‘Ach a dheartháirín, pébí áit a bhfuil tú, cuimhnigh ar an áit thiar…’

Níl ach 2.8 gasúr i chuile theach tuaithe, ar an meán, anois.  Má imíonn beirt, cé atá fanta?

‘Ach a dheartháirín, pébí áit a bhfuil tú, cuimhnigh ar an áit thiar…’

Moltach agus dearfach a bhíonn na breithiúna i gComórtas na mBailte Slachtmhara. Treabhann siad an tír ó phobal go pobal. Bhíodar i Leitir Mealláin agus Baile na Cille i bhfad siar i gConamara; bhíodar i Ros Fhionnghlaise ag íochtar Shliabh Bladhma i gcontae Laoise.  Sna tuairiscí a rinneadar leagadar béim ar bhallraíocht na hóige sna hiarrachtaí maisiúcháin phobail i chaon áit acu.  Thagair siad don bhuntáiste a bhainfeadh leis an gceangal sin idir na daoine óga, agus an áit ar rugadh agus ar tógadh iad.

Ceangal leis an dúchas.

I gConamara, dúradar gur díol bróid do cheantar Leitir Mealláin agus Bhaile na Cille an bhail néata agus fheiceálach atá coinnithe ar eastáit tithíochta, agus ar thithe aonair.   Ansin mholadar go ndíreodh an Coiste Bailte Slachtmhara sa gceantar a gcuid iarrachtaí ar phlandaí dúchasacha, ar nós slatairí a d’fhásfadh ina gcrainnte darach amach anseo.

Dúradh gurbh fhiú daoine óga a thabhairt isteach san iarracht agus go gcuideodh sé leis an gceangal a bheadh ag an gcéad ghlúin eile, le nádúr na háite.

I Ros Fhionnghlaise, amuigh i bpáirceanna feilméarachta chontae Laoise moladh don choiste ansin ceangal a dhéanamh le scoileanna an cheantair.  “They are the future generation” a dúradh i dtuarascáil na mbreithiúna.  Cothaíonn ballraíocht sna himeachtaí pobail bród as a gceantar féin imeasc na  hóige, a dúradh le coiste Ros Fhionnghlaise.

Is dual do bhreithiúna na mBailte Slachtmhara go gcuirfidís a leithéid de chomhairle i gceantracha tuaithe ach ní choinneoidh crainnte darach an tine fadaithe, lá níos faide anonn.

Ní inniu ná inné a bhí an Sáirsint Seán Ó Ceallaigh as Cúil Aodha i gCorcaigh sna Gardaí Síochána i gConamara.  Chríochnaigh sé a chuid seirbhíse i gConamara.  An oíche ar reáchtáladh ócáid ómóis dó, dúirt sé cúpla focal tomhaiste agus stuama:  “Sílim,” a deir sé “nach féidir ómós níos gnaíúla a thabhairt d’áit ar bith ná cónaí ann.  Sin é a bheidh mise a dhéanamh i gConamara, agus mé ag ligean mo scíthe anois.”

Ar ndóigh ní féidir an saol a shocrú mar sin scaití.  Ní féidir le chuile dhuine a shaol a chaitheamh san áit ar rugadh agus ar tógadh é; b’aisteach go deo an saol é sin.   Ach, tá gnaíúlacht ag baint le dílseacht don áit arb as duine an chéad lá.

San amhrán breá imirce a scríobh Tom a’ tSeoige, an file as Conamara, cuimhníonn an fear atá ag teannadh amach sna blianta ar a ‘mhate’ a chuaigh go Sasana in éineacht leis sna 1950idí, agus nach bhfaca sé ariamh ní ba mhó:

“Ach a dheartháirín, pébí áit a bhfuil tú,

Cuimhnigh ar an áit thiar.”

Chuile sheans go raibh eolas mór curtha ag an mbeirt ar an saol, ar an talamh, ar an gcladach agus ar dhroim na mara sa áit ar rugadh agus ar tógadh iad.  Bhí sé fáiscthe isteach ina gcreatachaí agus ina gcroíthe.   Ní mar sin atá sé ag formhór daoine óga na tuaithe anois. Go deimhin is údar imní do lucht leighis an lear ama a chaitheann daoine óga ag plé leis an bhfón agus gairis teicneolaíochta eile ar an gcnaiste.

Is dóigh go mbeadh líonadh na bearna sin, ar bhealaí, ag baint le plandáil slatairí a d’fhásfadh ina gcrainnte darach amach anseo, nó ag plé le hobair fhorbartha ina gceantar féin.

Ach nach maith an rud é an taisteal?

Táthar ag glacadh leis go forleathan go gcuidíonn tamall taistil leis an dream óg súl a bhfillfidh siad ar Éirinn, nó ó thaobh na tuaithe de, go bhfillfidh siad ar ais ar an dúchas.

Dúirt duine atá ag plé le forbairt tuaithe liom go bhfeiceann sí gur tuairim duine as ceathrar a fhilleann amach faoin tír aríst théis dóibh imeacht. Tá deis fillte níos fearr ann anois ná a bhíodh.  Beag beann ar sin, feictear don 75% nach bhfilleann (a deirtear), gur fearr a bheith i lár shoilse geala na cathrach ná a bheith san áit a bhfásann slatairí dearach lá níos faide anonn.

Rud é a tharla faoin tuath ariamh anall.  Ach tá cor eile sa saol.

Níl ach 2.8 gasúr i chuile theach tuaithe, ar an meán, anois.  Má imíonn beirt, cé atá fanta?

Níl na staitisticí ag taobhú le ceantair thuaithe in 2025.

Fág freagra ar '‘Ach a dheartháirín, pébí áit a bhfuil tú, cuimhnigh ar an áit thiar…’'

  • Lillis Ó Laoire

    Ach níl Seán Ó Ceallaigh ina chónaí ina áit dhúchais. Le gean ar Chonamara, tá sé ag fanacht ann, i ndiaidh dó a dhul ar scor.
    Agus le bheith cruinn faoi, is é an líne as an amhrán:
    “A Mhéit, a dhreatháirín, pé’r bith cá’il tú, cuímrigh ar an áit thiar.”

  • Carraig

    Ní fonn abhaile a bhíonn ar mhórán dá n-imíonn.
    Ní hea ná é.
    Ná ní le grá ná le gean a labhraid ar thír na hÉireann ach oiread.
    Bhíos ag obair i Londain, samhradh na bliana 1985, tráth a mbíodh na dealbha ag pramsáil i mBéal Átha an Spidéil (Ballinspittle!) bíodh go raibh a lán eile acu in áiteanna eile ‘ar stailc’ nó ‘as ord’!
    Bhí droch-chaoi cheart ar ghnó na dtábhairneoirí san am gcéanna de dheascaibh na drochaimsire.
    Is ag caint ar an mbatharnach báistí gan stad gan staonadh thall in Éirinn a bhíomar, istigh sa bhothán agus greim bídh á ithe againn.
    Is mar seo a labhair strapaire óg ó Roscomáin agus coinneal ina radharc;
    ” Nár stopa sí choíche ná go deo.
    Go dtaga aimsir na díleann agus na hÁirce ar ais chucu,
    Go gcaithe siad na crainn a dhreapadh.”
    Sin ‘tírghrá’ agus ‘fonn abhaile’ dhuit.