Plean tithíochta eile foilsithe ag an rialtas: plean a chuireann an dualgas go hiomlán ar an earnáil phríobháideach, mar a chuir na pleananna roimhe, in ainneoin nár éirigh leo.
Plean atá láidir maidir le líon na dtithe atá mar sprioc ann, ach atá lag maidir le cén chaoi leis an líon sin a bhaint amach.
Deir an rialtais go dtógfar 300,000 ionad cónaithe faoin bplean seo taobh istigh de chúig bliana. Sin dúbailt líon na n-ionad atá dá dtógáil in aghaidh na bliana faoi láthair. San áireamh sa 300,000 seo tá sé i gceist ag an rialtas 72,000 teach sóisialta agus 90,000 teach tosaigh inacmhainne [an chéad teach a bheadh ag duine] a chur ar fáil. Sin 14,000 teach tosaigh agus 18,000 teach inacmhainne gach bliain.
Ón gcéad fhéachaint is léir nach dtagann líon na dtithe sóisialta atá ‘pleanáilte’ gar don riachtanas atá ann, agus maidir le tithe inacmhainne, ní mhíníonn an rialtas céard is inacmhainne ann. Níl dearmad déanta againn de na tithe inacmhainne a díoladh ag €400,000. Níl a leithéid inacmhainne do mhórán, ar ndóigh.
Agus céard is brí le teach tosaigh? Teach mar a thuigeann muid é nó cró bídeach gan slí ann do dhá chat chun rince?
Ar ndóigh seo é an ceathrú plean rialtais maidir le tithíocht. Níor éirigh leis an rialtas in aon cheann de na pleananna eile na spriocanna a leagadh síos a bhaint amach, agus níl comhartha ar bith ann go mbeidh sé difriúil an uair seo.
Go deimhin, dúirt Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta Shinn Féin go bhfuil na mílte duine ar liostaí feithimh na gComhairlí Contae fágtha ar an leataobh, fiú dá n-éireodh leis an rialtas sprioc an phlean seo a bhaint amach.
Dar le hEoin Ó Broin is plean é a scríobhadh le haghaidh infheisteoirí is forbróirí móra ar mhaithe lena leas príobháideach féin. Seo mar a labhair sé leis an rialtas:
“Tá neamhaird arís ar ghnáthdhaoine, oibrithe agus teaghlaigh. Agus mar a bhí le deich mbliana anuas, tá sibh tar éis na Comhairlí a fhágáil gann ar na hacmhainní agus ar an bhfoireann atá riachtanach le tithíocht phoiblí a sholáthar ar thalamh poiblí ar scála mór; agus, ag an am céanna, tá sibh ag scaipeadh sibh fóirdheontais is buntáistí cánach ar chistí infheisteoirí, eastátóirí corparáideacha a agus forbróirí móra.”
Ar an taobh eile maíonn an rialtas go bhfuil méadú mór ar an tsuim airgid atá á chur ar fáil do thithíocht. Tá infheistíocht €275 billiún le déanamh san infreastruchtúr sna deich mbliana seo chugainn.
Cuirim fáilte roimhe sin, ach léirínn sé arís gurb é an stát amháin atá in ann don infheistíocht atá riachtanach.
Séard atá i gceist ag an rialtas, áfach, ná go nglacfaidh an stát leis na costais mhóra, ach go bhfágfar ag an earnáil phríobháideach tógáil na dtithe ar mhaithe le brabús.
Cinnte tá airgead breise, faoiseamh cánach is eile le tabhairt do chomhlachtaí tógála, ach is é an seanphort é: airgead a thabhairt dóibh, srianta is rialacha a lagú, ar mhaithe le comhlachtaí príobháideacha a mhealladh le tabhairt faoin obair.
An gá é a rá arís? Ní bhaineann tithíocht leis an margadh. Ní aguisín roghnach é teach nó árasán. Is riachtanas an tsaoil é. Ach tá an rialtas meáite ar leanacht le polasaí atá bunaithe ar an argóint gur earra margaidh é.
Ach arís, má bhreathnaíonn muid siar ar stair an scéil seo. Seo é an ceathrú plean tithíochta, agus theip go hiomlán ar gach aon cheann de na chéad trí phlean. Níl aon difear sa gcaoi go dtugann an plean seo faoi thógáil tithe. Mar sin cén chaoi ar féidir linn a bheith ag tnúth le toradh ar bith eile, seachas teip eile?
Agus leis an teip fágtar na mílte is gan é ar a gcumas teach dá gcuid féin a cheannach. Fágtar na mílte báite i gcíosa arda, gan cosaint ná cearta. Fágtar na mílte duine fásta ina gcónaí i dtithe a dtuismitheoirí.
Murar féidir leis an stát seo fónamh orthu, agus deis a chinntiú dóibh saol compordach fiúntach a bheith acu sa mbaile, rachaidh níos mó agus níos mó díobh go dtí tíortha eile – an Astráil is eile. Cailliúint don náisiún, agus coir in aghaidh aos óg na tíre.
Ni féidir nach bhfuil a fhios ag an rialtas nach n-éireoidh leis an bplean seo, ach diúltaíonn siad i gcónaí gan géilleadh don mhargadh.
Agus nach soiniciúil ar fad an beart é nach bhfuil aon spriocanna bliantúla luaite? Ciallaíonn sé sin nach mbeidh daoine in ann dul chun cinn an phlean a mheas bliain i ndiaidh bliana. Tá an rialtas ag súil go bhfanfaidh daoine ina dtost go dtí go mbeidh na cúig bliana istigh.
Bhuel, an bhfuil tú sásta fanacht i do thost? An bhfuil tú sásta le plean eile a bhfuil sé soiléir ón tús go dteipfidh air?
Fág freagra ar 'Tá plean tithíochta eile againn ar léir go dteipfidh air'