Tá tuismitheoirí na tíre ar bís, is dócha, agus páistí ag filleadh chun na scoileanna. Tá cuid mhaith páistí mar a chéile óir d’airigh siad uathu a gcuid cairde is a saol taobh amuigh den teach.
Ach tá páistí eile ann bhfuil faitíos an domhain orthu ag dul ar ais ar scoil, páistí a fhulaingíonn maistíneacht, tromaíocht agus bulaíocht (is cuma cé acu focal). Páistí iad seo nach áit shlán dóibh an scoil, ach áit imeagla, áit ainnise is anó, áit a ndéantar beag is fiú díobh ann.
Dar le suirbhé a rinne Coláiste na Tríonóide, fulaingíonn an ceathrú cuid de dhaltaí scoile na tíre maistíneacht de chineál éigin – timpeall 200,000 duine óg.
Léiríonn an suirbhé freisin go bhfuil leibhéal an chiaptha níos airde in Éirinn ná mar atá san Aontas Eorpach fré chéile, go mbíonn sé níos deacra ag déagóirí na hÉireann déileáil leis ná mar a bhíonn dá gcomhaoisigh Eorpacha. Cuireann roinnt mhaith daoine óga lámh ina mbás féin mar gheall ar an maistíneacht.
Tá gnéithe éagsúla maistíneachta ann: maistíneacht ó bhéal, maistíneacht fhisiciúil nó bhagrach. Is féidir le duine beag a dhéanamh d’ainm nó cruth duine nó a chuid giuirléidí a mhilleadh go rialta. Tá ciapadh gnéasach ann agus ciapadh ar líne. Bíonn sracaireacht i gceist fiú. Coinnítear daoine amach ón gcomhluadar.
Deir na húdaráis go bhfuil próiseas ag gach scoil le tabhairt faoi seo. Ach ó bhí mé ag caint le roinnt tuismitheoirí ar fhulaing a bpáistí maistíneacht tá amhras orm. Feictear dom nach bhfuil ann ach focail ar pháipéar, is gur beag cabhair a thugtar d’íobartaigh i ndáiríre.
Tá leibhéil éagsúla bulaíochta ann ar ndóigh. Agus tá sé níos éasca í a aithint nuair a bhíonn bulaíocht fhisiciúil i gceist, nó bulaíocht a mbíonn fianaise fágtha ina diaidh.
Ach b’fhéidir gurb é an t-eisiamh an cineál bulaíochta is coitianta. Dúirt tuismitheoir amháin liom faoina hiníon, nach raibh páistí eile sa rang ag caint léi ná ag ligean orthu féin gurb ann di fiú. Bhí cóisir lá breithe ag duine de na cailíní eile seo, is fuair gach duine sa rang cuireadh dó ach amháin iníon mo chara.
Bhí cailín eile ann a fágadh ag sileadh deora sa gclós imeartha nuair a thiontaigh na cailíní eile a ndroim uirthi, iad ag gáire eatarthu féin is á n-iompar féin amhail is nach raibh sí ann ar chor ar bith.
Sna cásanna sin agus i gcásanna dá leithéid, fágtar an t-íospartach croíbhriste, ag fiafraí di féin cén fáth mise. Milltear a muinín aisti féin, eispéireas a chothaíonn strus, imní is féinamhras. Fágtar a muintir croíbhriste freisin, nuair nach bhfuil a fhios acu céard is féidir leo a dhéanamh.
Sna cásanna sin a luaigh mé, phléigh na tuismitheoirí an scéal leis an scoil. Bhí ráiteas cleachtais acu, cinnte, ach ba bheag an mhaith é sa deireadh.
I gcás cailín amháin, dúradh leis na tuismitheoirí gur cailíní deasa a bhí sna cailíní a bhí ag maistíneacht. Agus níl aon dabht orm ach go bhfuil sé sin fíor. Mar ní brúideanna a dhéanann maistíneacht ná daoine nach bhfuil cosúil leis an gcuid eile, ach gnáthdhaoine, gnáthpháistí.
I gcás amháin phléigh an scoil leis na cailíní é agus lena dtuismitheoirí.
Mhínigh na tuismitheoirí sin gur thuig a bpáistí féin nach ceart an rud a rinne siad a dhéanamh agus tugadh gealltanas nach dtarlódh sé arís.
Ach, ar ndóigh, tharla, agus d’éirigh sé níos measa.
Tá roinnt mhaith taighde déanta faoin tionchar a bhíonn ag an maistíneacht ar íospartaigh, ach is ar éigean go bhfuil aon rud ann ó bhéal na maistíní ag míniú cén fáth go ndéanann siad é.
Tuigim an fhadhb. Cén tuismitheoir a ghlacfadh go héasca leis gur maistíní a gcuid páistí féin?
Tar éis rud beag cainte, téann chuile dhuine ar aghaidh le rudaí eile – na múinteoirí, na tuismitheoirí, na páistí – ach fágtar na híospartaigh ina n-íospartaigh bhuana.
I gcathair mhór ar nós Bhaile Átha Cliath tá seirbhísí ann le cabhrú le páistí a bhfuil deacrachtaí acu leis an tsláinte mheabhrach mar gheall ar a leithéid seo, ach níl siad chomh fairsing taobh amuigh den phríomhchathair agus ní dóigh liom gur ann do na seirbhísí sin ar chor ar bith i nGaeilge. Páistí scoileanna lán-Ghaeilge a bhí i gceist sa dá scéal a luaigh mé.
Cén fáth mar sin an mhaistíneacht? Níl a fhios agam, ach tá an fhadhb chomh mór is chomh tromchúiseach sin go bhfuil dualgas mór orainn ar fad sin a fháil amach.
Go minic, sea, is páistí cliste a fhulaingíonn. Cuireann torthaí maithe scoile isteach ar pháistí eile. De dheasca na maistíneachta cailleann an cailín/buachaill cliste a gcuid muiníne, agus in olcas a théann a gcuid marcanna.
Níl aon éalú ag an dalta nó ag na tuismitheoirí ó thoradh na maistíneachta.
Ach ní haon leithscéal míniú éasca, más míniú é – go bhfuil an cailín róchliste, nó go bhfuil craiceann gorm uirthi, nó eile.
Tá sé tuillte ag na híospartaigh go dtiocfadh muid i dtarrtháil orthu, go bhfaigheadh muid amach cén fáth go ndéantar é seo agus, mar sin, cén chaoi gur féidir linn stop a chur leis.
Ní leor dea-ráitis ar pháipéar. Gníomh fiúntach eolaíoch atá ag teastáil, gníomh a shábhálfaidh páistí ón anachain seo.
Poraic o'hEipicín
Maistíneacht, an focal ceart.
Pól Ó Braoin
Is pinsinéir anois mé agus bhí mé den tuairim riamh agus mé ag fulaingt mo bhealach tríd an scoil mhallaithe sin go raibh leithscéal amháin cuí ann don mharú agus b’shin na maistíní suaracha salacha sin ar casadh orm iad. Breathnaím fós orthu mar naimhde saolta agus níl lá dá dtéann thart nach nguím mallacht agus bás anróiteach orthu féin agus ar a muintir.