‘Is mór an t-ionadh gur thug sí cead duit a bheith ag spraoi leis an nGráinneog sin,’ a dúirt mé, agus amhras orm. Ní raibh sé i bhfad ó chonaic mé an ghráinneog chéanna agus í ina cuid lárnach de mhórdhealbh lego a bhí tógtha i lár an urláir sa seomra suí.
‘Tá a fhios agam go raibh sí ag spraoi leis ar maidin agus tá mé a cheapadh go bhfuil sí fós ag spraoi leis.’
‘Léi, Mamaí,’ a deir sé. ‘Céard?’ a deir mé.
‘Tá sí fós ag spraoi ‘léi’, Mamaí, is cailín-Gráinneog atá inti.’
Bhreathnaigh mé ar ais ar an ngráinneog bheag lego. Ní raibh aon chomhartha le feiceáil, agamsa ar aon chaoi, a thabharfadh le fios an baineann nó fireann a bhí an ‘bréagán’ áirithe seo.
Ní hé go bhfuilim ag cur steiréitíopa inscne i bhfeidhm ar bhréagáin anois, ná tada mar é, ach tá roinnt comharthaí ann, a thugann le tuiscint duit gur bréagán baineann nó fireann atá agat.
- Ribín nó aon rud atá sórt cosúil le ribín – bréagán baineann
- Fabhraí fada – bréagán baineann
- Dath gorm – bréagán fireann
- I ngreim i maide nó uirlis troda – bréagán fireann
- Sciatháin nó gealra, in aon áit – bréagán baineann
Níor chloígh an ghráinneog seo le haon cheann de na catagóirí a mbím ag brath orthu. Gráinneog neamhspleách a bhí inti, ba léir, agus droim láimhe tugtha aici le ribíní, fabhraí fada agus do ghealra.
Dá mbeinn ag iarraidh cur síos a dhéanamh uirthi, déarfainn go raibh sí thart ar an méid, an cruth agus an dath céanna le ‘malteser’, ceann a mbeadh greimín beag bainte as. Is beag a cheapfá go bhféadfadh a leithéid a bheith ina cnámh spairne.
Fireann nó baineann, bhí a fhios agam go raibh mo chinniúint féin (nó an chuid eile den tráthnóna, ar aon chaoi) ceangailte go dlúth le cinniúint na gráinneoige seo. Ba í an sórt bréagáin í a tharraingeodh achrann. An sórt bréagáin nár mhaith leat a bheith ag cartadh an tí á chuartú!
Is bhí tuairim agam nach raibh sa gcaint seo faoi chailín-ghráinneog ach iarracht ar m’aird a tharraingt ón mbuncheist: an raibh nó nach raibh cead faighte aige an ghráinneog a thabhairt leis?
‘Ar aon chaoi, níl sí ag spraoi léi níos mó!’ a deir sé. ‘Tá’s a’d fhéin Mamaí, sharing is caring!’
‘Áá,’ a deir mé, ‘nach deas é sin, go bhfuil sibh ag roinnt lena chéile. Tá súil agam gur dhúirt tú go raibh maith agat léi.’
‘Err,’ a dúirt sé go hamhrasach.
‘Mamaí, dúirt mé sharing is caring léi, ach dúirt sí nach sharing is caring ar chor ar bith!’ a dúirt sé agus cuma an iontais air.
‘By dad!’ a deir mé. ‘Ní chreideann sí sa roinnt ar chor ar bith?’
‘Ní chreideann,’ a deir sé, a dhá shúil ar leathadh agus an ghráinneog lego á cur i dtaisce ina phóca arís aige.
Fág freagra ar '‘Tá sí fós ag spraoi ‘léi’, Mamaí, is cailín-Gráinneog atá inti.’'