Tá muid ag súil go mór leis!’ a deir Paramount Pictures faoi Spongebob as Gaeilge

Tá an leagan Gaeilge de Spongebob á chur ar fáil ag Paramount i gcomhar le TG4 atá ag craoladh an chartúin ar a bhfuil an scannán bunaithe ón mbliain 2000.

Screen Shot 2015-02-25 at 01.33.40
Leathanach Facebook Paramount Pictures.
Tá fógra Gaeilge curtha ag Paramount Pictures ar a leathanach Facebook don scannán nua SpongeBob an Scannán: Spúinse as Uisce .
Ba tráthnóna inné a chuir an comhlacht an teachtaireacht Ghaeilge ar a leathanach facebook a bhfuil os cionn 8 milliún ‘like’ aige.
‘We’re excited to announce SpongeBob and friends will be arriving in our cinemas as Gaeilge! Tá muid ag súil go mór leis!’ a dúirt Paramount Pictures sa teachtaireacht a foilsíodh in éineacht le póstaer don leagan Gaeilge den scannán nua.
Is léir gur bhain an teachtaireacht siar as roinnt daoine a d’fhág trácht faoin bhfógra.
“Not one person on this earth will watch it in Irish,” a dúirt Jordan O’ Connor ague gan mórán dóchais aige, is cosúil, go mbeidh rath ar an leagan Gaeilge den chartún cáiliúil ag an ‘box office’.
“Whats next? transformers 5 in irish?” a d’fhiafraigh fear eile a d’fhág trácht faoin dteachtaireacht.
Chuir daoine fáilte roimh an scéal.
“Beidh muid ann,” a dúirt Lorcán Mac Gabhann, Stiúrthóir Glór na nGael.
Seo an chéad uair a thaispeánfar fadscannán Gaeilge do ghasúir mar seo i bpictiúrlanna.
 
Tá an leagan Gaeilge de Spongebob á chur ar fáil ag Paramount i gcomhar le TG4 atá ag craoladh an chartúin ar a bhfuil an scannán bunaithe ón mbliain 2000. 

Fág freagra ar 'Tá muid ag súil go mór leis!’ a deir Paramount Pictures faoi Spongebob as Gaeilge'