Tá Paddy Cassidy á adhlacadh inniu agus gan aon réiteach ar chás na n-íobartach ar throid sé ar a son

Ní hiontas go raibh Paddy Cassidy i measc na gcásanna ar tugadh tús áite dóibh sa ghluaiseacht a bunaíodh chun pinsean agus tacaíocht a fháil d’fhulangaithe na dTrioblóidí

Tá Paddy Cassidy á adhlacadh inniu agus gan aon réiteach ar chás na n-íobartach ar throid sé ar a son

Maidin Dé Luain cailleadh duine eile d’íobartaigh na dTrioblóidí, fear a bhí gníomhach sa bhfeachtas chun pinsean agus aitheantas a fháil do dhaoine a gortaíodh. Fuair Paddy Cassidy,77, bás go tobann sa bhaile in Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste. Beagnach leathchéad bliain ó shin, i mí Mheán Fómhair 1971 goineadh go dona é in ionsaí fánach de chuid an UVF ar an tsráid in aice lena theach.

Bhí sé ocht mbliana fichead d’aois ag an am, pósta agus triúr clainne aige, é fostaithe mar rigeálaí i stáisiún ginte cumhachta. Bhain drochghortú dromlaigh dó san ionsaí lámhaigh, chaith sé bliain i gcathaoir rotha agus bhí gá aige le maidí croise agus cailpéar chun cuidiú leis siúl an chuid eile dá shaol. Ní raibh sé in ann ag an obair go deo arís agus bhí drochphian air gach lá.

Fuair sé £27,000 mar chúiteamh míchumais sna seachtóidí. Ba shuarach an tsuim é d’fhear a bhí 49 bliain i bpian agus gan obair. Ní hiontas go raibh Paddy Cassidy i measc na gcásanna ar tugadh tús áite dóibh sa ghluaiseacht a bunaíodh chun pinsean agus tacaíocht a fháil d’fhulangaithe.

Bhí sé gníomhach san eagraíocht d’íobartaigh Wave a dúirt gur chúis imní go seasta é go gcaillfí duine eile de na híobartaigh gan cabhair ná aitheantas a bheith faighte acu.

Tá a bhformhór ag dul in aois agus fadhbanna sláinte tromchúiseacha acu i ngeall ar na gortuithe a bhain dóibh. Dúirt Alan McBride an feachtasóir síochána ó Wave gur chrá croí é go bhfuair Paddy bás agus an scéim pinsin a shaothraigh sé go daor fós sáinnithe.

Ritheadh reachtaíocht in Westminster i mí Eanáir chun pinsean a cheadú agus bhí sé beartaithe go n-osclófaí iarratais don scéim ag deireadh na míosa seo caite.

Níor tharla sé. Fuair na híobartaigh amach faoin moill de sheans seachtain roimh an spriocdháta.

Níor ainmníodh roinn in Stormont chun a bheith freagrach as an scéim. Níor bunaíodh an painéal faoi chathaoirleacht breithimh a rithfeadh é. Níor deineadh réiteach faoi cé a sheasfadh an costas. Agus níor foilsíodh na treoirlínte a bhí ullmhaithe ag an Státrúnaí Brandon Lewis maidir leis na cáilíochtaí chun a bheith i dteideal íocaíochtaí.

Tá dhá chúis leis an bpraiseach. Teastaíonn ón gCéad-Aire, Arlene Foster go n-íocfadh rialtas na Breataine costas na scéime, go háirithe sa chéad bhliain nuair a bheidh riaráistí ó 2014 le híoc. Tá Sinn Féin ag diúltú don scéim agus an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill ag maíomh go bhfuil treoirlínte an Státrúnaí Lewis ag déanamh leatrom ar iarphríosúnaigh.

Séanann rialtas na Breataine argóintí na beirte.

Deir Brandon Lewis gur thug Whitehall £100 milliún do Stormont cheana féin le haghaidh an phinsin. Tá cur agus cúiteamh ar siúl fós Stormont ag meabhrú don Státrúnaí go bhfuil dualgas ar Whitehall i leith íobartach agus go mbeidh airgead ag dul do dhaoine sa Bhreatain idir iarshaighdiúirí agus sibhialtaigh.

Ar Shinn Féin atá an milleán faoin mhoill, dar leis an Státrúnaí Lewis agus an DUP. Bhí rún ag an Státrúnaí a chuid treoracha don scéim a fhoilsiú níos luaithe an mhí seo ach d’éirigh sé as an bplean tar éis comhráite príobháideacha leis na páirtithe – go bunúsach mar gur thug Sinn Féin an t-eiteachas dá choinníollacha.

Nuair a ritheadh an reacht in Westminster bhí sé mar choinníoll don bpinsean gur daoine a gortaíodh gan aon locht a bheith orthu féin a gheobhadh é. B’athrú é sin ar na coinníollacha a aontaíodh in Stormont House in 2014. Bhí Sinn Féin míshásta leis sin ach mhaígh siad go raibh coinníollacha Brandon Lewis níos déine. Dúirt said go ndearna na treoracha leithcheal ar dhuine ar bith ar gearradh breis is dhá bhliain go leith i bpríosún air.

Ó tharla nár foilsíodh treoracha Brandon Lewis ní féidir breithiúnas beacht a thabhairt orthu. Ón méid a sceitheadh, áfach, tá seans maith go bhféadfadh iarphríosúnaigh den aicme atá i gceist cur isteach ar an bpinsean fhad is nár gortaíodh iad in eachtra a raibh siad féin freagrach aisti. Chuile sheans gur sna cúirteanna a réiteofaí cás dá dtabharfaí an t-eiteachas d’iarratais.

Tá roinnt feachtasóirí ar son na n-íobartach den bharúil gur dírithe ar easaontóirí atá an teorannú sna treoirlínte atá feicthe acusan. Beidh dhá chritéar le sásamh ag iarrthóir: ní mór a bheith in ann a léiriú go bhfuil saothar dearfach ar son an phobail déanta aige ó am a chiontaithe agus caithfear a thaispeáint nár ciontaíodh é le déanaí as sceimhlitheoireacht nó ballraíocht in eagraíocht fhoréigneach. Dá réir sin is cosúil go mbeadh éinne a thacaíonn le próiseas síochána Shinn Féin i dteideal an phinsin.

Is íobartaigh ar nós Paddy Cassidy atá thíos leis na hargóintí agus tarraingt na gcos. Ní cúram simplí a bheadh ar an bpainéal, faoi chathaoirleacht breithimh a rithfeadh an scéim. Dúirt roinnt íobartach, daoine a gortaíodh in ionsaithe de chuid an IRA, go ndiúltódh said don bpinsean dá bhfaigheadh poblachtánaithe áirithe é. Gach seans go ndéanfaidís achomharc in éadan bhronnadh an phinsin sa gcás sin.

Cibé ní faoi threoracha Brandon Lewis caithfidh lucht riartha an phinsin a bheith in ann a léiriú go soiléir – chun sástacht athbhreithniú breithimh seans – go bhfuil a bpróiseas lán-iontaofa. Caithfear é a bhunú ar scoth-chleachtais agus cearta daonna.

Ní bheidh sé éasca ach tá sé thar am é a dhéanamh. Masla i gceann na héagóra is ea é a thuilleadh faillí a dhéanamh i ndaoine atá i bpian, ag dul in aois agus ag dul i laige.

Tá Paddy Cassidy á adhlacadh inniu.

Fág freagra ar 'Tá Paddy Cassidy á adhlacadh inniu agus gan aon réiteach ar chás na n-íobartach ar throid sé ar a son'