Tá sé thar am láimhseáil na paindéime a fhiosrú agus ceachtanna a fhoghlaim

Tá gá le fiosrúchán gan mhoill faoi na ceachtanna riachtanacha atá le foghlaim ón bpaindéim Covid-19

Tá sé thar am láimhseáil na paindéime a fhiosrú agus ceachtanna a fhoghlaim

Ní dhéanfaidh ár bhformhór dearmad go héag ar na ráitis a chuir tús agus deireadh le tréimhse chinniúnach na paindéime.

Is ar an 21 Eanáir anuraidh a d’fhógair Micheál Martin mar Thaoiseach go raibh na srianta in aghaidh Covid-19 á gcur ar ceal. “It is time to be ourselves again,” a dúirt sé.

Bhí sé ag labhairt 21 mí tar éis do Leo Varadkar dúnadh scoileanna agus srianta eile ar shaol na tíre a fhógairt i mbeochraoladh ó Washington ar an 12 Márta 2020.

Ní maith lenár bhformhór cuimhneamh anois ar ré léanmhar na paindéime ná ar a tionchar aisteach léanmhar ar ár saol. Go dtí seo (ní foláir cuimhneamh nach bhfuil deireadh leis an gcontúirt fós) tá bás faighte ag 9,136 duine sa stát a raibh an coróinvíreas tolgtha acu, de réir chuntas an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte.

Tá dualgas ar pholaiteoirí ceachtanna riachtanacha a fhoghlaim ón tréimhse ar cuireadh críoch oifigiúil léi i mí Eanáir anuraidh. Tá gealltanais tugtha ag Leo Varadkar agus ag Micheál Martin go mbunófar fiosrúchán oifigiúil leis na socruithe a rinneadh, nó nach ndearnadh, chun déileáil leis an bpaindéim a iniúchadh.

Thug foinse rialtais le fios do Tuairisc.ie go bhfógrófar bunú fiosrúcháin oifigiúil ach níl leide faoi dháta a fhógartha tugtha fós. Idir an dá linn, tá an obair ag tosú ar an taobh eile de Mhuir Éireann.

Sa Bhreatain, ceapadh iarbhreitheamh chun dul i mbun oibre i mí na Nollag seo caite agus ceistíodh finnéithe ag an gcéad éisteacht phoiblí i mí Iúil – ina measc iarChéad-Aire an Tuaiscirt Arlene Foster agus an t-iarLeasChéad-Aire Michelle O’Neill.

Tá cur is cúiteamh fós ar bun sa rialtas faoi théarmaí tagartha agus faoi chumhacht an fhiosrúcháin. Ní léir fós, áfach, an mbeidh cathaoirleach an fhiosrúcháin ábalta iachall a chur ar dhaoine fianaise a thabhairt agus cáipéisí a chur ar fáil. Ní heol ach oiread an éistfear cuid den fhianaise nó an t-iomlán ag éisteachtaí poiblí.

Tá sé ráite ag an Taoiseach ó am go chéile ó thús na bliana go bhfuil fiosrúchán beartaithe a dhéanfaidh iniúchadh ar bheartais an stáit a bhí éifeachtach nó lochtach. Fiosrófar freisin, a dúirt sé, na socruithe a rinneadh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar dhóigh níos éifeachtaí, agus déanfar cur síos ar na ceachtanna ba chóir a fhoghlaim i gcomhair na chéad phaindéime eile.

Ní easaontódh duine stuama le clár oibre dá leithéid, ach beidh fiúntas an fhiosrúcháin ag brath go hiomlán ar a chumhacht ó thaobh dlí de agus ar na téarmaí tagartha.

Is léir le fada go leor de na ceisteanna tábhachtacha ba chóir a iniúchadh. Mar shampla:

  1. Cén fáth ar mharaigh an víreas an oiread daoine i dtithe altranais?
  2. An raibh déine agus fad na dtréimhsí dianghlasála riachtanach?
  3. Cén tionchar a bhí ag aistriú othar ó ospidéil ag tús na paindéime ar an ráta báis i dtithe altranais?
  4. An raibh dúnadh scoileanna ar feadh tréimhsí fada riachtanach?
  5. Cén fáth nach raibh dóthain mascanna agus trealamh cosanta pearsanta ar fáil chun freastal ar oibrithe ospidéil agus sláinte?
  6. An raibh struchtúr agus cur chuige na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) oiriúnach?
  7. An raibh cúis mhaith eolaíochta leis an moill a chuir NPHET ar chomhairle faoi chaitheamh mascanna agus faoi úsáid tástála antaigine?
  8. Cén chúis a bhí leis an teannas idir an Fhoireann agus an rialtas ó am go ham, agus le sceitheadh moltaí NPHET sula raibh deis ag an rialtas iad a phlé?
  9. Cén fáth nár thug an rialtas aird ar rabhadh NPHET faoi ‘Nollaig lán de bhrí’ á fhógairt in 2020?
  10. Fuair breis agus mile duine a raibh Covid-19 orthu bás i mí Eanáir 2021. Cé chomh híseal a bheadh an ráta báis murach an ‘Nollaig lán de bhrí’?

Rachaidh cuimhne gach duine i ndearmad, fiú amháin tar éis ré a bhain croitheadh as gach duine sa tír agus a mharaigh na mílte in imeacht dhá bhliain.

Ní haon chabhair é mar sin don té a cheapfar leis an bhfiosrú a stiúradh go bhfuil moill fós á cur ar an obair mhór a bheas roimpi nó roimhe.

Beidh an fhianaise a thabharfaidh gnáthdhaoine – gaolta na ndaoine a chuaigh in éag i dtithe altranais mar shampla – chomh tábhachtach leis an bhfianaise a thabharfaidh airí, státseirbhísigh agus oibrithe sláinte le cabhair a gcuid taifead.

Dúradh i measúnú státseirbhíse ar fhéidearthachtaí a chuirfeadh an tír i gcontúirt (a foilsíodh in 2019) gur chóir breathnú ar phaindéim, ní mar fhéidearthacht ach mar chontúirt chinnte a thiocfadh uair éigin. Ainneoin an rabhaidh sin bhí bearnaí suntasacha á léiriú i soláthar agus i gcur chuige an stáit faoi cheann bliana.

Deir na saineolaithe go bhfuil paindéim eile dosheachanta. Tá sé thar am na ceachtanna riachtanacha a fhoghlaim ón bpaindéim atá thart, beagnach, agus tairbhe a bhaint astu. Chuige sin tá fiosrú téagartha cuimsitheach de dhíth, gan mhoill.

Fág freagra ar 'Tá sé thar am láimhseáil na paindéime a fhiosrú agus ceachtanna a fhoghlaim'

  • An eilifint sa seomra

    Ceist eile is gá a phlé ná fo-iarmhairtí na vacsaíní féin. Tá fianaise láidir ann anois a thugann le fios go ndearnadh dochar do go leor leor daoine. Féach, mar shampla, an cúiteamh atá á chur ar fáil ag an bhFionlainn do dhaoine as fo-iarmhairtí díobhálacha.