‘Tá muid ag troid rómhall chun an cath seo a bhuachan’ – obair mhór le déanamh le dul i ngleic le speicis ionracha

Tá turtair, racúin agus ioraí talún i measc na speiceas a tugadh isteach go dtí an tír seo ó thíortha eile agus atá anois ag cur isteach go mór ar ainmhithe agus ar phlandaí dúchasacha na hÉireann

‘Tá muid ag troid rómhall chun an cath seo a bhuachan’ – obair mhór le déanamh le dul i ngleic le speicis ionracha

Ainmhithe a tugadh isteach mar pheataí, don tsealgaireacht agus mar bhronntanais phósta iad cuid de na speicis is mó atá ag déanamh dochair don bhithéagsúlacht in Éirinn.

Tá turtair, racúin agus ioraí talún i measc na speiceas a tugadh isteach go dtí an tír seo ó thíortha eile le roinnt blianta anuas atá anois ag cur isteach go mór ar ainmhithe agus ar phlandaí dúchasacha na hÉireann.

Dar le tuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh an tseachtain seo, tá speicis ionracha ina mbagairt mhór d’éagsúlacht na beatha ar fud an domhain.

Deir Daire Ó hUallacháin, taighdeoir sinsearach le Teagasc, go bhfuil thart ar 1,300 speiceas neamhdhúchasach anseo in Éirinn agus gur speicis ionracha, nó speicis a dhéanann dochar, iad thart ar 10% acusan.

“Nuair a bhíonn muid ag labhairt ar speiceas ionrach, bíonn muid ag labhairt ar speiceas a thug daoine isteach go dtí an tír seo,” arsa Ó hUallacháin.

“Tá sé nádúrtha go dtiocfadh speicis dhifriúla isteach sa tír. Tá speicis áirithe go maith ag taisteal, éanacha mar shampla. Níl siad ionrach – tá sé nádúrtha go mbeadh siad ag teacht anseo – ach is iad na speicis a thug daoine isteach, d’aon turas nó trí thimpiste, sin iad na speicis a mbeadh muid níos buartha fúthu.”

Deir sé go bhfuil speicis neamhdhúchasacha á dtabhairt go hÉirinn ar feadh na gcéadta bliain agus tionchar mór acu ar an mbithéagsúlacht sa tír.

“An ceann a rinne an dochar is mó ná an coinín. Tugadh an coinín isteach nach mór míle bliain ó shin agus amharc anois cé mhéad coinín atá againn sa tír. An tionchar a bhíonn acusan ar ghnáthóga, téann siad san iomaíocht le speicis eile agus bíonn tionchar mór acu ar eacnamaíocht na talmhaíochta.

“Bheadh an sprús Sitceach ar cheann eile acu. Bhí polasaí ag an rialtas an sprús Sitceach a chur agus bhí tionchar mór millteach acu ar phortaigh, mar shampla.

“An t-iora glas, tugadh é sin isteach mar bhronntanas pósta, b’fhéidir 100 bliain ó shin. Osclaíodh an bosca agus d’imigh na hioraí leo agus tá cúpla céad míle acu againn anois. Scaipeann sé galar nach gcuireann as don iora glas ach a mharaíonn an t-iora rua, speiceas dúchasach.”

Deir Ó hUallacháin go bhfuil an cath chun bainistiú a dhéanamh ar speicis amhail an sprús Sitceach agus an t-iora glas “go hiomlán caillte” toisc go bhfuil siad anseo chomh fada sin agus b’fhearr, dar leis, díriú ar speicis nach bhfuil tagtha isteach ach le 30 bliain nó mar sin.

Fágann an fás atá tagtha ar an taisteal agus trádáil idirnáisiúnta le leathchéad bliain anuas go bhfuil sé níos éasca ná riamh speiceas ionrach a thabhairt isteach go dtí an tír seo, trí thimpiste nó d’aon turas.

“Seans gur tháinig an diúilicín riabhach, mar shampla, isteach ar bhád a bhí san Eoraip agus gur tugadh an bád go dtí Loch Coirib ansin,” arsa Ó hUallacháin.

“Bealach eile a dtarlaíonn sé ná go gceannaíonn daoine síolta. Ábhar buartha é seo, go gceannaíonn daoine síolta do ‘bhláthanna fiáine’ san ollmhargadh ach ní bhíonn a fhios againn go díreach céard iad na síolta atá sna paicéid sin. Tá baol ann go bhfuil speicis neamhghnácha agus cinnte neamhdhúchasacha i measc na síolta sin. Síleann daoine go bhfuil siad ag déanamh rud maith ag scaipeadh na síolta sin ach tá baol ann go bhfuil siad ag scaipeadh na speiceas ionrach seo.”

Deir Ó hUallacháin go bhfuil obair á déanamh chun dul i ngleic le speicis ionracha sa tír seo ach nach bhfuil an oiread agus a theastaíonn ar siúl.

“Tá siad ag díriú ar róslabhras i gCill Airne, mar shampla, ach go minic fágtar rómhall é. Tá siad ag troid rómhall agus ní bheidh deis againn an cath seo a bhuachan.”

Níl anseo ach cuid den obair a chaithfear a dhéanamh chun dul i ngleic leis an meath tromchúiseach atá tagtha ar an mbithéagsúlacht sa tír seo agus ar fud an domhain, arsa Ó hUallacháin.

“Tá cúig phríomhchúis leis an meath seo ar fud an domhain luaite sa tuarascáil [de chuid na Náisiún Aontaithe] agus is iad na speicis ionracha ceann acu.

“Tá laghdú mór tagtha ar an mbithéagsúlacht sa tír seo le fada agus níl sna speicis ionracha seo ach cuid den scéal. Más maith linn an laghdú seo a stopadh, nó a athrú, caithfidh muid díriú ar na cúiseanna ar fad – an t-athrú aeráide, truailliú agus úsáid na talún, mar shampla.”

Fág freagra ar '‘Tá muid ag troid rómhall chun an cath seo a bhuachan’ – obair mhór le déanamh le dul i ngleic le speicis ionracha'

  • Tash

    Ábhar tábhachtach is ea é seo.
    Tá cúrsaí ag dul in olcas bliain i ndiaidh bliana. Róslabhras, bambú, cadhpú is araile, is araile is araile. Táid go léir ag cur isteach ar cothromaíocht an dúlra sa tír.
    Ba cheart dúinn féachaint ar sampla an Astráil – bíonn díon-seiceáil ar gach mála agus gach pacáiste (boinn na bróga fiú) a thagann isteach sa tír sin le haghaidh nithe ionracha.