‘Tá suim faoi leith ag Jack Chambers sa Ghaeilge’ – cosaint déanta ag an Taoiseach ar Aire Stáit na Gaeltachta

Ag labhairt dó ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag an deireadh seachtaine labhair an Taoiseach faoi phlean an rialtais don choróinvíreas agus rinne sé cosaint láidir chomh maith ar cheapachán aire stáit na Gaeltachta

‘Tá suim faoi leith ag Jack Chambers sa Ghaeilge’ – cosaint déanta ag an Taoiseach ar Aire Stáit na Gaeltachta

 Tá ráite ag an Taoiseach go bhfuil “suim faoi leith” ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers “sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht”.

Bhain conspóid le ceapachán Chambers mí Iúil mar nár léirigh sé aon spéis sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht sa Dáil roimhe sin agus mar gur admhaigh sé féin go dteastódh “dianchúrsa” sa Ghaeilge uaidh chun luí isteach ar an teanga athuair.

Thug Chambers a chéad chuairt oifigiúil ar an nGaeltacht an tseachtain seo caite ó ceapadh é dhá mhí ó shin nuair a chas sé i gConamara leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh.

Ag labhairt dó ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag an deireadh seachtaine, rinne an Taoiseach cosaint láidir ar cheapachán Chambers.

“Níl aon amhras orm go bhfuil fonn air a chuid Gaeilge a fheabhsú agus a neartú.  An rud is tábhachtaí, is duine ana-chliste é ar fad, duine a oibríonn go dícheallach, Domhnach is dálach.   Níl aon eagla ormsa maidir le Jack mar fear cumasach atá ann agus aire cumasach atá ann agus beidh sé in ann dul i ngleic leis na fadhbanna atá sna Gaeltachtaí agus ó thaobh na teanga de, dul chun cinn a bhaint amach sna blianta atá romhainn.

“Níl aon amhras orm faoi sin, is duine ana-chumasach é, duine óg, gníomhach agus [é] lán-tsásta dul i ngleic leis na ceisteanna go léir a bhaineann leis na Gaeltachtaí agus an Ghaeilge.”

Dúirt an Taoiseach san agallamh céanna nach mbeadh drogall ar bith air féin ná ar a Rialtas srianta breise Covid-19 a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath dá mba ghá sin chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair.

D’fhógair an Roinn Sláinte aréir 255 cás nua den choróinvíreas agus bhain 156 acusan nó 61% le Baile Átha Cliath.

Bhain 22 de na cásanna nua le Port Láirge agus 13 cás a bhí i nDún na nGall.

Bhí cásanna chomh maith i gCorcaigh, Ciarraí, Gaillimh, Maigh Eo agus i gcontae na Mí.

Deimhníodh go dtí seo gur bhain 34% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 69 cás.

Bhí 68% de daoine a buaileadh faoi bhun 45 bliain d’aois.

87 cás nua den víreas a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inné.

2,352 duine a raibh an galar orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,784 duine ó dheas den teorainn agus 568 ó thuaidh di.

39,299 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte in Éirinn, 30,985 cás ó dheas agus 8,314 cás ó thuaidh.

 Agus plean nua naoi mí i dtaobh an víris le foilsiú amárach ag an Rialtas, dúirt an Taoiseach nach mbeadh “aon eagla” ar an Rialtas  “rud a dhéanamh maidir le Baile Átha Cliath amháin”.

Dúirt sé go mbeadh an plean “solúbtha” agus go bhféachfaí ar an scéal “ó chontae go contae”.

Dúirt sé go raibh dualgas ar an uile dhuine cloí leis na srianta, ach go gcaithfí sláinte intinne an phobail chur san áireamh sa phlean nua chomh maith.

Fág freagra ar '‘Tá suim faoi leith ag Jack Chambers sa Ghaeilge’ – cosaint déanta ag an Taoiseach ar Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Seán Mag Leannáin

    Dochreidte! Tá “suim faoi leith” ag Aire na Gaeltachta “sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht”.

  • Pól Ó Braoin

    Níl suim dá laghad aige sa teanga. Tá an méid sin glinn glann soiléir follasach don mhada sa mbaile. Dá mbeadh suim sa teanga aige níl chaillfeadh sé an bhradhall bheag den teanga a fuair sé na blianta ó shin. Tá mé tinn tuirseach ag éisteacht leis an gcineál sin seafóide ón bpáirtí úd. B’shin an fáth gur thug mé vóta don fhreasúra, na daoine is ceart agus is cóir a bheith i gceannas anois orainn.

  • An Teanga Bheo

    Bíodh sí Beo mar sin agus abair leat do Theanga i gconaí