Ní hionann vótáil i dtoghchán agus earraí a cheannach i siopa. Is léir an difríocht cé nach gcuimhnítear air i gcónaí: níl dualgas ar dhuine ar bith ná ar pháirtí ar bith vótálaí a shásamh.
Mura bhfeicimid earra a theastaíonn uainn, nó raon tarraingteach earraí, i siopa nó ar shuíomh gréasáin cuardaímid in áit éigin eile. Ní féidir le gnó ár rogha a theorannú toisc nach féidir iachall a chur orainn rogha a dhéanamh in ionad amháin seachas ionad eile.
Tá go leor daoine míshásta leis an toghchán uachtaránachta toisc nach leor dar leo líon ná caighdeán na n-iarrthóirí a vótálfar dóibh Dé hAoine seo chugainn, lá na vótála.
Faraor, níl leigheas ar a míshásamh ar fáil. Ná malairt rogha má fhágtar na staonadh as an áireamh agus rud an staonadh ó vótáil nach ndearna an scríbhneoir seo riamh.
Is féidir a bheith réasúnta cinnte gur le staonadh a chuirfidh an móramh a míshásamh nó a neamhspéis in iúl Dé hAoine. Cuimhnigh nár vótáil ach 44 faoin gcéad sa toghchán uachtaránachta in 2018 – toghchán ina raibh seisear iarrthóirí san iomaíocht, an tUachtarán Ó hUigínn ina measc. Is léir an baol mar sin go mbeidh an céatadán vótála níos ísle an babhta seo
Tá vóta millte molta ag mórán chun míshásamh leis na hiarrthóirí agus/nó leis an toghchán a léiriú ar dhóigh níos láidre. Thug 6% de na daoine a cheistigh pobalbhreith Ipsos/B&A don Irish Times Dé Céadaoin go bhfuil vótáil dá leithéid beartaithe acu.
Is ionann agus rogha dháiríre, áfach, an dá sheift – staonadh agus milleadh – a mholtar chun rogha a sheachaint. Toghfar uachtarán Dé hAoine seo chugainn. Ní bheidh tionchar dá laghad ar an toradh ag vótaí nach n-úsáidfear nó nach n-úsáidfear ach amháin chun míshásamh a léiriú.
Beidh tionchar gan dabht ag vóta gearáin ar thoradh an toghcháin agus ní tearc na cúiseanna a spreagfadh a leithéid. Míshásamh leis an mbuiséad nó leis an gcostas maireachtála, nó le cealú an ghlais faoi thrí ar ár neodracht nó le ganntanas tithíochta nó leis an gcáin réadmhaoine aitiúil, gan trácht ar charn ábhar míshásaimh eile.
Más ar bhonn gearáin agus ar an mbonn sin amháin a vótálfaidh daoine áirithe, beidh neamhaird á tabhairt acu ar ghradam agus ar ghnó an uachtaráin. Ní deis gearáin ach ceapachán tábhachtach náisiúnta agus téarma oifige seacht mbliana atá i gceist.
Bheadh vóta agóide intuigthe dá mbeadh sé bunaithe ar thuairim go dteastaíonn uachtarán a bheadh toilteanach labhairt go láidir in aghaidh chinedhíothú Iosrael in Gaza, ach arís ní cóir dearcadh iarrthóra ar ábhar amháin a scaradh amach óna cháil agus a chumas iomlán.
Ní vótálann an scríbhneoir seo riamh ach oiread i dtoghcháin uachtaránachta chun tacaíocht a thabhairt do rialtas ná do pháirtí ar bith atá i mbun rialtais ná sa bhfreasúra. Ní theastaíonn ach slat tomhais amháin: cé a bheadh níos oiriúnaí mar uachtarán, Catherine Connnolly nó Heather Humphreys?
(Fágaim ‘iarrthóir’ Fhianna Fáil as an measúnú seo, ó tharla nach féidir ciall iomlán a bhaint as vóta dá leithéid seachas mar vóta a léiríonn gurb é an dara rogha an rogha dháiríre.)
Ní dheimhníonn toghchán daonlathach deis do vótálaithe iarrthóirí den scoth a thoghadh. Níl romhainn Dé hAoine mar sin ach vótáil don iarrthóir is fearr nó, lena rá ar dhóigh eile, vótáil d’iarrthóir nach bhfuil chomh lochtach, chomh lag nó chomh liopasta leis an iarrthóir eile.
Tabhair rogha an dá dhíogha ar rogha dá leithéid más maith leat, ach níor ghlac an scríbhneoir leis riamh agus é i mbun vótála go raibh díogha amháin chomh dona leis an díogha eile.
Níltear ag fiafraí dínn sa toghchán dáiríre an mbeadh muid sásta le Heather Humphreys nó le Catherine Connolly mar uachtarán. Sí an cheist a fhreagróidh an vótálaí seo agus go leor vótálaithe eile: ciacu a shílim is lú a spreagfaidh míshásamh, imní nó éiginnteacht le linn tréimhse seacht mbliana in Áras an Uachtaráin?
Is leor an cheist a réiteach chun rogha a dhéanamh Dé hAoine. Is suarach an rogha í b’fhéidir ach is furasta é a dhéanamh.
Snt
Catherine Connolly an duine is fearr den bheirt.
Pól Réamonn
Is léir gurb í Catherine Conolly an rogha is fearr.
Seán Ó Piarda
‘An Fraoch’ do rogha mar sin, is léir, fraoch flannbhuí.
Traolach
Aontaím leis an mbeirt eile. Sí Catherine Connolly an bhean is fearr.
Gearóid de Grás
Eisiach!
Táthar i ndiaidh teacht ar thaifead scoile d’agallamh le Catherine Connolly ina deir sí nach gcreideann sí i nDaidí na Nollag. Bhí sí sé bliana déag ag an am agus deir Heather Humphries go gcaithfidh Catherine Connolly míniú a thabhairt ar an ráiteas sin agus caithfidh sí a shoiléiriú an bhfuil sí den tuairim chéanna i gcónaí. Deir Heather Humphries go gcreideann sí go láidir i nDaidí na Nollag agus go dtaitníonn an Nollaig léi níos fearr ná am ar bith eile sa bhliain toisc go dtugann Daidí na Nollag cuairt ar na hionaid siopadóireachta ar fad ina éide oráiste le croíthe pháistí na hÉireann a ghealadh. Is í an chuimhne is fearr atá aici féin ná a bheith ina suí ar ghlúin Dhaidí na Nollag ina chulaith oráiste nuair a lig sé di a bheith ag súgradh lena bhabhlaer agus a scáth fearthainne dubh. Deir sí go bhfuil sé i gceist aici nuair a thoghfar í, cuireadh a thabhairt do Dhaidí na Nollag agus do pháistí uilig na hÉireann a bheith ag súgradh san Áras agus an dath oráiste in airde i ngach áit. Ach tá ceisteanna le freagairt ag Catherine Connolly maidir lena dearcadh ar Dhaidí na Nóllag, a deir sí, fear a chaith go maith le páistí na hÉireann i gcónaí. Ní ceart duine a thoghadh mar Uachtarán ar an tír seo a chuirfidh olc ar an gcara is mó atá againn.
Dúirt an tAire Oideachais, Helen McEntee, go gcreideann sí go bhfuil folláine pháistí na hÉireann ríthábhachtach agus gur léir go mbeidh drochthionchar ar mheabharshláinte ár bpáistí má thoghtar Catherine Connolly. Chuala mé Catherine Connolly ag rá nach mbeidh aon leisce uirthi labhairt amach, a deir McEntee, agus níl dabht ar bith ann ach go scaipfidh sí a cuid tuairimí radacacha faoi Dhaidí na Nollag le páistí na hÉireann a scanrú.
Dúirt an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, gur masla é dearcadh Chatherine Connolly do gach duine a dtaitníonn an dath oráiste leo. Dúirt sí go maisíonn sí féin agus a fear céile a dteach mór ó bhun go barr le maisiúcháin oráiste gach Nollaig agus gur minic go bhfágann siad na maisiúcháin chéanna ar crochadh i rith na bliana ar fad. Dúirt sí nach í Catherine Connolly an t-aon déagóir ar an taifead scoile sin a dúirt nach gcreideann siad i nDaidí na Nollag agus go bhfuil an chuma ar an scéal go raibh grúpa de radacaithe á eagrú ag Catherine Connolly i measc na gcailíní sa scoil sin. Dúirt sí go gcaithfidh Coimisinéir na nGardaí an scéal sin a fhiosrú ar bhonn práinne.
Dúirt an Taoiseach, Mícheál Martin, go nglacann sé go huile is go hiomlán lena bhfuil a rá ag urlabhraithe Fhine Gael agus go bhfuil iallach ar gach bhall d’Fhianna Fáil tacaíocht a thabhairt do Dhaidí na Nollag toisc gur léir go bhfuair ceannairí Fhianna Fáil mar Charlie Haughey agus Bertie Ahern bronntanais ollmhóra uaidh sna blianta a d’imigh thart.
Ní dúirt Jim Gavin ná Mary Lou McDonald rud ar bith – faic na ngrást.
Beircheart
Aontaím leis an dtriúr eile. Catherine Connolly an rogha is fearr