Tá smacht á chailliúint ag an rialtas ar sholáthar dídine d’iarrthóirí tearmainn

Tá an bonn bainte d’inchreidteacht an rialtais ar cuireadh a ráitis ar neamhní go follasach agus go hiomlán 

Tá smacht á chailliúint ag an rialtas ar sholáthar dídine d’iarrthóirí tearmainn

Tá sé ráite ag an Taoiseach, ag an Tánaiste agus ag airí rialtais eile le seachtain anuas nach bhfuil ceart ag duine ar bith a shocrú cá ligfear do dhuine eile cónaí.

Is léir don saol faoin am seo go bhfuil an ceart sin a shéan Leo Varadkar, Micheál Martin. Eamon Ryan agus Helen McEntee á chur i bhfeidhm dá n-ainneoin i Ros Cathail i gcontae na Gaillimhe, i mBaile an Róba i gcontae Mhaigh Eo, i gCeatharlach agus i Ros Cré.

Is tábhachtaí ná fiúntas na bhfáthanna a thug ar na daoine stop a chur le lonnú iarrthóirí tearmainn (fir go háirithe) sna bailte sin gur ghéill an rialtas dóibh. Tá an bonn bainte d’inchreidteacht an rialtais ar cuireadh a ráitis ar neamhní go follasach agus go hiomlán.

Má deir an Taoiseach arís, mar a dúirt sé le RTÉ Dé Domhnaigh seo caite, nach bhfuil veto ag duine ar bith i dtír dhaonlathach ar chead cónaithe do dhaoine eile i gceantar áirithe, is léir ónar tharla i dtrí chontae le seachtain go bhfuil veto dá leithéid á éileamh agus á chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Is léir freisin nach n-aontaíonn gach ionadaí tofa ó phríomhpháirtithe an rialtais le feidhmiú áitiúil na bprionsabal ginearálta atá á gcraobhscaoileadh ag Leo Varadkar agus ag airí eile. Tá bearna pholaitiúil á hoscailt eatarthu in áiteanna éagsúla.

Ní ceist ná dúshlán áitiúil amháin atá á léiriú féin. Tá meon an phobail maidir le lonnú iarrthóirí tearmann á mheá ag an lucht ceannais i ngach páirtí, mar a bheidh ag na hiarrthóirí a bheidh san iomaíocht sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh.

Tá dúshlán cheannairí pháirtithe an rialtais tugtha ag comhairleoirí contae éagsúla. Léirigh Teachta Fhianna Fáil i gCeatharlach Jennifer Murnane O’Connor an imní atá ar roinnt Teachtaí Dála freisin nuair a dhiúltaigh sí ceisteanna réasúnta faoi lonnú leathchéad iarrthóir tearmainn fireann sa bhaile a fhreagairt Déardaoin ar Morning Ireland.

Fógraíodh laistigh de 24 uair an chloig nach fir mar a fógraíodh ach mná agus páistí a lonnófaí i mainistir thréigthe na gCaipisíneach sa bhaile. Bhí rabhadh agus deis in éineacht in U-chasadh seo an rialtais, agus sa dá U-chasadh eile i mBaile an Róba agus i Ros Cré. Tá polasaí an rialtais ag dul ó smacht agus a thoradh soiléir go háitiúil.

Má eagraítear feachtas in aghaidh ionad ar bith eile ina mbeartófar fir ón iasacht a lonnú, géillfidh an rialtas, lonnófar mná agus páistí amháin ann agus seolfar na fir chuig áit éigin eile – amuigh faoin spéir murar féidir dídean a aimsiú dóibh.

Bheadh cúrsaí achrannach go leor mura mbeadh leas á bhaint ag antoiscigh as imní daoine réasúnta – maidir leis an tionchar a bheadh ag lonnú scata imirceach ar scoileanna nó ar sheirbhísí áitiúla eile, mar shampla. Cé nach bhfuil iarrthóirí tearmainn ná teifigh ón Úcráin ag cur fúthu i dtithe ná in árasáin a chuirfí ar fáil de ghnáth d’Éireannaigh, is treise an míshásamh a chuireann a dteacht ar dhaoine áirithe toisc go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír.

D’fhéadfaí an imní a chuireann teacht na n-imirceach (idir iarrthóirí tearmainn agus teifigh ón gcogadh san Úcráin) ar mhórán a mhaolú dá mbeadh an rialtas ábalta meastachán nó fiú buille faoi thuairim a thabhairt faoin méid daoine a thiocfaidh amach anseo. Ní féidir meastachán dá leithéid a fhógairt.

Ní heol do shaineolaí ar bith an tionchar a bheidh ag cogadh, ganntanas agus athrú aeráide ar líon na dteifeach sna blianta amach romhainn. Is féidir a bheith réasúnta cinnte áfach nach rachaidh sé i laghad.

Ní hionann sin agus a rá nach féidir leis an rialtas a n-ionramháil ar lonnú teifeach agus iarrthóirí tearmainn a fheabhsú. Tá feachtas cumarsáide á ullmhú chun cur in aghaidh aineolais agus mífhaisnéise maidir le polasaí an rialtais agus a chur i bhfeidhm. Táthar ag súil le plean, ar iarradh ar an aire lánpháirtíochta Roderic O’Gorman é a leagan amach, faoina dtógfar mór-ionaid nua dídine d’iarrthóirí tearmainn.

Ní féidir a bheith dóchasach áfach go mbeidh sé ar chumas an rialtais muinín áitiúil maidir le lonnú teifeach in ionaid nua a chothú sa ghearrthéarma. Tá cruas ag teacht de réir a chéile i bpolasaithe an rialtais agus Shinn Féin ar aon – mar a léirigh an díospóireacht ar an gciorrú ar thithíocht agus ar shochair do theifigh ón Úcráin.

Déanta na fírinne ní heol d’aon phríomhpháirtí conas teacht ar pholasaí inimirce a bheidh praiticiúil, réasúnta agus inghlactha i measc an phobail. Léirigh coirloscadh an fhoirgnimh sa Rinn i mBaile Átha Cliath, ar síleadh go raibh sé beartaithe iarrthóirí tearmainn a lonnú ann (cé nach raibh) an dainséar do gach páirtí.

Mura gcuirtear srian ar an bhfuath agus ar an míshásamh atá á gcothú ag antoiscigh, agus ag an éidreoir pholaitiúil, tá baol ann go marófar duine éigin.

Fág freagra ar 'Tá smacht á chailliúint ag an rialtas ar sholáthar dídine d’iarrthóirí tearmainn'

  • Sinéad Ward

    Údar an ailt:‘ Mura gcuirtear srian ar an bhfuath agus ar an míshásamh atá á gcothú ag antoiscigh, agus ag an éidreoir pholaitiúil, tá baol ann go marófar duine éigin’.

    11.01.24:
    ‘Leo Varadkar says ‘real fear’ someone could be killed in arson attacks on migrant accommodation centres’.
    Foinse: https://m.independent.ie/irish-news/big-worry-leo-varadkar-says-real-fear-someone-could-be-killed-in-arson-attacks-on-migrant-accommodation-centres/a697745499.html

    Agus an t-alt seo ag teacht sna sála ar an gceann is deireanaí le Eoin Ó Murchú, ritheann an cheist liom: An bhfuil comórtas ar siúl idir Cathal Mac Coille agus Ó Murchú maidir le cé acu den bheirt a bhéas in ann an chuid is mó d’ábhar cainte an rialtais a aithris?

  • Diarmuid Ó Sé

    Diarmuid Ó Sé

    Ní féidir meastachán a dhéanamh i dtaobh líon na ndaoine a bheidh ag lorg bheith istigh sa tír seo sna blianta atá romhainn. Ach tá figiúirí cinnte againn i dtaobh an am i láthair ar díol spéise iad. Taobh amuigh den Stát seo a saolaíodh 20% de dhaonra an Stáit. Is figiúir an-ard é sin i gcomórtas le tíortha eile atá láimh linn; mar shampla, 15% atá i gceist sa Bhreatain. D’áitigh an t-eacnamaí Philip Pilkington agus an déimeagrafaí Paul Morland le déanaí gur baolach don chomhtháthú sóisialta má théann an figiúir sin os cionn 15%. Tá ábhar machnaimh ansin dúinne. Más fíor dóibh, agus is saineolaithe ar na heolaíochtaí sóisialta iad, táimid sa bhearna baoil cheana.