Tá ré na gcroíluachanna agus na spride deonaí ag leá léi i gCumann Lúthchleas Gael

Cuirtear fáilte rompu siúd a thuigeann cé dár díobh iad agus gurb é an cluiche féin an máistir i ndeireadh na dála

Tá ré na gcroíluachanna agus na spride deonaí ag leá léi i gCumann Lúthchleas Gael

Bhí a raibh le rá ag iarbhainisteoir caide Uibh Fháilí, Stephen Wallace, faoina oiliúnóir nirt agus aclaíochta ar cheann des na ráitis a d’éalaigh trí na mogaill ar scata an tseachtain seo.

Bhí Wallace ag tagairt do Dominic Mulligan agus don obair a bhí ar bun aige le foireann na sinsear ag Uibh Fháilí nuair a thug sé le fios in agallamh do John Fogarty ón Irish Examiner inné gur éirigh Mulligan as a chuid dhualgas toisc, a deir Wallace, go raibh fiacha amuigh ag Bhord CLG Uibh Fháilí leis.

Glactar leis coitianta go bhfuil meitheal mhór tacaíochta ag gach foireann eadarchontae sa lá atá inniu ann agus deirtear linn nach fiú deoch uisce na n-ubh an té a bheadh gan oiliúnóir nirt is aclaíochta- nó fear S&C mar a thugtar air sa tseomra feistis.

Cé go nglactaí leis i gcónaí go raibh cuid den mheitheal tacaíochta ag déanamh a gcúraim ar bhonn deonach, bhí an tuiscint ann le tamall go raibh lucht S&C agus dornán eile nach iad ag tuilleamh pinginí pitseála éigin as a gcuid oibre leis na foirne contae.

B’fhéidir go bhfuilim ana-shaonta nó b’fhéidir gur idéalachas i leith chuid de chroíluacha CLG atá ionam, ach n’fheadar an é Dominic Mulligan an chéad oiliúnóir S&C a d’éirigh as a ‘phost’ toisc nach raibh na híocaíochtaí a bhí dlite dhó á bhfáil aige as a chuid seirbhíse?

Dá gcaithfinn uaim mo chuid saontachta agus dá bhfágfainn an t-idéalachas ar leataobh ar feadh tamaill, b’fhéidir go dtuigfinn chomh maith leis an gcéad duine eile, go bhfuil ré na gcroíluacha agus laethanta na spride deonaí ag leá uainn go tiubh. B’fhéidir gur gearr uainn an lá go mbeifear a thabhairt le fios go bhfuil an uile dhuine atá seasta ar an dtaobhlíne i dtuilleamaí agus i dteideal cúitimh de shórt éigin.

Táimid teanntaithe fé láthair, an dtuigeann tú, i ré atá idir dhá shaol. Saol na gcroíluacha agus an idéalachais ar thaobh amháin agus saol na scaoilteachta is na tráchtála ar an dtaobh eile.

Tá an ré seo ina bhfuilimid breac le cur i gcéill, le cogarnaíl i gcluasa, le dúirt-sé-dárt-sé, le cur is cúiteamh agus le huisce fé thalamh.

Táimid teanntaithe sa ré seo a bhláthaíonn agus a ramhraíonn an té go dteastaíonn uaidh go mbeadh íocaíochtaí do bhainisteoirí agus do bhaill mheithle ar an dtaobhlíne mar ghnáthchuid de shaol CLG.

Tá aithne le hos cionn cúig bliana fichead agam ar Stephen Wallace. Thugamar blianta le chéile le foirne mionúir agus faoi bhliain is fiche Chiarraí. Tá aithne riamh agam air agus níl aon aithne agam ar an bhfear. Nó b’fhéidir nach dtuigim cad chuige an cultúr lena mbaineann sé.

Ní thuigim an té a bheadh ag imirt bliain amháin lena chumann dúchais ar imeall bhaile Thrá Lí, Ard Fhearta, agus an bhliain dar gcionn le foireann an bhaile mhóir, Ó Céirín Ó Rathaile.

Ní thuigim ach an oiread cad a spreagfadh duine le bheith ar an dtaobhlíne mar bhainisteoir ar fhoireann Bhaile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge i gcluiche sraithe lá amháin in aghaidh na Gaeltachta i nGallaras agus go mbeadh na haon bhéic aige roinnt seachtainí ina dhiaidh sin agus é gafa gléasta i mbib an mhaoir foirne nuair a thug Ard Fhearta aghaidh ar an nGaeltacht sa chraobh.

Ní thuigim cad a mheallfadh Ciarraíoch amháin go lár tíre chun ról an bhainisteora i gcontae Uibh Fháilí a thógaint air féin agus ní thuigim ná ní thuigfead go deo canathaobh go nglacfadh muintir Uibh Fháilí, agus Bord CLG an chontae go háirithe, leis gur beirt Chiarraíoch eile a thabharfaí isteach ina theannta.

Bhí drochsheachtain ag Stephen Wallace agus ní theastaíonn uaim bheith ag bualadh coise ar an té atá thíos. Ach thug sé éirí croí ar chlos déanach aréir dom go raibh Paul Rouse le ceapadh mar bhainisteoir eatramhach ar fhoireann Uibh Fháilí.

Bhuaileas le Rouse i bhfíorthosach na bliana seo i bPáirc a’ Chrócaigh agus d’aithníos láithreach bonn air go raibh sé in ísle brí fé chás na bpeileadóirí ina chontae dúchais. Is cás le daoine ar nós Rouse cás na treibhe. Is cás leo nuair a thréigeann an snas agus an dath agus an tiarnúlacht a muintir féin. Creideann siad sa ról atá ag an spórt i saol na muintire sin. I mbeagán focal, agus i mbéarlagair na linne, tá a gcroíthe san áit cheart.

Nílim ag rá go n-éireoidh le Rouse ná le Stephen Darby ná le Alan McNamee taoide an éadóchais agus na cloíteachta a chasadh go saoráideach i gcontae seo na dílseachta, ach tuigeann siad cé dár díobh iad agus tuigeann siad gurb é an cluiche féin an máistir i ndeireadh na dála.

Is fiú aon ní é sin i gcontae Uibh Fháilí an tseachtain seo.

 

Fág freagra ar 'Tá ré na gcroíluachanna agus na spride deonaí ag leá léi i gCumann Lúthchleas Gael'

  • Carraig53

    Cad faoi Mick Dwyer? Páidí Sé? Ghabh siad sin thar teorainn sìos amach chomh maith . Ní hé galar Wallace amháin é. Ach is fíor go bhfuil seó bóthair ar fad déanta aige siúd de féin. Aontaím go bhfuil an tsainnt is an airc in uachtar, anois seachas riamh, ach tabhair luach saothair don duine cáilithe a dhéanann job maith macánta, amhail lucht S&C i gcoitimne. Ní mhaífinn a gcuid airgid orthu siúd.