Tá guth-aithint an Bhéarla ag déanamh Béarlóirí de Ghaeilgeoirí, mé féin ina measc!

Is gá go mbeadh na huirlisí cearta digiteacha ar fáil i nGaeilge má táthar chun borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge

Tá guth-aithint an Bhéarla ag déanamh Béarlóirí de Ghaeilgeoirí, mé féin ina measc!

Tá sé tráthúil go bhfuil muid ag tús bliana, in Eanáir 2018 mar tabharfaidh sé comhthéacs ama, túsphointe más maith leat don ábhar atá faoi chaibidil agam.  Tá an staduaireadóir agus an clog ag tosú anois ar cheist ollmhór do thodhchaí labhartha na Gaeilge.  ’Sé sin, cén uair a bheidh Guth go Téacs  ar fáil dúinn as Gaeilge? Is alt i Tuairisc.ie inné a spreag an t-alt seo.  Rinne Tuairisc cur síos ar a laghad díospóireachtaí as Gaeilge atá sa Dáil. 

Is 0.5% an figiúir a luadh.  Creidimse, go bhfuil míniú an-simplí ar cheann de na cúiseanna leis an staitistic sin.  Tá an-chuid daoine, Teachtaí Dála, ina measc ag úsáid gléasanna aitheanta gutha Siri, Alexa, agus pacáistí nach iad chun ábhar scríofa a ghiniúint…as Béarla.  Má tá Iphone nó fón glic agat tá sé fíor-éasca deachtú a dhéanamh leis agus de réir mar atá tú ag caint tá sé ag scríobh amach do chuid focal as Béarla agus é measartha cruinn. Aimsigh an micreafón beag ar an méarchlár agus beidh tú i measc lucht deachtaithe… an Bhéarla. Go bhfóire Dia orainn, tá guth-aithint an Bhéarla ag déanamh Béarlóirí de Ghaeilgeoirí, mé féin ina measc!

Ní dóigh liom go bhfuil tuiscint cheart ag pobal na Gaeilge, agus lucht pleanála teanga go sonrach, ar an díobháil atá na pacáistí Béarla seo, a dhéanamh d’úsáid na Gaeilge.  Tá sprioc ag an rialtas líonmhaireacht úsáideoirí na Gaeilge a mhéadú sna blianta beaga atá romhainn amach.  Beidh sé fíordhúshlánach é sin a dhéanamh mura mbíonn na huirlisí cearta digiteacha ar fáil. Tá daoine ar m’aithne gur Gaeilgeoirí líofa agus ó dhúchas iad ag dul i dtuilleamaí na mbogearraí seo chun ábhar scríofa Béarla a ghiniúint agus a tháirgeadh. Gan fiacail a chur ann, tá sé fíor-fíorthábhachtach don Ghaeilge go mbeadh a macasamhail de bhogearraí ar fáil sa Ghaeilge gan mhoill. Tá práinn mhillteanach ag baint leis an mbearna teangeolaíochta seo a dhúnadh.

Nílim ag rá nach bhfuil aon aird air seo mar shaincheist, mar tá daoine díograiseacha i gColáiste na Tríonóide, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair ar an easnamh seo faoi láthair.  An rud atá ag déanamh imní domsa ná an luas ag a dtiocfaidh an leigheas nó an t-amscála a thógfaidh sé an leigheas a fháil.  Tá comhlachtaí príobháideacha amhail Nuance (Dragon Dictate) sásta tabhairt faoi obair den saghas seo ar chostas ach meastar nach mbeadh an pacáiste a bheadh ar fáil óna leithéid sách cuimsitheach.   Le fírinne, is cuma liomsa cé a chuirfidh an pacáiste ar fáil, fhad is go mbeidh sé ar fáil go luath, nó mar a deirtear, “inné”.  Pé faoi nó fúithi atá an bhreith, impím go gcuirfí an maoiniú cuí laistiar de Guth go téacs as Gaeilge, láithreach.

Mura bhfuil aon rún (diamhair) eile agat do 2018, úsáid do thionchar agus do ghuth chun fadhb seo an easnamh Guth go téacs as Gaeilge a leigheas!

Fág freagra ar 'Tá guth-aithint an Bhéarla ag déanamh Béarlóirí de Ghaeilgeoirí, mé féin ina measc!'