Tá ‘plean’ chun dídean a chur ar fáil do theifigh á mholadh ag Sinn Féin ach tá sé ar bheagán sonraí

Tá plean chun dídean do theifigh a sholáthar á lorg ag Sinn Féin, gan plean ceart dá gcuid féin a mholadh

Tá ‘plean’ chun dídean a chur ar fáil do theifigh á mholadh ag Sinn Féin ach tá sé ar bheagán sonraí

De réir mar atá an Dáil reatha ag teannadh le deireadh a ré, is follasaí ná riamh tionscnamh ullmhúcháin Shinn Féin i gcomhair an olltoghcháin.

Is léir cheana féin gur athrú (‘change’) a gheallfaidh an páirtí thar aon rud eile san olltoghchán a chaithfear a fhógairt faoi cheann 14 mí ar a dheireanaí. Beidh gealltanais an pháirtí soiléir ar bhealaí áirithe faoin am sin, agus doiléir ar go leor bealaí eile.

Tá cur chuige an pháirtí ar aon dul mar sin le cur chuige gach páirtí sa bhfreasúra riamh a bhí ag dréim le seal i mbun rialtais. Ní féidir breithiúnas a thabhairt faoi láthair ar na beartais iarthoghcháin a gheallfaidh siad ar ball ach tá bua amháin ag an bpáirtí nach féidir a shéanadh.

Faoin am a vótálfar san olltoghchán – in 2024 nó go luath in 2025 – beidh 13 bliain caite i mbun rialtais ag Fine Gael agus freagracht nó páirtfhreagracht rialtais ar Fhianna Fáil le hocht mbliana.

Ní bheidh na páirtithe is mó sa rialtas ábalta athrú a ghealladh mar a bheidh ar chumas Shinn Féin. Dá láidre meas na vótálaithe ar an bpáirtí, nó a mhalairt, beidh a fhios acu go léir go mbeidh athrú stairiúil ar shaol polaitiúil na tire má thoghtar Sinn Féin mar pháirtí rialtais.

Deir na saoithe scaití nach páirtithe ón bhfreasúra a bhuann olltoghcháin ach páirtithe an rialtais a chailleann iad. Sin ráite, is díol suntais é an iarracht atá idir lámha ag Sinn Féin agus go háirithe ag Mary Lou McDonald dearcadh an pháirtí ar sholáthar dídine do theifigh agus d’iarrthóirí tearmainn a fhógairt ar dhóigh a shásóidh daoine atá míshásta leis an bpolasaí oifigiúil.

Dhírigh Mary Lou ar an ngéarchéim tithíochta agus an Taoiseach á cheistiú faoi dhó aici sular cuireadh an Dáil ar atráth an tseachtain seo caite. Ach thagair sí freisin do pholasaí nua an rialtais gan dídean a thairiscint do theifigh ón Úcráin ach ar feadh 90 lá.

Beidh leasú ar an dlí ag teastáil leis an bpolasaí nua ar thug Sinn Féin ‘tacaíocht’ dó a chur i bhfeidhm. Is faoin bplean a theastódh lena chur i bhfeidhm, dar le Mary Lou McDonald, a cheistigh sí Leo Varadkar i nGaeilge sa Dáil ar an 12 Nollaig:

“Cá bhfuil an plean? An bhfuil plean ag an Taoiseach nó ag an Rialtas? Tá ár gcóras tithíochta faoi bhrú ollmhór. Tá daoine ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh ach caithfidh an Rialtas an plean a thaispeáint dúinn.”

Ní dhearna Leo Varadkar cur síos ina fhreagra an lá sin ná ó shin ar phlean ar bith. Is eol do chách an chúis: níl plean dá leithéid ann. Shoiléirigh sé rud amháin áfach. Ní íocfar sochair cúnaimh tithíochta (HAP) le hÚcránaigh agus ní chuirfear tithíocht shóisialta ar fáil dóibh.

D’fhill Mary Lou McDonald ar an téad chéanna le linn agallaimh a foilsíodh san Irish Daily Mail Dé hAoine. Bhí ‘daoine réasúnta’ imníoch a dúirt sí faoin tionchar a bheadh ag an bpolasaí nua ar Éireannaigh a bheadh ag lorg dídine. Ceaptar go forleathan dar léi nach bhfuil plean ag an rialtas.

Tá neamhaird déanta sna ráitis seo de chur chuige an rialtais go dtí seo gan tithíocht shóisialta ná inacmhainne a chur ar fáil d’Úcránaigh agus do dhearbhú an Taoisigh nach n-athródh an polasaí.

Tá leas á bhaint ag Mary Lou agus a páirtí áfach as seift ar bhain páirtithe eile sa bhfreasúra tairbhe pholaitiúil as go minic roimhe seo. Is furasta ‘plean’ a iarraidh nó a mholadh nuair nach gcuireann iriseoirí na ceisteanna riachtanacha faoin gcur chuige a mholann a páirtí féin. Iad seo go háirithe:

Cén plean a bheadh ag Sinn Féin chun dídean a sholáthar d’Úcránaigh, do theifigh agus d’iarrthóirí tearmainn dá mbeadh an páirtí sa rialtas?

Cén ‘comhrá ceart’, a deir Mary Lou atá riachtanach, sula lonnaítear iarrthóirí tearmann in áit ar bith, a bheadh beartaithe aici dá mbeadh a páirtí sa rialtas?

Cén tionchar dáiríre a bheadh ag an bpolasaí atá á mholadh aici chun iachall a chur ar Úcránaigh nach bhfuil obair thábhachtach á déanamh acu tearmann a lorg?

Ar ndóigh is dlúthchuid de chur chuige an fhreasúra i ngach Dáil ceisteanna a chur nach gá dóibh féin (nó nach féidir leo féin) iad a fhreagairt. Tá contúirt ag baint le straitéis dá leithéid áfach nuair a bhaineann sé le mór-ábhar aighnis.

Tá moladh tuillte ag Sinn Féin as an bhfód a sheasamh in éineacht le páirtithe in aghaidh dreamanna atá ag iarraidh teacht i dtír gan scrupall ar imní réasúnta agus mhíréasúnta.

Is léir faoi láthair áfach iarracht Shinn Féin daoine ar an dá thaobh den argóint a shásamh.  Gan dabht cuirfear Tadhg an Dá Thaobhachas i leith an pháirtí dá bharr, fiú mura mbeidh gearán dá leithéid cothrom.

Ní miste, áfach, an cheist a chur i gcónaí ar pháirtí a deir go bhfuil ‘plean’ ar bith riachtanach. Cén plean a mholfadh Sinn Féin mar réiteach, is é sin má tá a leithéid ag an bpáirtí?

 

Fág freagra ar 'Tá ‘plean’ chun dídean a chur ar fáil do theifigh á mholadh ag Sinn Féin ach tá sé ar bheagán sonraí'