Tá teaghlaigh óga ag imeacht óna gceantar dúchais’ - easpa gnímh an rialtais faoi fhadhb tithíochta na Gaeltachta cáinte sa Dáil

‘Tá teaghlaigh óga ag imeacht óna gceantar dúchais’ – easpa gnímh an rialtais faoi fhadhb tithíochta na Gaeltachta cáinte sa Dáil

Tá sé ráite go bhfuil muintir na Gaeltachta fágtha “ar lár” arís ag an rialtas agus míshástacht léirithe faoin easpa gnímh maidir le cúrsaí tithíochta.

Tugadh faomhadh don Chreat Pleanála Náisiúnta Athbhreithnithe sa Dáil aréir ach rinne roinnt de Theachtaí an fhreasúra cáineadh ar chur chuige an rialtais i dtaobh na Gaeltachta agus faoin neamhaird atá déanta ar cheist na teanga, dar leo.

Tá an creat, a foilsíodh ar dtús an samhradh seo caite, mar chuid de phlean an rialtais chun tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta.

‘Plean straitéiseach ardleibhéil’ é an creat agus cé go ndeirtear ann go mbeidh thart ar 50,000 teach nua ag teastáil chuile bliain as seo go dtí 2040 chun freastal ar an éileamh a bheidh ann, ní leagtar síos pleananna sonracha ann chun an sprioc sin a bhaint amach.

Tá 108 ‘Cuspóir Beartais Náisiúnta’ leagtha amach sa gcreat agus ceann amháin acu a dhéanann tagairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, is é sin go dtacófar le “cur i bhfeidhm phleananna teanga i gCeantair Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge”. Déanfar sin trí “thacaí leanúnacha” a chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga agus tríd tacaíocht “a neartú” d’Údarás na Gaeltachta.

Ní leor sin chun teacht i gcabhair ar theaghlaigh óga atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge sa nGaeltacht, áfach, dar le Conor D. McGuinness, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin.

Dúirt McGuinness go raibh pobail na Gaeltachta “fágtha ar lár arís agus arís eile” agus gur léir nach raibh an rialtas sásta iad a chosaint.

“Tá teaghlaigh óga ag fanacht, ag éirí mífhoighneach, agus ag imeacht óna gceantar dúchais. Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbaol má leantar leis seo.

“Ní leor focail, tá gá le gníomh,” a dúirt McGuinness. “Spriocanna soiléire do thithíocht shóisialta, inacmhainne agus suíomhanna le seirbhíse sna Gaeltachtaí. Maoiniú dáiríre agus polasaithe a thugann tús áite do phobail atá ag iarraidh maireachtaint agus fás trí Ghaeilge.”

Thagair McGuinness agus a chomhghleacaí ó Shinn Féin, do na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a gheall an rialtas ceithre bliana ó shin agus atá fós le foilsiú.

Dúirt Mairéad Farrell gur géarchéim chultúrtha agus teanga a bhí sa ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht, chomh maith le ceann eacnamaíochta. Dúirt sí nár thagair an creat ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge do cheist na tithíochta sa nGaeltacht agus mhol sí rialtas na Breataine Bige as plean a fhorbairt chun tabhairt faoi fhadhb na dtithe saoire agus na dtithe a ligtear ar cíos ar bhonn gearrthéarmach.

“Má tá muid i ndáiríre ag iarraidh dul i ngleic leis an nGaeilge agus leis an méid daoine atá ag labhairt na Gaeilge, caithfidh muid breathnú ar tithíocht sa nGaeltacht,” a dúirt Farrell.

Mhaígh an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly gur léirigh an tagairt ghairid a rinneadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa doiciméad beagnach 200 leathanach cé chomh dáiríre is a bhí an rialtas faoin gceist.

“Tá trí pharagraf tugtha agaibh [don Ghaeilge sa bplean] agus léiríonn sé meon an rialtais gur d’fhoghlaimeoirí an Ghaeilge agus gur rud breise atá inti seachas tuiscint go bhfuil géarchéim ann i ngach uile Ghaeltacht mar gheall ar easpa tithíochta,” a dúirt Connolly.

Fág freagra ar '‘Tá teaghlaigh óga ag imeacht óna gceantar dúchais’ – easpa gnímh an rialtais faoi fhadhb tithíochta na Gaeltachta cáinte sa Dáil'

  • Donncha Ó hÉallaithea

    An cheist ar fiú a chur: an raibh aon inchur ag Roinn na Gaeltachta sa mbeartas seo, An Creat Náisiúnta Pleanála? Mą bhí, cén inchur? Mura raibh, cén fáth nach raibh?

  • Pól Ó Braoin

    Níl na bhótaí sna ceantair ghaeltachta agus de réir agus a bhíonn muintir na Gaeilge ag teitheadh as na ceantair chéanna úd nach bhfuil seansanna dá laghad iontú teach a thógáil ná a fháil dá gclann is ea a laghdóidh na bhótaí céanna. Nuair is ríléir dímheas an rialtais ar an teanga níl fanta ach tábhacht bhótaí ag an dream sin a bheidh i gceannas ann go ceann céad bliain eile. Sin mar atá agus céad slán leis an nGaeltacht.