Tá mealladh ag baint le hiarsmaí Inceacha agus Ultacha araon

Is é an donas a bhaineann le haibhneacha nach sníonn siad i gcónaí sa chúrsa chuí. Ní hamhlaid le canáil…

Tá mealladh ag baint le hiarsmaí Inceacha agus Ultacha araon

Shiúil deirfiúracha de mo chuid i measc iarsmaí na nInceach i Machu Picchu. Caithfidh mise mé féin a shásamh le hiarsamí Chanáil an Lagáin ar na laethanta seo. Thart faoi 270 bliain ó shin a tosaíodh an obair ar an chanáil seo in Éirinn aontaithe faoi choróin na Breataine. Bealach iompair a bhí ann, bealach a bhí bunaithe ar an chóras iompair ba shine; aibhneacha agus lochanna. 

Is é an donas a bhaineann le haibhneacha, ámh, nach sníonn siad i gcónaí sa chúrsa chuí. Tógadh an chanáil seo le hearraí a thabhairt as Béal Feirste chun an locha agus, ina dhiaidh sin, siar nó ó dheas. Agus tú ar an loch, d’fhéadfá do bhád a thiontú i dtreo Phort an Dúnáin agus na Banna agus ó Phort an Dúnáin chun an Iúir agus ó dheas go Baile Átha Cliath. Seanbhealach an uisce chun na gealchathrach.

Bhain pobal na tuaithe abhus úsáid as an chanáil le móin fhliuch an locha agus le prátaí a chur soir ar ais chun na cathrach. Bhí airgead le saothrú as an chanáil ar feadh tamaill fhada, ag saibhir agus ag daibhir.

Níorbh é Canáil an Lagáin an t-aon chanáil a tógadh abhus ach an oiread. Tógadh canáil i dTír Eoghain fosta, ceann beag le gual a thabhairt as an chontae sin isteach sa loch agus ón loch go Baile Átha Cliath, is é sin, san am a raibh luach ar ghual I dTír Eoghain. (Tá neart guail ann go fóill, creid é nó ná creid.) Measadh ag an am gur saoire é ná gual a thabhairt anall as Sasana. Sin agat trádáil uile-Éireann.

Ní raibh tú ag súil go mbeifeá i gcuideachta na nInceach nó go mbeifeá ag caint ar ghual Thír Eoghain inniu? Ná mise. B’fhéidir gurb é ceann de na buanna is mó atá leis an rud a tógadh, go gcuireann an rud fisiciúil i gcuimhne dúinn na daoine a mhair, an obair a rinne siad agus an tionchar a bhí ag an obair sin orainn.

‘Lighters’ a thugtaí ar bháid bheaga na canála; is dócha gur ‘báirse’ a thabharfaimis orthu sa lá atá inniu. An cosán ar a bhfuilim ag siúl inniu, an cosán ar a mbíonn pobal an cheantair seo ag siúl go minic anois, ba fá choinne caiple a tógadh é. 

Ar chrann an chapaill a thit sé na báid a tharraingt an 25 áirithe míle anoir as an chathair chun an locha. Ag coisithe agus madaidh atá úinéireacht an chosáin anois ach feiceann tú rian na gcrúb go fóill, geataí faoi na droichid le go mbeadh cead a gcinn acu. Ní thiocfadh le capall bád a tharraingt an bealach seo a thuilleadh nó tá bruacha na canála tachta ag luachra agus saileacha. 

Do bharúil, ar lig na caiple osna nuair a chonaic siad Loch nEathach sa deireadh, gur tuigeadh dóibh go mbeadh sos le fáil ó ualach na mbád? Ar tháinig líne cháiliúil sin Xeineafóin as croí eich: ‘Thálatta! Thálatta!’ – An fharraige! An fharraige! – agus a n-aistear ón chathair críochnaithe; don lá sin ar a laghad ar bith. 

Tá rian na gceardaithe le feiceáil ar an chuid bheag seo den chanáil go fóill; tá loc gan úsáid ann – ‘thóg an fear seo loc’; tá obair chloiche den scoth ann agus ráillí dubha iarainn ina seasamh ar imeall na canála le cosaint a thabhairt d’fhear agus do chapall de réir mar a líon an t-uisce an loc. 

Tugann gach aon rud a sheal, mar sin féin. Thug an traein dúshlán na canála ar dtús agus thug an gluaisteán dúshlán na traenach ar ball. Tá na trí chuisle sin le feiceáil go soiléir sa cheantar seo; thiocfadh leat siúl ón chanáil go dtí an líne traenach go dtí an mótorbhealach. 

Is é an mótorbhealach a thug bás na canála sa deireadh. Carnadh créafóg an bhealaigh úir isteach sa chanáil agus múchadh cuid mhór mhaith dá bruacha. Bhris an carr an nasc a cheangail an loch le hAchadh Gallán, Achadh Lí, Maigh Rath, Lios na gCearbhach agus Béal Feirste.

Ní thig le duine, deoraí, báirse ná capall a mbealach a dhéanamh chun na cathrach anois. Díoladh an talamh diaidh ar ndiaidh nó ní raibh airgead le baint as an uisce a thuilleadh. ‘Dul chun cinn’ a tugadh air sin ag an am. Is léir don dall anois gur botún a bhí ann. Sea, ní thiocfadh leat airgead a dhéanamh as an chanáil. Tuigeann gach aon duine sin. Ach nach trua gur caitheadh an obair a rinneadh le córas ar leith iompair a fhorbairt, gur caitheadh an obair sin i dtraipisí, nach ndearnadh iarracht an obair a chaomhnú – mar a chaomhnófá caisleán nó teach mór galánta? 

Tá caint ann ar an chanáil a athoscailt. Amach anseo. Beidh le feiceáil.

Idir an dá linn, scéal iarsmaí agus iarsmaí eile atá ann.

Fág freagra ar 'Tá mealladh ag baint le hiarsmaí Inceacha agus Ultacha araon'